Bhí John Ging ar ais in Éirinn deireadh Mí Márta agus chas Robert McMillen leis. Is dócha gur shíl roinnt daoine a chonaic ar an teilifís é faoi Nollaig agus tús na bliana seo nach mbainfeadh sé tír na hÉireann amach slán a choíche feasta lena raibh de chontúirt thart ina ghaobhar i nGaza ag an am. Bhain agus thug sé cuntas do Robert ar chuid dá shaol oibre ón Liobáin go dtí an Chosaiv, go Ruanda agus go Gaza.
Fanfaidh an íomhá i mo chuimhne go ceann fada. Fear as iarthar domhain agus fearg an tsaoil láimhe air le linn ionsaí Iosrael ar Ghaza, é ag caint ar a bhfaca sé d’uafás taobh istigh den otharlann ar a chúl. Ba é John Ging, arb as Port Laoise ó dhúchas dó, an fear sin. Tá Ging ina cheannaire ar Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Lucht Dídine agus Oibreacha (UNRWA) agus ba mhinic é ar an scáilean mar dhuine den bheagán coimhthíoch taobh istigh den limistéar a bhí in ann cuntas neamhspleách a thabhairt ar a raibh ag titim amach ann le linn an ionsaithe 22-lá. Dúirt mé liom féin, caithfidh mé labhairt leis an fhear sin ach ní bheinn ábalta dul go Gaza agus ní bheadh faill agam teagmháil a dhéanamh leis bealach ar bith eile dar liom.
Ach bí ag caint ar Mohamad agus na sléibhte, bhí John Ging i mBéal Feirste an mhí seo caite, ar cuireadh ó Thrócaire, le caint a thabhairt ar an dóigh is fearr le sibhialtaigh a chosaint le linn coimhlintí mileata. Bhí sé deas a bheith ag caint leis i mBéal Feirste faoi shíocháin, chan ionann agus áit a d’fhág sé cúpla lá roimhe.
“Is lóchrann dóchais sibh don saol mór mar caitheann muid samplaí coincréiteacha a bheith againn mar tá na teoiricí uilig againn ach is tearc iad na heiseamláir ar éirigh leo sa saol réadúil,” arsa Ging agus é ar a shuaimhneas i gculaith dhorcha ghorm.
Chonaic an tÉireannach an teip agus an rath le linn a chuid oibre ó 1974 ar aghaidh. Tháinig sé ar an saol i 1956 agus liostáil san arm agus é 17 mbliana d’aois. Cén fáth gur roghnaigh sé an tsaighdiúireacht mar shlí bheatha?
“Bhuel, thug sé deiseanna dom scileanna ceannaireachta a fhoghlaim agus chuir an tArm oideachas tríú leibhéal ar fáil,” ar sé. “Mheall an dá ghné sin mé agus tá mé ag baint tairbhe astu ó shin. Faigheann tú buneolas iontach maith fríd an traenáil i gcúrsaí ceannaireachta agus bainistíochta agus faigheann tú léargas ar chúrsaí slándála. Laghdaíonn sé an diamhracht a bhaineann leis. Tá mé thar a bheith buíoch, san áit a bhfuil mé ag obair anois, nach mistéir ar bith é an dinimic mhíleata atá ag feidhmiú – an éagsúlacht aigne, na heachtraí, an t-iompar, tuigim iad uilig.
“Chomh maith leis sin, mar abhcóide cáilithe, níl mistéir ag baint leis an dlí ach oiread. Mar sin, tá sé ríshoiléir domsa go bhfuil forlámhas an dlí, os cionn gach rud eile, iontach tábhachtach agus tuigim sin i ndiaidh mé a bheith ag feidhmiú leis an Arm in áiteanna eile ar fud an domhain ina bhfuil coimhlint.”
Ruanda
Ach má tá tú ag iarraidh scéalta eachtraíochta ó Ging, beidh díomá ort. Fear stuama, cúlánta atá ann. Chaith an Laoiseach seal in Arm na hÉireann sa Liobáin ag deireadh na 1980í sular aistríodh é go GOAL a bhí ag obair i Ruanda. Tá John ag obair le heagraíochtaí idirnáisiúnta sibhialtacha ó shin i leith, i mBoisnia-Heirseagaivéin, sa Chosaiv agus anois i nGaza, ach is samplaí loma soiléire iad na coimhlintí sin de theip Eagraíocht na Náisiún Aontaithe, go háirithe Ruanda.
“Cinnte, tá sin ceart,” ar sé. “Ní raibh mé ag na Náisiúin Aontaithe ag an am, bhí mé le feachtas fóirithinte GOAL i Ruanda ach cinnte, chonaic mé torthaí theip na Náisiún Aontaithe le mo dhá shúil féin.
