Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #149 · MEÁN FÓMHAIR 2013
Íomhá
AGALLAMH BEO
Seosamh Mac Muirí

Chas Seosamh Mac Muirí le hÍte Ní Chionnaith a bhfuil taithí na mblianta aici ag léachtóireacht sna meáin chumarsáide in ITBÁC. Iareagarthóir Feasta, iar-Chathaoirleach Oireachtas na Gaeilge agus iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, is cinnte go bhfuil tuairim le roinnt aici.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Tá neamhaird iomlán á tabhairt ag staraithe ar fhoinsí i nGaeilge dar le Breandán Delap. Is ionann is scéal ruin achan ní a scríobhadh i nGaeilge ó bhunú an stáit anuas.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Brian Ó Broin

Más stócach gorm thú a chaitheann cochall, tá tú ag siúl ar thanaí i roinnt áiteanna i Meiriceá. Chaith Brian Ó Broin súil ar roinnt fíricí de scéal tubaisteach Trayvon Martin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bearnaí Ó Doibhlin

Deirtear nach bhfuil in aon ní ach seal. Feiceann Bearnaí Ó Doibhlin an t-an-mheas in áit an ainmheasa ag muintir na hAstráile orthu féin. Tá rotha mór an tsaoil tiontaithe.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Alan Desmond

Tá Alan Desmond den bharúil go mb’fhéidir go bhfeicfimid roinnt na córach i réimsí na himirce faoi dheireadh má éiríonn le cruinniú áirithe sna Náisiúin Aontaithe an mhí seo chugainn (DF).

»»»
Íomhá
TEANGA AGUS CULTÚR
Diarmuid Johnson

Más lag lúbach an teanga seo mar a labhraítear in Éirinn í, ghlac Diarmuid Johnson misneach ón saibhreas agus ón gcruinneas urlabhra a mhothaigh sé i dTrier na Gearmáine an mhí seo caite.

»»»
CÚINNE NA nEALAÍON/AG LÉAMH DOM
John Paul McCarthy

Chonaic John-Paul Mc Carthy lón machnaimh i leabhar le Louis de Paor a chíorann aigneolaíocht Mháirtín Uí Chadhain.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Foilsíodh i mí Iúil ‘Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn’ atá déanta maidir le feidhmiú an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go mbeadh sé níos ionraice tuarascáil a chur ar fáil faoin ‘Dul ar gcúl’ i saol na Gaeilge le trí bliain anuas.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Is coisíocht ar leith í coisíocht i gcomórtas ar nós rás an tsiúil. Is é spórt an tsiúil ceann de na spóirt is deacra agus is crua dá bhfuil ann dar le Colm Mac Séalaigh.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Nocht Tony Birtill a chroí (agus tuilleadh, tráth dá raibh) san alt seo i ndiaidh dó casadh leis an aisteoir Carrie Crowley i nGleann Cholm Cille i ndiaidh blianta fada.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Chuaigh Balor go nimhe neanta caol gach díreach i ndiaidh ceannaire an Lár-Ghníomhaíocht Faisnéise i Ros Comáin lena chiapadh le ceisteanna.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Tá méid nach beag le foghlaim ag an phobal trí chéile dar le Ciarán Mac Aonghusa. Go dtí go bhfaighfear léirstean fónta go forleathan ar ghnóthaí geilleagair, is ag únfairt thart a bheas an córas daonlathach.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Maraítear iad nó bagraítear a leithéid orthu, ach coinníonn siad orthu ar son na cúise. Ní ceird í an iriseoireacht a réiteodh le gach éinne, Ach is ceird í a thuigeann Robert McMillen.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Daragh Ó Tuama

Bhraithfeá in amhras faoin tuairisc a thugann Daragh Ó Tuama ar an Alfa. Má chosnaíonn sí mórán, ba cheart gur bheagán áireamh a lochtanna, ach ní hamhlaidh atá.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Ní fios na deiseanna atá ag teacht ar an margadh lá i ndiaidh lae. Tá Roseanne Smith an-sásta le roinnt acu, le Raspberry Pi go háirithe agus tá súil aici lena hionad meáin féin amach anseo.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.