AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Níor ghlac Balor le eiseamláir Chathail Uí Éanacháin RTÉ le dul i mbun agallaimh, ach chuaigh a bhealach eisceachtúil éagsúil féin i mbun cainte le ceannaire úr an domhain uile olúil. An bhfuiltear mar a shíltear? An dtuigtear mar a chloistear? An itear mar a suítear? An ndlitear mar a reachtaítear? An mbítear mar a shíltear agus an mbítear mar a síltear?

Íomhá
Balor
Íomhá
Cathal Ó hÉineacháin RTÉ
Íomhá
May Mac Ránais
Íomhá
Dealramh Bheairic Uí Bhama, sa dorchadas

Bhí an domhan is a mháthair ag coimhéad na teilifíse nuair a chuir Charlie Bird agallamh ar Hillary. Seacht déag ponc a trí milliún duine a bhí ag féachaint ar an chlár, más fíor an scéala a d’eisigh RTÉ inné. An-chlár ar fad a bhí ann, dar le muintir RTÉ. Bhí Charlie ag búireadh isteach sa cheamara mar is iondúil, ach ansin nuair a bhí sé ag caint le Hillary, níor stad sé den lútáil agus den chogar go síodúil isteach ina cluais, é ag cur na gceisteanna boga agus á moladh go hard na spéire.

Bhuel, ní agallamh den chineál sin le bóiscéalaí boigéiseach atá againn daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse, nó is é Balor Béimneach Béalchliste atá ag cur na gcruacheisteanna agus is é Beairic Uasal Uachtaránach Ó Bama a bheas sa suíochán te. Ní raibh a fhios agaibh go raibh Gaeilge ag an Uasal Ó Bama? Is iomaí rud nach raibh a fhios agaibh faoi Uachtarán Mheiriceá, ach is gairid go mbeidh an scéal mór ar fad agaibh, nó seo chugaibh den chéad uair riamh, agallamh eisiach i nGaeilge idir Balor an Bhéil Bhinn agus Beairic an Bhéil Dhuibh:

Balor: Tá céad míle fáilte romhat isteach anseo, a Uachtaráin. Is mór an onóir dúinn tú a bheith linn. Cuireann do chuairt iontas an domhain orm. Go hiondúil bíonn ar agallóirí dul go Meiriceá chun agallamh a chur ar pholaiteoirí na Stát Aontaithe, ach bhí tusa sásta teacht iomlán an bhealaigh ó Washington chuig mo phluais. Tá tú thar a bheith lách agus tá mé thar a bheith buíoch díot.

Beairic: Fadhb ar bith, a Bhaloir. Is iomaí rud maith atá cluinte agam fútsa. Tá do cháil i mbéal na ndaoine in D.C. agus níl duine níos fearr ná thú chun soiscéal Fhianna Fáil... Gabh mo leithscéal! Níl duine níos fearr ná thú chun mo scéalsa a fháil. Ar aghaidh leis na ceisteanna, a Bhaloir.

Balor: Bhuel, a Uachtaráin, is é mo chéad cheist ná cá bhfuil baill na seirbhíse rúnda? Tá a fhios agam nach dtéann tú áit ar bith gan iad, ach ní fheicim, agus ní fhaca mé duine ar bith acu.

Beairic: Smaoinigh, a Bhaloir, cén dóigh a mbeidís rúnda dá bhféadfaí iad a fheiceáil? Cé nach féidir leatsa ná le duine ar bith eile iad a fheiceáil, is ann dóibh. Tá siad ar fud na bhfud. Dá n-ardófá do lámh go gasta gan choinne, bheadh céad piléar fríd do chorp taobh istigh de leathmheandar. Mura gcreideann tú mé, bain triail as.

Balor: Creidim thú, a Uachtaráin. Níl dabht ar bith ach go gcreidim thú. Agus níl dabht ar bith ach go bhfuil tú féin agus muintir do reachtais thall ag baint an chogaidh in éadan an mheathlaithe seo. Cad é do bharúil d’iarrachtaí na hÉireann, nó an bhfuil iarracht ar bith ar siúl ag rialtas s’againne ar chor ar bith?

Beairic: Níl dabht ar bith orm ach go bhfuil an fear ceart san áit cheart ag muintir na hÉireann chun déileáil leis an ghéarchéim gheilleagrach seo. Níl macasamhail Brains Cowen, ná fear a dhiongbáilte, i mbun stáit ar bith eile san Aontas Eorpach. Thig liom dul i mbannaí air sin. Is cóir daoibh éisteacht go géar le gach uile rud a deir sé, nó tá gaois in achan uile fhocal dá dtig as a bhéal.