“Ina dhiaidh sin, bhí mé ag obair ar feadh naoi mbliana sna Stáit Bhalcánacha agus theip na Náisiúin Aontaithe ar na daoine ansin fosta agus an glanadh eitneach ag dul ar aghaidh. “Ach aithníonn an eagraíocht na teipeanna sin agus tá obair mhaith á déanamh sna ceantair sin ó shin, ach ní fhoghlaimíonn muid go leor agus ní fhoghlaimíonn muid in am trátha. Má théann tú go dtí an Congó, má théann tú go Darfur agus an tSúdáin, má théann tú go Gaza, tá ag teip orainn go fóill. Bíodh muid ionraic faoi. Tá daoine á marú de dheasca na teipe sin,” ar sé.I Ruanda, bhí sé de chúram ar Ging 40,000 duine a dúnmharaíodh le linn an chinedhíothaithe ansin i 1994 a adhlacadh. Ar fhág sin a lorg air? An féidir leis dearmad a dhéanamh ar a mhothúcháin féin le go dtig leis jab a dhéanamh, a d’fhiafraigh mé de?
“Bhuel, mar dhaoine daonna, tá muid bogtha ag gach rud a fheiceann agus a mhothaíonn muid. Nuair a chuaigh mé go Ruanda, ní raibh a fhios agam go mbeinn inchurtha leis an dúshlán, ag bualadh leis an bhás ar scála nach dtiocfadh liom a shábháil. Ach tá rud éigin taobh istigh dínn a thugann neart dúinn leanstan ar aghaidh nuair atá an tiomántas ionat cuidiú le daoine. “Faigheann an mhian sin cuidiú le daoine an lámh in uachtar a fháil ar shuaitheadh mór an uafáis atá le feiceáil os comhair do dhá shúil,” arsa Ging.
I ndiaidh a bheith i Ruanda, bhog Ging chun na hEorpa le post a fháil ag an OSCE (Organisation for Security and Operation in Europe), leagan Eorpach de na Náisiúin Aontaithe. Bhí sé ina cheann foirne sna Stáit Bhalcánacha, tráth a raibh an OSCE ag reachtáil toghchán mar níorbh ann don bhonneagar cuí toghcháin a reáchtáil i ndiaidh na coimhlinte ansin. Bhí an córas polaitiúil ina chiolar ciot agus b’éigean eagraíocht idirnáisiúnta neamhspleách ón taobh amuigh, an OSCE, a thabhairt isteach leis na toghcháin a reachtáil.
Deir John go raibh gnéithe éagsúla iontach tábhachtach an tráth sin, - cearta daonna; filleadh daoine ar a dtithe i ndiaidh iad a bheith ina dteifigh le linn na coimhlinte agus an dlí uilig a bhain leis sin; tógáil an daonlathais in áit nach raibh an daonlathas ann; ag obair leis an tsochaí shibhialtach - daoine óga, mná ach go háirithe agus ag athrú an chórais mhíleata. “Bhí orainn trí Arm a mheascadh ina aon Arm amháin le misean comónta amháin. Dúshlán mór a bhí ann náisiún a thógáil ina tír dhaonlathach, dhleathach, shábháilte.”
An Chosaiv
Uaidh sin, chuaigh Ging go dtí an Chosaiv, mar cheann foirne arís, ach admhaíonn sé nach bhfuil aon slaitín draíochta leis an daonlathas a chur i bhfeidhm, go mbraitheann sé ar mhianta na ndaoine. Rud ar bith a thógtar le toil na ndaoine, beidh sé inmharthana, dar leis. Ar an drochuair, in áiteanna éagsúla, tá réimse pobal náisiúntachta agus/nó grúpaí eitneacha agus is éigean gach ceann a shásamh.
“Tá sé sin fíor agus sin an fáth go bhfuil a oiread sin tábhachta ag baint le Dearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine,” arsa John. I ndiaidh an Dara Chogaidh Domhanda agus an domhan ag iarraidh theacht ar fhoirmle a chuirfeadh deireadh leis an choimhlint, dréachtadh 30 mír iontach simplí a mhaolódh cnámha spairne idirnáisiúnta dá nglacfaí leo, dar le lucht a ndréachtaithe. “Mar a deir sé sa preamble: “De bhrí gur thionscain an neamhaird agus an mímheas ar chearta an duine gníomhartha barbartha ...” Bíonn coimhlintí ann ach ag deireadh an lae, nuair atá deireadh leis an chogaíocht, filleann gach duine ar chúrsaí polaitíochta, agus ar chearta bunúsacha an duine - caoinfhulaingt, meas, ceart agus mar sin de.”
