CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Divide et Impera
Íomhá
Ola na hIaráine
(leis an CIA ar Vicipéid)
Íomhá
My Lai 1968
(le Ronald L. Haeberle, Vicipéid)
Íomhá
Píblíne Baku
(le Thomas Blomberg ar Vicipéid)
Íomhá
Whites are civilized
(le Mathaba.net)
Íomhá
'Daonlathas' na linne seo
Íomhá
Píblíne na hIaráine
(le Deepak Gupta ar Vicipéid)

Thosaigh dara céim Libia an 13 Bealtaine 2013 le bumba marfach. Ní hé nach raibh treibheachas ag sní tríd an tír le linn na ngníomhaíochtaí uafáis a thit amach ansin le blianta beaga, ná ó ré King Idris, ach tá sé in am anois ráiteas uafáis de chineál an bhuama sin a dhéanamh leis an méar a shíniú i gcoinne Mhuintir Warfalla. Is iad na Warfalla lárionad cumhachta na tíre. Dá ngríosófaí sluaite frith-Warfalla an oirthir, nó Aos Imazigh an iarthair ina gcoinne roimhe seo, bheadh sé róluath agus thiocfadh leis an Warfalla astu féin an tír a thabhairt ar ais chun na Muirthéachta Glaise ar iompú na boise.

Meastar in árais chumhachta Mheiriceá agus na hEorpa anois gur féidir Libia a chreathadh, d’fhonn a nguagacht a léiriú do lucht a gcleithiúnais féin ann sa dóigh go mbeidh siad buíoch beannachtach i dtólamh as an chuidiú rialta agus as aon stiúir agus comhairle bhreise a chuirfear ar fáil dóibh feasta. “Cá mbeimis gan iad?” a deir lucht na humhlaíochta d’aon ghuth amháin.

Táimid ag amharc go bunúsach ar athimirt cluiche garbh Arverni na Gaille in aghaidh na nEilbhéiseach – Helvetti - in am Chéasair, Breatnaigh in aghaidh na nGael in Éirinn, Gaeil na hÉireann in aghaidh na mBreatnach sa Bhreatain Bhig (‘Fedlimid h. Conchobair co sochraiti moir do Gaidelaib leis hi furtacht in Rig i mBretnaib, & ro milset an tir uili’ 1245AConn), Gaill in aghaidh Gaeil na hÉireann agus Protastúin in aghaidh na nGael nuair a d’fhóir sin, Muslamaigh in aghaidh Induach na hInde, ní a scoilt an tír a bhuí siúd do MtBatten, Tuirc in aghaidh Ghréagaigh na Cipire, Sínigh agus Mong in aghaidh Vítneamach i Víteam, Shia agus Curdaigh in aghaidh Sunni na hIaráice agus Sunni in aghaidh Shia agus Críostaithe na Siria ad infinitum. An seanchleas ach is é an seanchleas a oibríonn ar an duine i dtólamh, dá ainneoin aois an ‘eolais’ ina mairimid.

Sraith Cogaí agus an Mhoráltacht

An ghné is suntasaí faoin chogaíocht le blianta anuas is ea gur sraith cogaí atá ann a thionscnaíonn an t-iarthar gan náire amhail is nach bhfuil súile an domhain orthu. - An bhfuil? Níl. Is cuma leis an fhear ar an chnoc cé as a dtagann amhábhar, cé as a dtagann luach diamhrach an dollair agus cén líon daoine a mharaítear nó cé méid tíortha a scriostar leis an luach sin a choinneáil ann. Cén fáth gur cuma le cách an slad go léir ar son chóras geilleagair an artdollair? Nár spéisiúil ann féin ceist an phíblíne ola seo thar an phíblíne ola siúd mar chlár faisnéise?

Bhí Gurdjieff den tuairim gurpotiential human beings’ sinn ach go gcaithfimis dúiseacht agus gníomhú le sinn féin a fheabhsú mar dhaoine. Tá gach spreagadh an treo eile faraor. Tugtar poiblíocht don scéal is neafaisí a dhíolfas an ‘nuacht’ agus is túisce ceannlíne faoin bhás aonar iartharaigh ná bás an daichid san Áis, san Afraic nó i Meiriceá Theas. Tá an ní is neafaisí, nó an bhréag féin, ina suí i lár an aonaigh agus tá an fhírinne faoi sholáthar na línte ola faoi choim i dtuairiscí acadúla, ar shiúl ó aird an duine. Ní bheidh aon chíoradh ar shiocair chogaidh na bliana seo le hais na bliana seo caite, ná ar chóir dul chun sleantracha le tír amháin thar a chéile?

Fearann Ladrainn Críocha ár nDomhnáin

Troideadh breis is trí scór cogadh ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda i leith agus maraíodh trí oiread daoine leo. Tíortha ECAT a bhí sáite sa chuid is mó acu. An Fhrainc, an Phortaingéal, Iosrael, Sasana agus SAM, SAM, SAM. Chonaiceamar an tseachtain seo chuaigh thart fear de chuid an FSA, mar a thugtar mórán go geanúil orthu, ag gearradh na scamhóige amach as saighdiúir de chuid na Siria agus á ithe ar Youtube. Mheabhródh sé do dhuine fear de chuid an NCT ag gearradh scornach saighdiúra ag doras otharlainne i Libia agus ag baint an chloiginn de, ní a mheabhródh cluasa bainte de mhuintir Vítneam ag saighdiúirí Mheiriceá, cloigne bainte de mhuintir na Cóiré ag Sasanaigh, cloigne bainte de mhuintir na hAilgéire ag Francaigh, agus folt agus plaitín bainte de chéadmhuintir Mheiriceá ag an fhear gheal srl.

Éireannach ar m’aithne a mharaigh sibhialtaigh i Libia in am Idris, tugadh ar ais go Sasana é, d’ainneoin iarrachtaí póilíní na Libia, agus cuireadh aigneolaí óg airm ina cheann. Bhí peann tobair breá leis an dochtúir óg ar a chéad chuairt agus chrom sé ar na freagraí gonta a scríobh. Sháigh fear na hÉireann san inchinn é trína leathshúil leis an pheann, rud a d’fhág idir bás is beatha é. Thug oifigeach airm, in éide fear tíre, cuairt oíche air sa chillín go gairid ina dhiaidh sin. “We’d like you to contact us anytime that you may wish to, or indeed we may wish to contact you at some time,” a dúirt sé nuair a shín sé cárta sonraí teagmhála chuige. Bhí an tÉireannach ag siúl na sráide, gan chíos gan cháin, trí lá i ndiaidh an dochar millteanach a dhéanamh don dochtúir óg. Níor dhuine deas é agus ba mhinic focal trí litir as a bhéal go tarcaisniúil, ‘w.g(s)’ faoi dhaoine eile.

Nuair nach bhfuil idir lámha ag impireacht an iarthair ach marú ar mhaithe lena córas coigistithe amábhair agus cead píblínte, bíodh nach bhfuil na comharthaí soirt air féin go feiceálach, tá deireadh a ré ar ghort an bhaile. Tá an lobhadh ina croílár. Ní hionann is atarraingt airm na Róimhe ar ais as a críocha gafa thar na céadta bliain, d’fhéadfadh titim ó chumhacht impireachtaí ár linne féin a bheith iontach gasta. Beidh sé le feiceáil sna malartáin stoic i dtosach thar thréimhse coicíse nó mar sin. Mura bhfuil talamh agus beithígh agat, díol do charr agus ceannaigh go leor pónairí, sairdíní agus púdar bainne!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.