AR NA SAOLTA SEO
An Stát Coiriúil
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Noam Chomsky, Norman Finkelstein, Israel Shahak agus daoine nach iad, tá siad go léir faoi amhras agus i gcontúirt an uisce faoi thalamh a ghníomhaíonn go láidir i gcoinne easaontóirí i SAM, de réir leabhair atá léite ag Maidhc Ó Cathail. Jeff Gates, Iarabhcóide do Choiste Airgeadais an tSeanaid i Stáit Aontaithe Mheiriceá a scríobh. Tugann Maidhc cuntas san alt seo ar chuid dá bhfuil le léamh ann.

Íomhá
Leabhar Jeff Gates
Íomhá
Ahmed Chalabi ar dheis
Íomhá
USS Liberty
Íomhá
Putin agus Khodorkovsky le chéile
Íomhá
Norman Finkelstein

Is iomaí duine a dhéanann iontas den tslí a chuirtear dallamullóg go héasca ar mhuintir Mheiriceá dul i mbun cogaidh i gcoinnenamhad’ mór an lae, in ainneoin na bhfíricí a léiríonn don domhan mór nach bagairt ar bith don impire dochloíte é. Léiríonn údar oirirc Meiriceánach i leabhar nua spleodrach an chaimiléireacht atá ag ciapadh na Stát Aontaithe le fada an lá, dar leis.

Ní scéal scéil ar an gcaimiléireacht i Washington atá ag Jeff Gates ina leabhar Guilt By Association a foilsíodh anuraidh. Chomh maith le comhairle ar pholasaí airgeadais a thabhairt do chúig thír déag is fiche, bhí Gates ina abhcóide don Choiste Airgeadais de chuid Sheanad na Stát Aontaithe ó 1980 go 1987. Lena chois sin, is údar é a bhfuil meas air cheana mar gheall ar dhá leabhar eile dá chuid, The Ownership Solution agus Democracy at Risk.

Is é ’How deception and self-deceit took America to war’ fotheidil a leabhair nua, agus míníonn Gates sa chéad chaibidil an chaoi ar baineadh leas as teoiric an imeartais le Meiriceá a thabhairt chun cogaidh sa Mheánoirthear ar leas Iosrael, tír atá ar thús cadhnaíochta i bhforbairt an bhrainse sin den mhatamaitic. D’fhéadfadh agent provocateur a bheith ag súil go mbainfeadh Meiriceá díoltas míleata amach ar ionsaithe 9/11, dar le Gates:

With fixed intelligence, that attack could be redirected to wage a long-planned war in Iraq - not for U.S. interests but on behalf of Greater Israel.”

Ar ndóigh, b’éigean do lucht tacaíochta Iosrael intinn na Meiriceánach a ullmhú i bhfad roimh 9/11. Mar chuid lárnach den ullmhúchán intinne, bhí John McCain agus Joseph Lieberman, beirt sheanadóirí a mhol an tAcht um Shaoradh na hIaráice i 1998, ag tacú leis an Iarácach corbtha Ahmad Chalabi mar chomharba ar Saddam Hussein ó 1991 ar aghaidh. Is é Chalabi an bréagadóir cruthanta a chuireadh Judith Miller, tuairsceoir leis an New York Times, a chuid faisnéise mímhacánta faoin Iaráic i láthair mar nuacht go rialta.

Ceithre lá i ndiaidh 9/11, bhí lucht an chogaidh nuachoimeádaigh chomh siúráilte go raibh muintir Mheiriceá ullmhaithe gur mhol Leas-Rúnaí Cosanta Paul Wolfowitz gur chóir d’arm SAM ionsaí a dhéanamh ar thír nach raibh baint dá laghad leis na hionsaithe sin. Mar is eol do chách anois, ní raibh ‘airm ollscriosúla’ ag Saddam Hussein ach oiread. Ach mar a deir Gates faoin Síónachas seo:

At the core of its duplicity lies an oft-deployed modus operandi: the displacement of facts with what people can be deceived to believe.”

An tSindeacáit Shíónach Leanann Gates lorg na caimiléireachta Síónaí siar go dtí na 1920í, san am a raibh cosc ar dheoch mheisciúil sna Stáit Aontaithe. Deis mhór a bhí ann cnap airgid a dhéanamh don dream nár mhiste leo an dlí a bhriseadh. Ba iad muintir Bronfman (atá i gceannas ar an gComhdháil Ghiúdach Dhomhanda) i gCeanada, ar leo Seagram & Sons, ba mhó a rinne go maith as an smugláil alcóil i bpáirtíocht leis an mbithiúnach Giúdach míchlúiteach Meyer Lansky.

Fear eile a rinne go maith as an gcoiriúlacht sin ná Kemper Marley a bhí i gceannas ar shindeacáit Bronfman-Lansky i stát Arizona. Nuair a cuireadh deireadh le ‘Prohibition’ i 1933, bhí Marley ar na dáileoirí Anheuser-Busch ba mhó sa tír. Ceaptar gur fhág sé an gnó tairbheach sin mar bhuíochas do James Hensley a fuair breith sé mhí a cuireadh ar fionraí i 1948, in ionad Marley é féin, maidir le dlí feidearálach alcóil a bhriseadh. Nuair a fuair Hensley bás i 2000, tháinig a iníon, Cindy, i gcomharbacht air. Bean chéile John McCain a bhí inti.

Ní hí muintir bhean chéile McCain amháin a bhfuil stair amhrasach aige nach eol do mhórán Meiriceánach. Bhí baint mhór ag athair an tseanadóra i bhforcheilt ar cheann de na heachtraí ba scanrúla i stair mhíleata SAM. Maraíodh 34 agus gortaíodh 174 mairnéalach Meiriceánach nuair a d’ionsaigh Iosrael an long USS Liberty ar an 8 Meitheamh, 1967. Ní fhéadfaí é a cheilt dá uireasa Admiral John S. McCain, de réir Gates:

Even before the court convened, Admiral McCain framed the findings to support Tel Aviv’s claim that, in the fog of war, its forces mistook a sophisticated U.S. Navy intelligence vessel for a dilapidated Egyptian freighter.”

Lean John McCain lorg fealltach a athar nuair a mhol sé The Liberty Incident, leabhar le Jay Cristol a foilsíodh i 2002 a thacaigh le leithscéal ar leathmhaig na n-Iosraelach. Ach ní raibh Admiral Issac Kidd, a bhí ina uachtarán ar chúirt fhiosrúcháin faoin ionsaí, chomh muiníneach as an údar sin. Gníomhaire Iosraelach atá i gCristol, dar leis.

Agus níorbh é sin an t-aon uair ar chosain John McCain coireanna Iosraelacha. Cé gur chuala beagnach gach duine iomrá arOlagarcaigh na Rúise,’ ní heol do mhórán daoine go bhfuil clóichead, nó pas, Iosraelach ag beagnach gach duine díobh. Nuair a bhí easpa airgid ar rialtas Boris Yeltsin i lár na nóchaidí, mhol foireann comhairleoirí ó Ollscoil Harvard, a cuireadh ann ag Fo-Rúnaí Chiste an Stáit SAM Lawrence Summers, do na Rúisigh iasachtaí a fháil ó bhainc de chuid na n-olagarcach. Glacadh le scaireanna i gcomhlachtaí ola stáit mar chomhthaobhacht. Nuair a loiceadh ar na hiasachtaí, díoladh na scaireanna ar luach lascaine do na holagarcaigh céanna i gceantanna rigeáilte. Mheas Mikhail Gorbachev gur ghoid na holagarcaigh $1 trilliún ón stát Rúiseach sa ‘príobháideachas’ seo - nó ‘mafia-áideachas’ mar a thugann na Rúisigh air.

Nuair a chuir Vladimir Putin deireadh le creachadóireacht na n-olagarcach, cháin John McCain gníomhartha Putin mar “a creeping coup against the forces of democracy and market capitalism.” Thug McCain “cime polaitiúil” ar Mikhail Khodorkovsky a cuireadh i bpriosún as caimiléireacht agus as imghabháil cánach, tar éis $30 mbilliún de shaibhreas na tíre a bheith crúcáilte chuige féin agus é gan ach 32 bliain d’aois. Mar a chuir Gates é, caithfidh sé go raibh McCain “aineolach faoi - nó comhpháirteach i - gcoirpeacht eagraithe na Rúise.”

An Frith-Sheimiteachas Nua

Tuigeann Gates go maith go gcuirfear ‘frith-Sheimiteachas’ ina leith mar gheall ar a leabhar nua, mar a tharlaíonn d’éinne a labhraíonn amach faoi choireanna Síónacha. Le tosach a bhaint de na hionsaithe ón dream ciontach, tugann sé cur síos sa chaibidil, “An Frith-Sheimiteachas Nua,” ar an imeaglú a dhéanann grúpaí ar nós an Anti-Defamation League (ADL) ar dhaoine, idir Ghiúdach agus Ghintlí, a thagann salach ar na Síónaigh. Thug stiúrthóir an ADL, Abraham Foxman, “frith-Sheimiteach” ar iar-Uachtarán SAM Jimmy Carter nuair a foilsíodh a leabhar, Palestine: Peace Not Apartheid, i 2006, cé go ndearna Carter go leor le síocháin a thabhairt d’Iosrael agus é sa Teach Bán. Fear eile a chuireann na póilíní smaointeoireachta Síónacha ar mire ná an tOllamh Norman Finkelstein, Giúdach agus údar frith-Shíónach The Holocaust Industry agus Beyond Chutzpah: The Misuse of Anti-Semitism. Tar éis feachtas fíochmhar a stiúir an dlíodóir Alan Dershowitz, diúltaíodh seilbhíocht do Finkelstein ag Ollscoil DePaul i Chicago.

Giúdaigh an Fhrith-Shíónachais

Mar aon le Giúdaigh shaolta frith-Shíónach ar nós Finkelstein, Noam Chomsky agus Israel Shahak, tagraíonn Gates do ghrúpa Giúdach for-Cheartchreidmheach atá glan in aghaidh an tSíónachais. Is ‘ailse’ é Iosrael do Ghiúdaigh toisc go bhfuil coincheap den stát Iosraelach ag sárú an teagaisc Ghiúdaigh, dar le baill de Neturei Karta (Féach www.nkusa.org). Theip ar an frith-Sheimiteachas nua mar straitéis, dar le Gates, óir is deacair míchlú ‘frith-Sheimiteach’ a chur ar raibithe!

Má cheapann éinne go bhfuil na Stáit Aontaithe tagtha slán ó dhrochthionchar na Síónach anois, tharla gur chloígh Obama Mc Cain i dtoghchán na huachtaránachta, ní thugann Jeff Gates mórán dóchais dó. Ba iad dhá chlann as Chicago - Crown agus Pritzker - a raibh baint acu leis an tsindeacáit choiriúil Shíónach ó na 1920í ar aghaidh, chomh maith le George Soros, ar na ranníocóirí ba mhó d’fheachtas Obama. Ní hionann sin is rá gur drochuachtarán a bheas in Obama, dar le Gates.

However, the facts suggest that he would not be a candidate if syndicate operatives were not confident of his behaviour as a pliable and reliable asset.”

Is féidir níos mó eolais a fháil faoi leabhar Jeff Gates, Guilt By Association, ar an suíomh idirlín,www.criminalstate.com. Féach freisin www.whatreallyhappened.com agus www.freewebs.com/jewsagainstzionism/index

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.