Toghchán Ghaza 2006
I nGaza, tá foireann 10,000 duine ag Ging agus buiséad $400 milliún. Agus é ar tí dul go Gaza i mí Feabhra, 2006, admhaíonn Ging nár thuig sé cad é bhí roimhe.“Níor thuig ar chor ar bith mar, ag an am sin, bhí scenario éagsúil ar fad ann,” ar sé. “Ag deireadh 2005, bhí na hIosraelaigh díreach i ndiaidh tarraingt amach as Gaza, bhain siad féin na lonnaíochtaí midhleathacha anuas as a stuaim féin agus bhí an dóchas forleathan go raibh réiteach ar na gaobhair.
“Bhí na hIosraelaigh imithe go fisiciúil, bhí caint ar athnuachán eacnamaíochta agus ar an Diaspora Palaistíneach ag filleadh, ar dheiseanna forbartha i gceantar álainn Meánmhara.“Ach ansin, i mí Eanáir 2006 reáchtáladh toghcháin agus bhain Hamas an toghchán sin. D’athraigh gach rud mar bhí freasúra le toradh an toghcháin sin a mhúch an dóchas a bhí ag daoine.
“Tá smachtbhannaí i bhfeidhm ó shin i leith, druidim na teorann agus tá ciorcal iontach gríosaitheach foréigin i bhfeidhm ó shin,” ar sé. Tá sé róshimplí a rá gur tharla an foréigin cionn is nár ghlac Iosrael le toil mhuintir Ghaza mar a chuir siad in iúl é i dtoghchán 2006, dar leis an Éireannach. Is teip chomhchoiteann polaitíochta é a chaithfear a chur ina cheart.
“Caithfidh muid tosú anois ón bhun aníos, chan ón pholaitíocht anuas,” ar sé. “Tá an pholaitíocht i bhfad róchasta, tá sé mar a bheadh poll dubh ann, súnn sé an bheatha agus an fuinneamh isteach ann féin agus ní éalaíonn a dhath uaithi. Tá daoine ag fáil bháis san idirlinn agus iad beo sna cúinsí is ainnise.
“Caithfidh muid tús aite a thabhairt dóibh sin, gnáthshibhialtaigh, agus ceart a thabhairt dóibh. Caithfidh cead a bheith acu imeacht as Gaza nó filleadh air, fiú más gá córas casta dianslándála a chur i bhfeidhm. Caithfidh muid gan iad a fhágáil chun fáin gan saorchead taistil - mic léinn nach féidir staidéar a dhéanamh thar lear ainneoin go bhfuil scoláireachtaí gnóthaithe acu, fir ghnó, oibrithe fánacha a chuirfeadh airgead chun an bhaile chun sochair a dteaghlach, agus mar sin de.” Ní leor é “géarchéim daonnachta” a thabhairt air, dar le Ging.
Béal Feirste a bheith faoi léigear
Cuir i gcás muintir Phort Laoise, nó na Gaillimhe, nó Bhéal Feirste agus gan iad ábalta an chathair a fhágáil, gach a bhfuil istigh sa limistéar sin, sin a saol iomlán. Ní féidir go leor bia a fháil le tú a chothú. Níl trácht nó gnó ar bith ag dul ar aghaidh. Níl monarcha ar bith ag déanamh earraí mar níl na hábhair acu, tá siad druidte. Gach gné den saol, tá siad druidte. “Is é an ról atá againne,” arsa Ging, “ná daoine a choinneáil beo, sin uilig, ach tá bonneagar an leighis féin ag titim as a chéile. Mar shampla, má tá tú ar scagdhealú, gheobhaidh tú scagdhealú ach ní chomh rialta agus ba chóir. Tá cuid mhór daoine ag fuilstin cuid mhór go fisiciúil agus ar bhonn síceolaíochta.
“Meas tú nach dtig le rudaí a bheith níos measa agus ansin, éiríonn siad níos measa,” ar sé.D’éirigh siad ní ba mheasa i mí na Nollag anuraidh nuair a rinne Iosrael ionsaí fíochmhar ar Ghaza ar feadh 22 lá inar maraíodh breis is 1,300 Palaistíneach agus 13 Iosraelach. Ní tharlódh an t-ionsaí mura mbeadh diúracáin á scaoileadh ó Ghaza ar bhailte san Iosrael agus tá freagrachtaí ar gach taobh, dar le Ging.
“Ní ceadmhach diúracáin a scaoileadh ar Iosrael cionn is go bhfuil Gaza faoi léigear aige. Tá sé in éadan an dlí idirnáisiúnta. Maidir le hIosrael, ní thugann scaoileadh na diúracán seo cead di smachtbhannaí a chur i bhfeidhm a imríonn tionchar ar gach duine i nGaza. Maidir le “coireanna cogaidh” leagann Ging, an t-abhcóide, béim ar fhianaise.
