COMÓRTAIS
Comórtas Mhí an Aibreáin Beo!

Tá Oideas Gael suite i nGleann Cholm Cille i gContae Dhún na nGall. Bunaíodh é chun foghlaim agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus chun cultúr na Gaeilge a chothú laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

Bíonn cúrsaí ar siúl idir mí an Mheithimh agus mí Mheán Fómhair agus ag amanna eile den bhliain chomh maith. Gach bliain tagann foghlaimeoirí ó gach cearn den domhan chuig na cúrsaí. Bíonn trí leibhéal ar a laghad i ngach cúrsa agus maireann cúrsa seachtain de ghnáth. Bíonn cúrsaí oiliúna ar siúl dóibh siúd ar mian leo Gaeilge a mhúineadh do dhaoine fásta, chomh maith le cúrsaí cruinnis do dhaoine a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu ach gur mian leo cur lena gcruinneas agus lena saibhreas teanga. Bíonn cúrsaí cultúrtha ar fáil freisin sa cheol agus san amhránaíocht thraidisiúnta, i ndamhsa seite, sa tseandálaíocht, chomh maith le siúlóidí sléibhe agus péintéireacht.

Seoladh: Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall.

Guthán: 00353 74 9730248

Ríomhphost: oideasgael@eircom.net

Idirlíon: www.Oideas-Gael.com

Tá trí dhuais á gcur ar fáil ag Oideas Gael do léitheoirí Beo!:

Duais 1. Cúrsa Gaeilge le Lóistín féinfhreastal do dheireadh seachtaine

Duais 2. Léine Polo Oideas Gael

Duais 3. DC Ceol 09

Chun a bheith san iomaíocht do na duaiseanna thuas, freagraí an ceist thíos:

Cé mhéad bliain Oideas Gael ar an bhfod?

Seol do fhreagra, d’ainm & seoladh, chuig eolas@beo.ie roimh 30ú Aibreán 2009.

Foilseofar ainmneacha na mbuaiteoirí sa chéad eagrán eile de Beo!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.