AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Filleann an Feall ar Julia Gillard – Kevin Rudd ina Phríomh-Aire Arís
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Is iomaí cor i saol na polaitíochta. Bhí Julia Gillard thuas seal thíos seal mar Phríomh-Aire na hAstráile agus bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag faire ar an scéal.

Íomhá
Kevin Rudd, ar ais mar Thaoiseach
Íomhá
Gillard
(le A. P. Wilson ar Vicipéid)
Íomhá
Abbott
(le Djack Manson ar Vicipéid)
Íomhá
Agóid faoi charbón, ceann d'aisiompaithe Gillard, san Astráil
(le Dirtbiscuit ar Vicipéid)

Sular thug Julia Gillard dúshlán rathúil ar an bPríomh-Aire, Kevin Rudd, i mí an Mheithimh 2010 ní raibh aon tuairimíocht sna meáin go dtarlódh a leithéid. Bhí gach cosúlacht ar an scéal go raibh Gillard ina leascheannaire dílis agus mhaígh sí i ndiaidh a buachana nach raibh aon dúshlán ar intinn aici go dtí an oíche roimh ré. Tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí, áfach, go raibh sise i mbun comhcheilge ar feadh tréimhse mhaith roimh lá na cinniúna, ach bhain a dúshlán siar as muintir na hAstráile ag an am.

Ní raibh aon iontas ar éinne, ámh, nuair a d’imir Rudd díoltas ar Gillard i mí an Mheithimh i mbliana lena phost mar Phríomh-Aire a athghabháil. Ba ríléir don domhan is a mháthair go raibh Rudd agus a lucht leanta i bPáirtí an Lucht Oibre ag cumadh ceannairce in éadan a chomharba, beagnach ón lá a bhfuair sé a thópar. Is annamh a d’imigh mí thart sa tréimhse sin nach raibh scéal éigin sna meáin ó ‘fhoinse fheasach’ faoi challóid sa pháirtí i dtaca le ceannaireacht Gillard, scéalta a bhí ina mbior sa bheo di.

Rinne Gillard iarracht an chloch a chaitheamh as an muinchille nuair a cheap sí Rudd mar Aire Gnóthaí Eachtracha ina rialtas tar éis an olltoghcháin sa bhliain 2010. Cé gur thaitin sé go mór leis a bheith ag bualadh le ceannairí mór le rá agus é ag taisteal fud fad na cruinne, d’éirigh sé as an aireacht tar éis bliain go leith le seasamh i gcoinne Gillard don cheannaireacht. Cé gur theip air, bhain sé feidhm as a shaoirse mar chúlbhinseoir le labhairt amach ar ábhair éagsúla, lena ainm a choimeád in airde ach gan aon dúnghaois de chuid an rialtais a cháineadh go poiblí.

Tábhacht Dhearcadh an Phobail

Cuireadh go mór le tacaíocht Rudd ina pháirtí nuair a léirigh gach pobalbhreith a foilsíodh le cúpla bliain anuas go raibh an páirtí i bhfad chun cúil ar an bhfreasúra. Anuas air sin, léirigh na pobalbhreitheanna céanna go mbeadh tacaíocht go mór ní b’airde ag an bpáirtí dá mbeadh Rudd ar ais ina cheannaire. Ní raibh ach cúpla mí fágtha i réim an rialtais nuair a léirigh na pobalbhreitheanna i mí an Mheithimh i mbliana go raibh díothú uafásach i ndán dó san olltoghchán. Is breá leis na polaiteoirí a saol sóúil agus na buntáistí flaithiúla a bhaineann leis. Ní raibh aon leisce orthu, mar sin, an cinneadh a dhéanamh a leas féin a chur chun cinn ar dhílseacht agus thug siad bata agus bóthar do Gillard.

D’fhógair ochtar de na hairí i rialtas Gillard, lena n-áiríodh daoine de na hairí ba shinsearaí ann, nach raibh siad réidh leanúint ar aghaidh faoi cheannaireacht Rudd. Ba é ab aite faoi sin nár éirigh fiú duine amháin den ochtar airí mná san aireacht as a post le dlúthpháirtíocht a léiriú le céad príomh-aire mná na tíre, bean a bhí i dtús cadhnaíochta ar mhaithe le cur chun cinn cearta na mban.

Marfóirí na Málaí Láimhe

Maíodh arís is arís eile le linn ré Gillard go raibh cuid mhór de na hionsaithe polaitiúla a rinneadh uirthi bunaithe ar ghnéasachas. Ba mhinic a sheas an t-ochtar ban thuasluaite an fód go láidir di nuair a rinneadh ionsaí pearsanta uirthi agus thug na meáin an “handbag hit squad” orthu dá bharr. Léirigh na pobalbhreitheanna thuas go raibh mná na hAstráile amhrasach faoi cheannaire an fhreasúra, Tony Abbott, de bharr gur mheas siad go raibh a chuid ionsaithe ar Gillard gnéasach. Ba chleas glic é, mar sin, gur cheap Rudd triúr ban sa bhreis ina aireacht, le léiriú nach raibh aon ghnéasachas bainteach le treascairt Gillard. Bhí sé cúramach a lua go sonrach san aitheasc a thug sé nuair a fógraíodh ainmneacha na haireachta go raibh an líon ba mhó ban inti le hais aon rialtas eile i stair na hAstráile.

Chinn feisirí Pháirtí an Lucht Oibre deireadh a chur le ceannaireacht Gillard mar gheall ar a drochthorthaí sna pobalbhreitheanna, cinneadh a dhealraíonn a thábhachtaí is atá na pobalbhreitheanna i gcúrsaí polaitíochta. Foilsíodh roinnt pobalbhreitheanna tar éis aiséirí Rudd a léirigh go bhfuil na páirtithe móra gob ar ghob, ach go bhfuil Abbott i bhfad chun cúil ar Rudd i dtuairim na coitiantachta mar phríomh-aire. Ní fheadar an bhfuil Abbott i mbaol i saol neamaiteach na polaitíochta Astrálaí?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.