CÚRSAÍ SPÓIRT
Cabhair de dhíth ar réiteoirí go tapa.
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tuigeann Colm Mac Séalaigh nach fiú a bheith ag béiceach nó ag búireach ar an moltóir peile nó iománaíochta. Caithfear iompar na bpeileadóirí a athrú agus caithfear saol na réiteoireachta a athrú. Ní féidir a bheith ceart i gcónaí i mbreithiúnas ar eachtra agus tú ag ceann eile na páirce imeartha nuair a thit sé amach. Luíonn freagracht an athraithe ar gach éinne i réimsí éagsúla spóirt.

Íomhá
Ag tarraingt sceilpe i Philadelphia
Íomhá
Corn an Bhóthair Iarainn
Íomhá
Imirt ghlan ag Craobh Iomána Sóisir B Cathair Luimnigh

Ní mian liom réiteoirí a lochtú nó a cháineadh, ach tá fhios ag Dia gur deacair gan sin a dhéanamh ar uairibh. Bíonn sé deacair gan a bheith ag scréachach ar fhear na feadóige ó thaobhlíne na páirce agus d’fhoireann féin ag imirt, nó ón ardán féin agus na mílte eile timpeall ort ag scréachach freisin. Deirtear gurb í an ócáid spóirt an t-aon áit phoiblí a mbíonn ceadúnas ag duine a bheith ag eascainí is ag scréachach in ard a chinn is a ghutha, agus lán mála maslaí a chaitheamh le daoine eile, bídís ina strainséirí nó ná bíodh, agus go mb’fhéidir nach ndéarfaí leis ach ciall a bheith aige nó a chlab a dhúnadh. Ar ndóigh, is truamhéalach an fear nó an bhean a chaitheann maslaí agus eascainí i dtreo scáileán na teilifíse le teann feirge agus buile, de dheasca easpa céille agus tuisceana an réiteora, dar leo. “Ní chloiseann sé thú” a deir bean an tí liom féin, agus an ceart aici, ach níl aon mhaith ann; tarlaíonn sé arís is arís eile.

Níl saoi gan locht

Toisc gur daoine daonna iad réiteoirí spóirt, ar nós an chuid eile againn, déanann siad earráidí an t-am ar fad. Ní hamháin sin, ach bíonn tionchar ag a gcuid earráidí ar thorthaí cluichí, agus tá roinnt staidéir déanta ar an ábhar seo. Is é Serie A príomhroinn sacair na hIodáile, agus is cosúil go bhfuil cuid mhór de lucht leanúna na sraithe sin ar mire cheart faoi chaighdeán na réiteoireachta, nó an easpa caighdeáin is cirte a rá. Ní hábhar iontais é seo i bhfianaise na dtorthaí staidéir a d’fhoilsigh dream darb ainm ‘Faireachlann na n-Earráidí Moltóireachta’ agus atá le feiceáil ar an suíomh idirlín www.italy.theoffside.com. Maítear go mbeadh dealramh an-difriúil ar thábla Serie A dá mbainfí pointí d’fhoirne a bhuaigh cluichí de dheasca earráidí a rinne réiteoirí. De réir na hanailíse ar earráidí réiteoirí, is mar seo a leanas a bheadh an t-ord ag barr an tábla, agus an áit mar a bhfuiltear idir lúibíní: Milan (3) sa chéad áit, Fiorentina (4) sa dara háit, Juventus (2) sa tríú háit agus Inter (1) sa cheathrú háit. Ábhar machnaimh is ea é go bhféadfadh tionchar chomh suntasach sin a bheith ag earráidí na réiteoirí ar thorthaí cluichí i gcás spóirt atá iomlán gairmiúil.

Bheadh staidéar den chineál sin an-suimiúil agus conspóideach freisin is dóigh i gcás na gcluichí Gaelacha. Is minic ar chláir spóirt theilifíse a dhéantar anailís ar tharluithe i gcluichí agus ar earráidí réiteoirí. Le déanaí, mar shampla, bhí an cluiche sraithe iománaíochta idir Corcaigh agus an Clár á thaispeáint ar TG4 agus bhronn an réiteoir poc saor slat is fiche díreach os comhar chúl an Chláir ar fhoireann Chorcaí. D’aimsigh Corcaigh cúl ón bpoc saor sin, ach léirigh an físeán teilifíse go ndearna an réiteoir earráid trí gan poc saor a bhronnadh ar chúl báire an Chláir a ndearnadh calaois air díreach sular bhronn sé poc saor ar Chorcaigh.

