Tá oiread ábhar sa tsaol is féidir a scagadh, a scríobh agus a mhúnlú le haghaidh alt irise ar na saolta seo go dtig liom a mhaíomh go bhfuil mic léinn na meán millte. Is cosúil áfach nach gann na gnéithe sin de scéalta an domhain nó na tíre a chuirfeadh díomá nó brón, míshásamh nó fearg agus fiú amháin, buille ar dhuine.
Cén chomhairle is fearr ab fhéidir a chur ar dhuine ar bith againn? Comhairle le theacht ar an sonas sa saol, b’fhéidir. Níl i gceist ach cnaipe sa chleachtas smaointeoireachta a thugann sonas saoil thar meán do roinnt daoine. Tá roinnt daoine sona sa saol, ar neamhchead don diabhlaíocht go léir a thit amach thart timpeall orthu. As siocair rud éicint a thit amach i saol roinnt daoine, is féidir leo glacadh níos fearr le deacrachtaí agus le dúshláin, an lámh is fearr a fháil orthu, an chuid is mó den am, agus go minic, tairbhe a bhaint as na deacrachtaí céanna.
Bíonn tréithe áirithe feiceálach ina measc siúd. Bíonn gáire ina gcomhluadar go minic. Bíonn scéalta grinn ina gcomhluadar. Bíonn siad an-gharach do dhaoine thart orthu agus, suntasach go leor, ní bhíonn aon súil acu, ar chor ar bith ’chor ar bith, le cúiteamh. Ní naoimh iad ina dhiaidh sin. Feicfear fearg orthu ó thráth go céile, ach síothlaíonn siad de réir a chéile, agus arís, déarfaidh siad rud éicint fealsúnta nó suntasach faoin eachtra a chuir fearg orthu roimhe sin. Ansin, an meangadh nó an gáire.
Bhí aithne agam ar fhear den chineál sin im’ óige. Casadh dom é ag sochraid breis is deich mbliain ó shin. Bhí a fhios agam go raibh sé ag éileamh lena dhá bhonn le blianta. Ba chuma. D’fhágadh sé an teach ar rothar le himeacht thart ar cuairt chuig cairde agus ar mhaithe lena shláinte. Bhí a bhean básaithe le blianta. Bhí cuma mhaith air mar gheall ar an aclaíocht, is dóigh, ach bhí dearcadh iontach dearfach aige. Nuair a d’fhiafraigh mé de faoin dóigh mhaith a bhí air, lá na sochraide, d’fhreagair sé “I don’t hang round with th’ oul gang like myself. They’d put years on ye. I hang out with the young guys in their seventies. They’ve a different attitude.”
An Fuinneamh Céadach
Chuaigh mé ar cuairt chuig an áit a bhfuil sé le bliain, áras na seandaoine. Tá sé gar don chéad anois agus cathaoir rotha an modh taistil atá aige anois. Ba chuimhin liom a dúirt mé, go mba bhreá leis dul amach ag fiach leis an raidhfil. D’éiríodh sé 4 r.n. maidin sathairn mura mbeadh obair roimhe an lá sin, agus théadh sé amach 5 míle ar an rothar chuig coinicéar agus bhíodh “the two or three massive rabbits that I wanted, skinned and cleaned and hung on the back door before anyone stirred out of bed” a dúirt sé. Chuirfeadh sé uisce le do cháir éisteacht lena chuntas ar “at least six beautiful ways you can cook a rabbit.”
D’fhiafraigh mé de, cad é an dóigh atá air anois agus d’fhoghlaim mé ón dóigh ar chomharthaigh sé lena dhá láimh, gur cuma leis faoin dá chois. Thosaigh sé leis an dá láimh thuas ar na guaillí, “I feel great all over here” agus shín an dá láimh siar is aniar thar a chabhail ach níor chomharthaigh níos ísle ná a chromáin. Ba léir nár ghoill an easpa nirt sna cosa air, dubh, bán ná riabhach. Ba chuma leis iad.
D’fhéadfainn a mhaíomh go raibh an chuairt ní ba dheise dom féin ná mar a bhí dósan, mar tá cairde liom leathchéad bliain níos óige ná é agus ní fios an t-éileamh go léir a bhíos ar bun acu. Bíonn cruit orthu, ag siúl thart grúnctha, bíonn oideas dochtúir uathu, bíonn piontaí uathu, bíonn cluiche peile ar teilifís uathu agus chuirfeadh sé gruaim ar dhuine cluas a thabhairt dóibh ar an ghuthán. Lena n-ais, an fuinneamh a bhí le brath go láidir ón tseanfhear sa chathaoir rotha, ba fuinneamh céadach é. Tá sé chomh beag ag breathnú sa chathaoir rotha anois, is go gcaithfeá ceist a chur ort féin, cad é tá dhá choinneáil anseo? Dar liom, is é an fuinneamh sin a thug sásamh agus sonas dó i rith a shaoil fhada atá dhá choinneáil. Garchlann, an mac a throid an ailse, spéis sna daoine thart air. Ní raibh goile don teilifís air an lá sin na cuairte, bhraith mé ar rud éicint a dúirt sé.
Chonaic mé an fuinneamh sin i seanbhean a bhí gar don chéad bliain d’aois. Chuaigh sí i gcionn go mór orm an lá a dtug mé cuairt uirthi. Is é an feall nach dtugann an dream óg atá thuas sa saol anois cuairt ar na daoine eisceachtúla sin. Tá oiread sin le foghlaim uathu, an dream éachtach eisceachtúil, is gur mór an peaca gan suí sa charr amárach, inniu, nó láithreach, agus an chuairt sin a thabhairt.
Beidh mé ar ais ag caint le mo sheanfhear i mbliana le cuidiú Dé.