(Rud suimiúil a d’fhoghlaim mé féin, baineann sé le fosfar bán a bhí in úsáid ag na hIosraelaigh le linn an chogaidh i mbliana. De réir an dlí idirnáisiúnta, níl sé ceadmhach daoine a mharú le fosfar bán, ach tá cead ag airm ceantair a shoilsiú le fosfar bán nó toit a chruthú leis. An raibh sé amhlaidh agus iad ag ionsaí Ghaza? Fágfaidh muid sin ag na saineolaithe. Cibé, is cuma le gaolta na marbh.)
Sa Tóir ar an Fhírinne
Cad é thig le daoine taobh amuigh de Ghaza a dhéanamh? Caithfidh muid bheith sa tóir ar an fhirinne agus ar an cheart, dar le Ging.Fásfaidh an ceart sin as forlámhas an dlí, dar leis.“Ní rud idéalach é forlámhas an dlí, cruthóidh sé an deis dúinn a bheith beo i sochaí shibhialta a ligfidh dúinn a bhfuil ar ár gcumas a bhaint amach. Gan é, beidh forlámhas an ghunna i réim, bás agus léirscrios.Deir sé go ndéantar polaitiú ar gach gné den saol i nGaza. Déantar mífhaisnéis ar gach gné ag gach taobh ach is éigean dul sa tóir ar an fhirinne. Má tá dul chun cinn le déanamh, má tá polasaithe le cur i bhfeidhm atá dleathach agus gnímh atá tomhaiste de réir chaighdeán gach dream sa choimhlint, caithfidh muid na fíricí a bhunú, dár leis.“Mholfainn do gach duine an fhírinne a aimsiú i measc chastacht na polaitíochta agus na bolscaireachta aontaobhaigh,” ar sé.
Thug Ging sampla den mhíthuigbheáil dá bhfuil ag titim amach i nGaza.“Fuair muid ráiteas polasaithe (ó na hIosraelaigh) a dúirt: ‘Tá sé mar aidhm againn bonneagar na sceimhle a scriosadh agus le deireadh a chur le seoladh diúracán ar Iosrael. Ach cad é a tharla?”“Bhuel, séard a tharla ná gur scriosadh, ní bonneagar na sceimhle, ach bonneagar an oideachais. Leagadh an American International School, siombal an tsaoltachais, siombal go bhfuil daoine ag iarraidh a bheith i dteagmháil leis an domhan mór taobh amuigh de Ghaza. Bhí an curaclam á theagasc tríd an Bhéarla, agus níor thaitin an scoil seo leis na hantoiscigh taobh istigh de Ghaza a rinne ionsaí uirthi dhá uair le bliain go leith anuas ach níor éirigh leo sin é a leagadh. Anois tá sé ina smionagair.”
Cead Taistil
Deir Ging go ndearnadh ionsaí, ní ar bonneagar na sceimhle ach ar bonneagar geilleagar Ghaza. “Tá geilleagar Ghaza faoi stiúir cairde Iosraeil,” ar sé. “Más fear gnó thú i nGaza, is éigean duit a bheith cairdiúil le daoine in Iosrael le feidhmiú, mar caithfidh tú “security clearance” a fháil a ligfidh duit Gaza a fhágáil le do ghnó a dhéanamh. Caithfidh tú cead a fháil le hearraí a thabhairt isteach go Gaza. Tá go leor de mhuintir Ghaza a bhfuil fíorchairdeas dáiríre acu le hIosraelaigh agus tá comhoibriú rathúil eacnamaíochta ag dul ar aghaidh eatarthu le deicheanna de bhlianta.“Ach i súile na n-antoisceach i nGaza, is comhoibrithe leis an namhaid iad na fir ghnó seo. Sin an difir idir an reitric agus an réadúlacht. Ba mhaith le bunús mhuintir Ghaza a bheith beo i gcaidreamh síochánta lena gcomharsana, ní scartha uathu ach ag comhoibriú leo chun leas a chéile ar bhonn cultúir, sóisialta, eacnamaíochta, agus ar gach bealach eile. Bhí siad á dhéanamh ar feadh tamaill fhada.“Ach cad é a tharla trí lá sular tháinig deireadh leis an choimhlint agus fios ag gach duine go raibh sé ar tí críochnú agus rún de chuid na Náisiún Aontaithe glactha?“Bhog na hollscairtirí isteach go Gaza agus leag siad gnónna, stórais agus monarchana CHAIRDE Iosrael!
“Le linn na n-ionsaithe aeir, cad é na spriocanna a bhí acu? Bhuail siad an Roinn Airgeadais, bhuail siad an Roinn Ghnóthaí Eachtracha, scrios siad compound an Uachtaráin. Ní sceimhlitheoir ar bith é Mahmoud Abbas. Ní hionann a oifigí agus “bonneagar na sceimhle.