Balor: Nach breá an Ghaeilge atá agat, a Uachtaráin. Cad é mar a tharla sé go bhfuil ár dteanga ar do thoil agat?

Beairic: Chaith mé cúpla uair an chloig le hÍosa Mhic Giolla Mháire. Is aicise atá an Ghaeilge mhaith, agus mhúin sí domsa í. Gaeilge bhreá Chúige Uladh! Míle uair níos fearr is níos saibhre ná bladar dothuigthe sin Chonamara.

Balor: Nach gasta mar a d’fhoghlaim tú í. Tá sé sin dochreidte. Bhí Íosa Mhic Giolla Mháire ag foghlaim na Gaeilge le tamall fada sula bhféadfadh sí agallamh a dhéanamh liomsa.

Beairic: Ach, a Bhaloir, féach an múinteoir a bhí ag an bhean bhocht – May Mac Ránais – bheadh foghlaimeoir ar bith faoi mhíbhuntáiste láithreach le múinteoir mar sin. Ach ina ainneoin sin tháinig sí fríd. Deir sí liom go bhfoghlaimíonn sí níos mó Gaeilge in aon seachtain amháin in Oideas Gael gach samhradh ná mar a fhoghlaimíonn sí an chuid eile den bhliain ón uascán sin Mac Ránais.

Balor: Ach, nach é Mac Ránais a bhíonn ag múineadh an ranga a mbíonn an tUachtarán ann in Oideas Gael?

Beairic: Sea. Bhuel, deir sí liom go mbíonn sí ag éisteacht go géar le Gaeilge bhinn bhlasta an stiúrthóra thuas ansin i nGleann Cholm Cille. Deir sí liom fosta gur áit ar dóigh atá in Oideas Gael agus go bhfuil gach cuidiú a fhaigheann an stiúrthóir ón Rialtas tuillte go maith aige... agus tuilleadh.

Balor: Is aisteach liom do spéis in Oideas Gael, a Uachtaráin. An bhfuil gach rud i gceart? Ní mian liom tagairt ar bith a dhéanamh dod’ dhath, ach feictear dom nach bhfuil do chraiceann leath chomh dorcha anois agus a bhí sé nuair a tháinig tú isteach.

Beairic: Tarlaíonn sé sin i gcónaí nuair a bhím i bpluaiseanna. Ach ar aghaidh leis na ceisteanna!

Balor: Dá mbeifeá i do Thaoiseach ar an tír seo, cad é a dhéanfá chun muid a tharraingt amach as an phuiteach ina bhfuil muid?

Beairic: Bhuel, is léir domsa, agus mé ag féachaint isteach ón taobh amuigh, go bhfuil an tUasal Cowen ag dul an bealach ceart; agus go bhfuil an Tánaiste ag cuidiú go mór leis ar an aistear aisteach gáifeach seo. Dílseacht don Taoiseach agus don Tánaiste agus don pháirtí – sin an rud a dúirt sí liom a rá... Gabh mo leithscéal! Sin an bheirt nach cóir a bheith á gcrá. Tá an Ghaeilge seo deacair, a Bhaloir, nach bhfuil?

Balor: Níl rian ar bith den deacracht sin ar do chuid cainte, a Uachtaráin. Nuair a thosaigh tú ar an agallamh seo bhí tuin Mheiriceá go láidir agat. Níl de thuin ar do chuid Gaeilge anois ach blas ceart Conallach. Aisteach, a Uachtaráin! An-aisteach! Ach cén moladh eile atá agat chun muintir na hÉireann a tharrtháil ón tubaiste, seachas éisteacht leis an Taoiseach agus an Tánaiste?

Beairic: An Ghaeilge! Ní miste airgead a chaitheamh ar an Ghaeilge, go háirithe ar na coláistí atá ag freastal ar dhaoine fásta, coláistí i gCúige Uladh go háirithe, iad siúd atá in aice na farraige agus a dtagann lear mór daoine ón iasacht chucu...

Balor: A Uachtaráin, tá do ghnúis ghormóideach ag leá os comhair mo dhá shúl. A Uachtaráin, sílim go n-aithním an aghaidh eile sin atá ag teacht i gcló – an ghruaig liath, na súile gorma glinniúla, an gealgháire glic sin. Ní tusa Beairic Ó Bama. Is tú...

Beairic: Hé a Bhaloir, cuimhnigh ar an tseirbhís rúnda agus na piléir. Anois dún do shúile go mall agus beidh mise ag imeacht liom. Níl muid ag iarraidh aon trioblóide anseo, a Bhaloir. an bhfuil? Slán anois!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.