AR NA SAOLTA SEO
Fiche Bliain ag Spalpadh Gaeilge
Alex Hijmans Alex Hijmans Alex Hijmans

Tharla go bhfuil fiche bliain slánaithe ag Alex Hijmans i saol na Gaeilge, mheas sé go mbreathnódh sé siar ar a scéal mar dhuine ón taobh amuigh a tholg galar na Gaeilge.

Íomhá
Reachlainn Uí Bhirn ag Gleann Cholm Cille & cósta Mhaigh Eo
Íomhá
Na blianta siar, James Byrne i mbun ceoil sa Ghleann
Íomhá
Bananaphoblacht
(le Ventdroit ar Flickr)
Íomhá
Buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 04, Cafe Bananaphoblacht
(le gleg.ie)
Íomhá
Ceann Ghlinne, Gleann Cholm Cille

Rith sé liom, agus mé ag ní na ngréithre an tseachtain seo, go bhfuil fiche bliain glan ann ó d’fhoghlaim mé mo chéad abairt i nGaeilge.

“Dia duit,” a dúirt an múinteoir.
“Dia is Muire duit,” a d’fhreagair an rang.
“Dia is Muire duit is Pádraig,” a dúirt an múinteoir.
“Dia is Muire duit is Pádraig is Naomh Columba,” a d’fhreagair an rang, óir bhí muid i nGleann Cholm Cille.

Samhradh na bliana 1993 a bhí ann; caint gan stad gan staonadh sa teach lóistín ina raibh mé ag fanacht faoi ráfla go gcuirfí tús go luath le cainteanna síochána i dTuaisceart Éirinn. Ba bheag suime a bhí agamsa, buachaill ocht mbliana déag d’aois as an Ollainn, sa chaint seo. Bhí suim agam sa leacht dubh Tigh Robhartaigh agus sa teanga a bhí á foghlaim agam cúpla céad slat siar an bóthar, ag Oideas Gael.

D’aon ghnó a luaigh mé ag barr an ailt seo gur le linn dom a bheith ag ní na soithí a rith sé liom gur ball de phobal na Gaeilge mé le scór bliain anuas an samhradh seo – mar is rud é mo bhallraíocht sa phobal seo atá chomh nádurtha dom nach gcuimhním air ar chor ar bith de ghnáth.

Ach thiar i 1993 b’ábhar iontais a bhí sa bhuachaill Ollainneach i measc na bhfoghlaimeoirí eile sa rang, toisc nach raibh ceangal fola ná eile agam le hÉirinn. Cuireadh an cheist orm an uair sin agus cuireadh orm céad míle uair ó shin í: “Cén fáth ar theastaigh uait an Ghaeilge a fhoghlaim?” Tá freagraí éagsúla ar an gceist sin, ach an ceann is simplí ná ‘toisc gur theastaigh uaim.’

Fostaíocht

Buachaill rud beag ceanndána a bhí ionam, ceart go leor. Is cuimhin liom go maith nár cheap m’athair ag an am go mbeadh aon mhaith sa Ghaeilge dom go proifisiúnta. Ní toisc gur teanga mhionlaithe í, ach toisc gur duine ón iasacht a bhí ionamsa. “Dóibh féin amháin a thabharfaidh muintir na hÉireann pé postanna a bhíonn le fáil,” a dúirt sé.

Bhí dul amú air. Bhí an Tíogar Ceilteach ann, ar ndóigh – thosaigh sé sin ag búireach faoin am ar chríochnaigh mise mo chéim ollscoile – ach níor fhulaing mé aon leatrom fostaíochta (nó eile) ó mhuintir na hÉireann riamh. A mhalairt.

Sin ráite, fiche bliain ó shin, ní fhéadfainn féin a shamhlú ach an oiread go mbeadh postanna agam i gceithre cinn de sheomraí nuachta Gaeilge agus go scríobhfainn ceithre leabhar sa teanga – gan trácht ar chaife dátheangach, Bananaphoblacht, a rith.

An Réadúlacht

Más abhóg éiginnte a bhí sa chúrsa Gaeilge úd i nGleann Cholm Cille (agus sna cinn a rinne mé an dá shamhradh ina dhiaidh) bhí dóchas ag baint leis freisin. Cosúil le cuid mhór foghlaimeoirí bhí aislingí ábhairín míréadúla agam ag an am faoi athréimniú na Gaeilge mar phríomhtheanga na hÉireann agus a leithéid. Is cuimhin liom go ndúirt Liam Ó Cuinneagáin, stiúrthóir Oideas Gael, linn ag an am gur ábhar ceiliúrtha a bheadh ann dá bhféadfaí an méid Gaeilge a bhí fágtha in Éirinn an tráth sin a choinneáil beo.

Teachtaireacht rud beag ghruama ach stuama a bhí sa mhéad seo d’fhear óg a mbíodh brionglóidí lae aige faoi thodhchaí gheal Ghaelach. Ach ag an am céanna, i ngan fhios dó féin, thug Liam sampla dom de cad is féidir le duine a bhaint amach má chuireann sé croí agus anam isteach i gcúis, i dtogra saoil.

Dhá chúrsa samhraidh eile a rinne mé ag Oideas Gael sular thug idirmhalartú ollscoile a fhad le Gaillimh mé, áit a mbeadh cónaí orm ar feadh an chuid ba mhó den dhá bhliain déag a chaithfinn in Éirinn ina dhiaidh sin. Tháinig blas an iarthair ar mo chuid Gaeilge, ach go dtí an lá atá inniu ann tá daoine ann a chloiseann iarsmaí ón nGleann ar mo chuid cainte. Sampla amháin: cé go raibh mé ‘sa bhaile’ i nGaillimh, ní dhéarfainn go brách go raibh mé ‘sa mbaile’ ann, mar a déarfadh muintir na háite.

Áiféis a bheadh ann a rá gurb é Gleann Cholm Cille mo ‘bhaile’ in Éirinn, toisc nach bhfuil aithne agam ach ar bheirt nó triúr san áit. Ach mothaím ceangal láidir leis an nGleann toisc gurbh ann a cuireadh tús leis an gcaidreamh saoil atá agam leis an nGaeilge. Ceangal, táim cinnte, a mhothaíonn na mílte daoine ar fud na cruinne.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex Hijmans a bhfuil cónaí air sa Bhrasaíl. Tá an leabhar is déanaí uaidh, ‘Splancanna ó shaol eile’ (Cois Life), ar fáil ó An Siopa Gathering

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.