Lena chois sin, chaith na hanailíseoirí amhras ar chúl eile a d’aimsigh Corcaigh sa chluiche céanna toisc go raibh roinnt d’imreoirí Chorcaí ina seasamh sa chearnóg bheag le linn don sliotar tuirlingt. B’fhéidir nach n-athródh cealú an dá chúil sin toradh an chluiche, ach is cinnte gur chabhraigh siad le bua na gCorcaíoch.

Cur i láthair dhá thaobh an scéil

Bheadh sé suimiúil dá mbeadh réiteoirí nó iar-réiteoirí ar phainéal sa stiúideo anois is arís chun mórchinntí an réiteora a phlé. B’fhéidir go mbeadh siadsan in ann léargas ar leith a thabhairt don bhreathnóir nach bhfuil le fáil aige ó aon duine eile. Agus an méid sin ráite, tuigeann an duine réasúnta go rímhaith go bhfuil sé fíordheacair don réiteoir gach brú, tarraingt, cor coise agus buille, feall agus calaois, a tharlaíonn i gcluiche a fheiceáil. I gcás na gcluichí Gaelacha, agus na hiománaíochta go mór mór, is deacair d’fhear amháin a bheith gar don choimhlint i gcónaí nuair is féidir le suíomh na coimhlinte athrú ó ionad go hionad ar an bpáirc ar luas lasrach. Dá bhrí sin, is gá rud éigin a dhéanamh faoi agus cúnamh a thabhairt don réiteoir.Sa chéad áit (agus na cluichí idir chontae is mó atá i gceist agam mar bheadh sé deacair ag leibhéal na gclubanna é a dhéanamh), ba mhaith liom féin go mbeadh dualgas níos tromchúisí ar na maoir shleasa agus chúil, agus go mbeadh ról níos gníomhaí acu, maidir le feallanna agus calaoisí a chur in iúl don réiteoir a thúisce a tharlaíonn siad. Ba mhaith liom go ndéanfadh coiste neamhspleách físeáin na gcluichí a scrúdú agus imreoirí a chleachtann imirt gharbh a aithint agus a thabhairt os a gcomhair. Tarlaíonn sé seo ó am go ham, ach ba mhaith liom go ndéanfaí é ar bhonn rialta agus go dtuigfeadh gach imreoir gur mar sin a bheadh.

An fhreagracht

Ba mhaith liom freisin go leagfaí freagracht ar bhainisteoirí foirne agus ar choistí contae maidir le hiompar a gcuid imreoirí agus go mbeadh iallach orthu gníomhú i gcás mí-iompair. Ba mhaith liom chomh maith, go ndéarfadh cumann na n-imreoirí, an GPA, go soiléir go bhfuil siad ar son cur i bhfeidhm rialacha na gcluichí agus údarás an réiteora, agus i gcoinne gach saghas calaoiseadóireachta, claonbheartaíochta, bréagadóireachta, imirt neamhspórtúil agus drochbhéasa ag imreoirí.Ba mhaith liom freisin go dtabharfaí tacaíocht do na réiteoirí trí gach cineál teicneolaíochta nua-aimseartha atá réasúnta a bheith ar fáil dóibh roimh, le linn agus tar éis cluichí a bhíonn faoina stiúir. Ba mhaith liom go ndéanfaí rialacha na peile agus na hiomána a theagasc i gceart d’imreoirí óga agus go múinfí dóibh cén chaoi le iad féin a iompar mar is ceart ar an bpáirc agus ómós a thabhairt don réiteoir. Agus ba mhaith liom go ndéanfadh an CLG soiléir cad é an riail faoin ‘gcearnóg bheag’, agus cad é an dearcadh oifigiúil maidir le tarraingt láimhe agus coise agus geansaí imreora eile, mar dar liom go mbaineann go leor de na calaoisí i gcluichí Gaelacha le lámha a bheith in áiteanna nach cóir dóibh a bheith.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.