CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Alt Seafóideach Eile ag Éireannach Seafóideach Eile
Íomhá
An Dr. Bayda, Ollscoil Mhoscó, ar turas go hÉirinn
Íomhá
Leabhar Uí Chorráin & Maguire, Gaelic Personal Names
Íomhá
Giolla na Naomh, Mathghamhna, Tighearnán srl. RIA 23 D 17
Íomhá
Ainmneacha Gaeilge faoi ainriocht 'Bhéarla' 1602

Bhí na míreanna ag teacht aníos ar an Smutleabhar: deargmhasla agus drochmheas caite uair amháin eile ar dhream na Gaeilge ag an journal.ie a dúradh. Moladh dúinn an t-alt a léamh agus gearán a dhéanamh faoi. Bhí an-fhoireann daoine ag scríobh faoi ar leathanach ‘Gaeilge Amháin’ an Smutleabhair. Na gearáin a scríobh mé cheana, is cinnte nár léadh iad mar go raibh siad i nGaeilg. Ar chóir dom bacadh le ham a chur amú arís?

Má théim isteach ar an tsuíomh Bhéarla leis an alt a léamh ag an journal.ie, nach mbeidh mé ag cur le líon a gcuid léitheoirí? Ba leasc liom sin a dhéanamh. Bhí mé sásta leis na tuairiscí a bhí chugam ar leathanach ‘Gaeilge Amháin’. Ní bheadh an duine eile seo le háireamh i measc cuairteoirí an tsuímh. Choinnigh mé orm á sheachaint i rith na seachtaine, go dtí inniu. Ba léir láithreach go raibh an t-alt páistiúil agus go raibh sé leagtha amach go dona. Bhí an táiraigne go feiceálach ann ón chéad abairt. Sonraigh an tagairt do ’the Royal Baby’. AS THE WORLD waits with bated breath to see what name the Royal Baby ™ is given (or doesn’t, y’know that’s cool too), we thought it was the perfect time to reflect on the names we are all given by our parents. In Ireland, our names can cause us great difficulty when travelling abroad. It’s annoying. Sometimes though, an Irish name goes beyond that. Sometimes an Irish name is so awkward, even Irish people can’t manage it.

Leanadh ar aghaidh ansin ag maslú ainmneacha pearsanta Gaeilge. Tá an Seoiníneachas ceart go leor ina áit féin – i bhfad uainn - agus ní gá don chuid eile againn glacadh leis aníos faoin ghaosán, sna meáin chumarsáide. Sea, bhí ‘ga seá ionam féin ag fanacht’, más fior don journal.ie

Moladh

Is é a mholaim do dhuine a dhéanamh, in ionad a bheith ag gearán le dream ar cuma leo thú:

  1. Cláraigh le Gaeilge Amháin agus cuir leis an 2,500+ atá ann cheana féin. (Coinneoidh sé sin thú ó bheith ag cur amú do chuid ama ag amharc ar irisí Béarla ar an idirlíon.)

  2. Brúigh ‘Ní Maith Liom É Seo’ ar an Smutleabhar le haon fhoinse atá maslach le haicme daoinele daoine astu féin. (Indo agus journal.ie san áireamh sin, cinnte.)

  3. Ná bac le gearán a scríobh chuig aon nuachtán nó chuig aon iris a chaitheann go maslach le do theanga nó le do chúlra. Éirigh as a léamh láithreach agus mol an chéim chéanna do dhaoine eile.

  4. Tarraing chugat d’ainm, do shloinne agus do sheoladh sa bhunleagan Gaeilge amháin agus caith uait go brách aon leagan truaillithe. (Bhain náire do shinsir leis an leagan ‘Béarla’, mar dhea, na glúnta siar agus is fearrde thú d’uireasa an leagain truaillithe.)

  5. Má tá an spaga teann agat agus am le caitheamh, labhair le habhcóide agus tabhair caingean in aghaidh aon mheán cumarsáide a dhéanann beag is fiú díot mar gheall ar do chúlra, aicme, teanga/saíochta, creidimh nó ar aon bhun faoin ghréin. (Beidh siad níos cúramaí faoi stiall de do chraiceann an chéad iarraidh eile.)

An Dr. Victor Bayda

Nuair a thaispeáin Nuacht TG4 an Dr. Victor Bayda as Ollscoil Moscó ag trácht ar eachtra den chineál seo níos luaithe i mbliana, cheapfainn gur mheas móramh na nGael a chonaic é nach n-oibreodh an leigheas a bhí á mholadh aigesean. Mhol sé do mhuintir na Gaeilge in Éirinn dul chun caingne. Síleann lucht na Gaeilge, áfach, go dtuigeann siad na hÉireannaigh gan Ghaeilge a bhíos ag spochadh as an teanga seo agus as lucht a labhartha. B’fhearr dar leo, glúin eile a chaitheamh ag míniú dóibh agus a bheith á mealladh chun na Gaeilge.

Creidim gur ag an Dr. Bayda atá an ceart agus gur aige atá an ceart ar fad ar fad. Ní hiad lucht an díspeagtha an fhadhb i ndáiríre, Meyers, Mc Sharry nó eile, ach is iad muintir na Gaeilge féin nach amháin atá á cheadú, ach d’fhéadfaí a mhaíomh gur á mealladh atá siad chun a bheith ag maslú agus ag díspeagadh fúthu is tharstu faoi Ghaeilg agus faoi lucht a labhartha.

Má tharraingítear líne shoiléir, le dlí mar a mhol an Dr. Bayda, ní thrasnófar é go tráthrialta mar atá ag tarlú le blianta, go háirithe ó tháinig borradh faoin Ghaelscolaíocht sna ceantair Ghalltachta.

Ceardchumann an NUJ

I dtaca leis an journal.ie agus a ‘dailyedge’, cuimhnímis gur baill den NUJ a scríobhann na hailt seafóideacha seo go tráthrialta a dhéanann díspeagadh ar mhuintir na Gaeilge. Níl san NUJ in Éirinn ach cúlbhallán den eagras Briotanach agus níl sa Ghaeilg i rannóg na hÉireann de ach an tsine i bhfad siar. Rinneadh iarracht sna 1970aidí an Irish Chapel den NUJ a ghearradh ar shiúl ón eagras, ach is dócha tráth ré alt 31 den Acht Craolacháin, gur ghníomhairí san Irish Chapel féin, ar son an dá stáit, a chuir deireadh le sin. Níor tharla athiarracht ó shin.

Nach mithid ceardchumann Éireannach a thosú d’iriseoirí na hÉireann? Thiocfadh linn toiseacht le hiriseoirí Gaeilge an t-am seo thart? Bíonn deis achan bhliain ag Oireachtas na Gaeilge ceardchumann neamhspleách d’iriseoirí Gaeilge na tíre a bhunadh. Cé déarfas nár mhithid? Go dtí sin, féach an dóigh a bhfuil muid, ag éisteacht leis an journal, an Indo agus a leithéidí ag magadh fúinn gach ré seal os comhair an tsaoil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.