An duine óg, fuinniúil, siúlach, a cailltear i dtaisme bóthair is nach n-áirítear go hoifigiúil ach mar mhír staidrimh, mairfidh cuimhne ar a láiche is ar a luach go brách i measc a muintire féin, ní a thuigeann Máiréad Uí Shúilleabháin, comharsa Catherine Foley.
Abair liom mar gheall ar d’athair. Bhí an-cháil air mar ealaíontóir agus mar scríbhneoir sa cheantar seo agus lasmuigh chomh maith.
Bhí an-chruthaíocht ag baint leis i gcónaí. Liam Ó Míodhacháin ab ainm dó, as Tuar na Bó Báinne, áit atá gairid don Chlais Mhóir in iarthar Chontae Phort Láirge. Thart ar 1920 fuair sé obair mar bhainisteoir ar Chomharchumann na Rinne, nó ar An Stór, mar a ghlaodh gach aoinne air i gcónaí.
Bhuaigh sé duaiseanna ag an Oireachtas dá scríbhneoireacht. D’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge i gConradh na Gaeilge. Scrígh sé an-chuid leabhar agus dhein sé an-chuid rudaí i nGaeilge. Scrígh sé ‘Saibhreas Mháire Mhór’, aistriúchán ar The Riches of Mrs Mullooney le W. J. Carey. Bhí sé an-mhaith ar an líníocht Cheilteach. Dhein sé an scríbhneoireacht in adhmad atá taobh thíos de na pictiúirí i Staisiún na Croise sa séipéal, sa Rinn. Dhein sé iad san, agus dhein sé an scríbhneoireacht atá ar an leacht cuimhneacháin i gCeann Heilbhic.
Agus do mháthair?
Tháinig mo mháthair as Baile Néibhin i gCarraig na Siúire. Bhí mo mháthair ciúin, agus bhí sí ard. Bhí sí ag obair mar bhean an tí sa choláiste nuair a bhuail sí le m’athair. Úna Ní Dhruacháin an t-ainm a bhí uirthi. Phósadar agus thógadar an teach thuas ar Bhóthar na Sop. Táimid anseo sa Rinn ó shin ins na Déise. Sea, is ansan a d’fhás mé mar a deir tú, ag féachaint trasna chuan Dhún Gharbhán ar Shléibhte an Chomaraigh. Bhí triúr againn ann, mise agus mo dheartháir Éamonn agus mo dheirfiúr, Máire.
Saol na Feirme
Tá do mhac Shane sa bhaile anois, ach an mbíonn tú uaigneach babhtaí anseo leat féin ar an bhfeirm, a Mháiréad?
Níl am agam a bheith uaigneach mar b’fhearr liom a bheith ag déanamh ruda i gcónaí. N’fheadar mé cá dtéann an t-am. Sin mar a bhíonn. Nuair a gheobhaidh mé dul amach sa ghairdín, tá mé sásta. Bhí mé amuigh ann fér tháinig tú inniu.
Bhíodh Mícheál, m’fhear chéile, i gcónaí ag obair ar an bhfeirm. Sin é an rud a bhain dó sa deireadh, dhein sé an iomarca. Bhí sé seasca naoi nuair a fuair sé bás. Cúpla uair bhí sé san ospidéal agus dúirt mé leis stopadh. “Dé chúis nach stopann tú?” a dúirt mé leis. Ach ní raibh aon mhaith a bheith ag caint. Bíonn daoine mar seo agus daoine mar siúd.
Thaitin an fheirm leis na bpáistí ag fás aníos anseo mar bhídís i gcónaí ag obair ar an bhfeirm ag tiomáint na dtarracóirí agus mar sin de. Níl ach cúpla páirc thíos ansan agus tá an fharraige ann agus bhí sé de nós acu dul ag snámh i rith an tsamhraidh. Tá tráigh álainn againn thíos ansan. Théimis síos ansan. Tá slí síos ann agus tá sé saghas príobháideach. Tá gaineamh ann agus gheofá pé rud is maith leat a dhéanamh ann.
An Chiotrainn
Abair liom mar gheall ar Dherval, d’iníon atá imithe ar Shlí na Fírinne? Bhí Derval saghas cosúil liomsa i slí mar ba mhaith léi an stíl agus ba mhaith léi a bheith ag dathadóireacht chomh maith. Gheobhadh sí aon rud a dhéanamh lena láimh chomh maith. Tá cúpla pictiúr agam a dhein sí. Bh sí tríocha dó nuair a cailleadh í. Bhí sí óg. Bhris sé mo chroí. Dhein, mar shíl mé go raibh sí ar an duine ba láidre. Cheap mé go raibh sí doscriosta.
Bhí sí mar chúlóg ar an ngluaisrothar nuair a tharla an chiotrainn ar an mbóthar. Cailleadh triúr acu an oíche sin. Bhí dhá ghluaisrothar i gceist. Níor mhair Derval ar feadh i bhfad. D’imigh sí láithreach agus nach iontach gur tháinig sagart ar an gciotrainn agus bhí a dheirfiúr pósta le Mícheál Ó hArtaigh ón Seanphobal agus saghas gaoil dos na Súilleabhánaigh is ea na hArtaigh agus dúirt a bhean liom gur tháinig an deartháir, an sagart, ar an gciotrainn. Is dócha gur thug sé sin sólás éigin dúinn.
Bhí sí amuigh ins an Astráil roimhe san ag eitilt agus ag baint lán sásaimh as an saol. Bhí an-spiorad aici. Bhí Sheena, m’iníon eile, pósta ag an am agus bhí a hiníon sé seachtaine nuair a fuair Derval bás. Bhí Sheena ina peata ag Mícheál, ach bhí an-cheangal idir mé féin agus Derval. Bhíomar an-dlúth lena chéile, Derval agus mé féin.
Tharla sé thuas i gCorcaigh ar an link road, an ceann nua. Bhí an bóthar dúnta ón dá thaobh mar bhí saghas ráis nó rud éigin ar siúl ann agus pé maor a bhí ar an taobh san, lig sé isteach leaid amháin agus an pé maor a bhí ar an dtaobh so, ligeadar isteach Derval agus an fear a bhí ag tiomáint.
Ní raibh sí pósta agus ní raibh aon boyfriend aice. Sin mar atá. Ba bhreá léi an post a bhí aice. Innealtóir i Millipore i gCorcaigh ab ea í. Dhúnadar an áit ar lá na sochraide.
Chuaigh sí suas in eitleán ag foghlaim conas é a thiomáint. Thriail sí an-chuid rudaí. Nuair a bhí sí san Astráil chuaigh sí amach san iargúil ach tháinig sí thar n-ais agus bhí sí ceart go leor. Uaireanta airíonn tú rudaí mar sin faoi dhuine a bhí, b’fhéidir sé bliana déag nó mar sin, atá tar éis an-chuid rudaí a dhéanamh ins na cúpla bliain a bhí aige.
A Mháiréad, go raibh míle maith agat as an gcomhrá. Tá mé thar a bheith buíoch díot. Tá fáilte is fiche romhat, a Catherine.
Is sliocht as comhrá an t-alt seo, comhrá a eagraíodh mar chuid de thogra dar teideal Mná na nDéise atá ar siúl ag Catherine Foley faoi scéim sparánachta d’ealaíontóirí faoi choimirce Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon.