THALL IS ABHUS
Deireadh le Ré an ‘Ghlig Ghleag’?
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Nuair a thug airí rialtais cogar i gcluais, go poiblí, do leithéidí Micheal Fingleton agus Gerry Mc Caughey abhus an mhí seo caite, bhí an chuma ar an scéal go raibh mórán an obair chéanna ar bun ag Francaigh na Gailltíre, an ghoimh a bhaint as an fhírinne shearbh, ach a bhaint as ar an gcúlráid. An mbeidh páiste eile ag Carla Bruni nó nach mbeidh? Ba leamh le PJ Mac Gabhann roinnt de scéalta gan téagar na meán thall.

Íomhá
Margadh in Aix-en-Provence
Íomhá
Marie Antoinette - Ithidís císte
Íomhá
Ealaín an Éirí Amach i nDax
Íomhá
An Pilibín

‘Muna bhfuil uaireadóir Rolex agat agus tú ag tarraingt ar an leathchéad, tá do shaol teipthe ort.’ Seo mar a dúirt Jacques Séguéla, duine a bhain clú amach dó féin i dtionscal na fógraíochta, ar chainéal teilifíse France 2 le déanaí. Cé go ndúirt sé go gairid ina dhiaidh sin nach raibh sa ráiteas ach amaidí, chuir a raibh le rá aige fearg ar go leor - Patrick Savidan, uachtarán an Observatoire des inégalités (www.inegalites.fr) ina measc. Tá daoine ann, a scríobh sé sa nuachtán Libération ar an 23 Feabhra, agus is ar éigean go bhfuil siad in ann maireachtáil ar an bpá íosta mhíosúil. Ní bheidh sé ar a gcumas acu Rolex a cheannach riamh. Ach is dócha go bhfuil tosaíochtaí eile acu sa saol seachas Rolex.

De réir mar a thuigim, is mó an tionchar atá ag an gcúlú geilleagair ar an saol in Éirinn ná ar an saol anseo sa Fhrainc. Labhraítear, cinnte, faoin ráta dífhostaíochta a bheith ag dul in airde, faoin éigeandáil sa tionscal mótair agus faoin ghéarchéim mhuiníne atá ag daoine as na forais airgeadais, ach feictear dom go ndéantar bainistíocht ghlic ar dháileadh na drochnuachta seo sa chaoi is nach gcuirfear lagmhisneach amach is amach ar na Francaigh.

Ach tá an ghéarchéim ann mar sin féin. Tá bialann gar don áit a bhfuil cónaí orm agus menu de crise fógraithe ann ó thús mhí Eanáir seo caite. €5 ar bhéile an mhéanlae, príomhchúrsa agus milseog san áireamh. Bhí sé tugtha faoi deara ag an úinéir go raibh go leor dá chuid custaiméirí ag dul chuig an sandwicherie áitiúil chun ceapaire agus deoch a cheannach ag am lóin in ionad teacht chuige. Shocraigh sé dul in iomaíocht. ‘Stop aux sandwichs!’ atá ar fhógra san fhuinneog aige agus chuir sé an béile ar €5 ar bun chun an clientèle a mhealladh ar ais.

An margadh dubh nó an morgadh bán?

Comhartha eile den crise is ea an t-alt seachtainiúil, gach Luan, i Libération: La vie ric-rac. Déantar cur síos san alt seo ar na bealaí beaga ina bhfuil dearcadh agus iompar daoine ag athrú anois go bhfuil an t-airgead ag éirí gann. Insíodh an tseachtain seo caite (09.03.09) gur ann do marché noir in áiteanna éagsúla san ardchathair ina mbíonn tairgí bia ar díol (iógart, liamhás srl) atá imithe ó mhaith de réir an dáta ar an bpacáiste nó torthaí agus glasraí atá idir maothlaithe is meathlaithe agus nach bhfuil, dá bhrí sin, indíolta a thuilleadh. Bailítear na tairgí seo ó bhoscaí bruscair na n-ollmhargaí nó ón talamh ar na laethanta a bhíonn na margaí sráide ar siúl. Is seandaoine den chuid is mó atá i mbun an ghnó seo, daoine nach leor dóibh an liúntas pinsin atá acu leis an snáithe a choinneáil faoin bhfiacail. In áit comhairle an cháca mhilis a thug Marie-

Antoinette tráth, tá an seanduine le bheith ag placadh torthaí is glasraí na foraibíochta.

I La vie ric-rac an lae inniu (16.03.09), ba é scéal Guillaume a bhí faoi chaibidil. Duine sans histoires is ea Guillaume. Dúradh linn gur chaill sé a phost tamall gearr ó shin. Nuair a tháinig deireadh leis an liúntas dífhostaíochta a bhíodh le fáil aige, fágadh ar an ngannchuid é. Is ansin a shocraigh sé siopaí an cheantair a robáil. Gnáthshiopaí ar dtús agus ansin na siopaí poitigéara, uaireanta dhá cheann in aon lá amháin. Suimeanna beaga airgid - €200 nó €150. Ghabh na póilíní é sa deireadh gan mórán dua.

Tuigtear go bhféadfaidh an t-ardú ar líon na ndaoine atá dífhostaithe a bheith ina údar leis an mborradh atá faoin robáil armtha, suas 15.4% in 2008 i gcomparáid leis an mbliain a chuaigh roimhe. Agus na léirsithe in aghaidh la vie chère a chonachtas le roinnt seachtainí anuas i Martainíc agus i nGuadalúip ar éigean thart, is léir go bhfuil na seirbhísí póilíneachta san airdeall ar aon chorraíl shibhialta.

Fuadach feidhmeannaigh

Agus a chúis acu! D’fhuadaigh oibrithe i monarcha de chuid Sony, gar do Dax in iardheisceart na Fraince, an príomhfheidhmeannach atá acu nuair a fógraíodh go ndúnfaí an mhonarcha i mí Aibreáin. Choinnigh siad thar oíche é go dtí gur glacadh lena gcuid éileamh maidir le híocaíochtaí breise iomarcaíochta. Ina theannta sin, rinneadh ionsaí uibheacha ar phríomhfheidhmeannach na monarchan Continental (aerbhoinn rotha) i Clairoix, gar do Pháras, tar éis dó dúnadh na monarchan a fhógairt. Mar a scríobhadh i Libération ar an 14 Márta: Sale temps pour les dirigeants d’entreprise.

Thaispeáin suirbhé a rinne an Institut Français d’Opinion Publique (www.ifop.com) do Paris Match agus a foilsíodh ar an 17 Márta go raibh 78% den phobal i bhfábhar na stailce ginearálta ar an 19 Márta, an leibhéal tacaíochta is mó a tugadh do stailc ar bith sa Fhrainc le deich mbliana anuas.

Cleas an philibín

Cúis imní cinnte do rialtas Sarkozy. Ach le roinnt ama anuas, tá sé tugtha faoi deara agam go n-ardaítear i gcónaí ábhar conspóide éigin sna sála ar aon drochnuacht eacnamaíochta. Scéal an Rolex, mar shampla. Nó Carla Bruni ag rá i Madame Figaro ar an 7 Márta ‘gur mhaith léi páiste eile a bheith aici’, agus má tharlaíonn sé nach n-éiríonn sí torrach toisc an aois atá uirthi - tá Carla Bruni-Sarkozy 41 bliain d’aois – ba bhreá léi páiste a uchtú. Nó scéal Benedict XVI agus úsáid coiscíní ar mhór-roinn na hAfraice. Creidim go mbaintear úsáid as na scéalta seo chun aird an phobail a dhíriú ar cheisteanna eile seachas ar an drochstaid ina bhfuil geilleagar na tíre.

Seift eile ná a thaispeáint go bhfuil comhbhá ag an rialtas don phobal. Nuair a d’fhógair an comhlacht Total, a raibh brabach €14 billiún aige in 2008, go raibh sé i gceist fáil réidh le níos mó ná 500 post sna scaglanna ola atá acu sa Fhrainc, thug an tAire Stáit i Roinn na Fostaíochta, Laurent Wauquiez, le fios gur mhór an oilbhéim a leithéid de chinneadh agus gur cheart do Total dearcadh níos freagraí a ghlacadh i leith na n-oibrithe a raibh a gcuid postanna faoi bhagairt. Chualathas le déanaí an tAire Airgeadais, Christine Lagarde, ag rá go mbeidh an rialtas ag cur go mór in aghaidh aon íocaíocht bhreise le príomhfheidhmeannach a ligeann oibrithe chun siúil i mbliana.

Mar sin, la France solidaire. Tá an t-am tagtha, is cosúil, más faoi Rolex (agus an Patek Philippe agus an Breitling) thú, é a chaitheamh go humhal feasta agus sotal is gáifeacht an tsaibhris a chaitheamh de leataobh!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.