CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
PoetryBeo ar an nGuthán

Cur síos ar an áis ghutháin ó mhuintir PoetryBeo, ní a chuideos le roinnt daoine sa tráth bliana a rachaidh siad in éadan na bpiléar.

Íomhá
Poetry Beo
Íomhá
Cuid de mhuintir Poetry Beo, Eoin Barry, Ann Ní Chíobháin agus Pádraig Ó Cíobháin ag an seoladh
Íomhá
Pádraig Ó Cíobháin, i mbun machnaimh

Cad é an tairbhe duitse PoetryBeo?Áis fhoghlama dhátheangach is ea PoetryBeo a sholáthraíonn léargais agus nótaí ar an 10 ndán atá ar chúrsa Gaeilge Ghnáthleibhéal agus Ardleibhéal na hArdteiste, chomh maith le haisteoirí á léamh agus cluiche a ghabhann leo. Chun suim na n-úsáideoirí a mhúscailt agus iad a mhealladh chun dul i ngleic leis na dánta ar bhealach spraoiúil is ea an cluiche. Tugann leagan amach an roghchláir bealach isteach duit mar a bhfuil an mhear-athbhreithniú nó an mhion-anailís, mar shampla, aon áit ina n-úsáideann tú do fhón cliste nó do thaibléad: sa bhaile, sa rang, ar an mbus, fiú ar do shlí go dtí an scrúdú. Mar go bhfuil na dánta léite sna canúintí inar chum na filí iad ar na físeáin ann, tugtar na dánta chun beochtana – PoetryBeo.

Is áis dhátheangach é. Is féidir mar sin, aistriúcháin ar mhíniúcháin na ndánta agus na nótaí cuimsitheacha a ghabhann leo a léamh i mBéarla, más gá duit é. Músclóidh na nótaí léargasacha, scríofa ag scríbheoir aitheanta a thug breis agus fiche bliain ag múineadh Ghaeilge go leibhéal na hArdteiste, paisean na mac léinn agus b’fhéidir léitheoirí breise, mar gur áis dhátheangach é. Tá PoetryBeo curtha le chéile ag scríbhneoir aitheanta atá ina theagascóir Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh anois, agus ag iareolaí taighde atá ina chomhairleoir cultúir chorparáidigh faoi láthair, a thuigeann cás daoine a mbeadh fadhb acu le foghlaim na Gaeilge. Tá PoetryBeo ann dóibh sin a thugann grá don Ghaeilge agus dóibh sin a mhothaíonn beagán caillte inti. Sás staidéir is ea PoetryBeo a chuireann filíocht Ghaeilge na hArdteiste ar fáil ar bhealach atá i dtiúin leis an bhforbairt thar cuimse atá ag teacht ar an nuatheicneolaíocht, ar phraghas níos ísle ná modhanna eile teagaisc phríobháidigh.

Is áis é seo leis a raghadh chun tairbhe don bhfoghlaimeoir fásta Gaeilge agus don diaspóra Gaelach go ginearálta aon áit ar fud na cruinne. Trí íosluchtú is féidir leat cnagadh ar dhoras PoetryBeo, agus b’fhéidir go n-osclófaí fós ‘do intinn féin agus do chló ceart

Gnéithe de PoetryBeo:

Téacs – buntéacs an dáin i nGaeilge

Míniú – an dán mínithe i nGaeilge duit

Achoimre ar an dán

Ceisteanna Samplacha – samplaí de na sóirt ceisteanna Gnáthleibhéil agus Ardleibhéil a bhíonn ar scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta

Gluais– foclóirín ina bhfuil eochairfhocail mínithe as gach dán agus as na nótaí a ghabhann leo

Nóta faoin bhFile – cuntas gearr ar shaol an fhile

Meabhráin – meabhráin a chabhróidh leis an mac léinn, chun ábhar na ndánta a thabhairt chun cuimhne go tapaidh ag an neomat deiridh

Iarnótaí – nótaí a thugann léagas breise duitse ar ghnéithe den dán agus a chabhraíonn leat anailís a dhéanamh ar ealaín na filíochta

Fís – físeáin fotheidealaithe i nGaeilge ina bhfuil na dánta á léamh sna canúintí inar scríobhadh iad (PoetryBeo) agus á dtabhairt chun beochana dá bharr sin, gné den aip a chabhróidh leis an mac léinn atá ag ullmhú don scrúdú cainte agus don chluastuiscint

Fuaim – fuaimrianta de na dánta á léamh sna trí mhórchanúintí Gaeilge ag na léitheoirí céanna atá ar na físeáin gan chabhair na bhfotheideal sa chás seo

Cluiche – cluiche idirghníomhach a thástálann do chuid eolais ar dhánta Gaeilge na hArdteistiméireachta agus a spreagann tú chun bunleagain na ndánta sin a léamh go cúramach líne ar line

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.