THALL IS ABHUS
Mo Sheal san Óstán Chelsea
Breandán de Gallaí Breandán de Gallaí

Shiúil Breandán de Gallaí dorchlaí stairiúla Sid Vicious, Nancy Spungeon bhocht agus Jimi Hendrix agus luigh le taibhsí cáiliúla eile i seanóstán i Nua-Eabhrac ar na mallaibh. Ríomhann sé san alt seo cuid de sheanchas an óstáin a chuaigh i bhfeidhm go mór air le linn a sheal san fhoirgneamh liostaithe.

Íomhá
Leaba den tseandéanamh
Íomhá
An Chelsea
Íomhá
Solas an lae in uachtar tí
Íomhá
Ag amharc amach
Íomhá
An t-údar sa seomra suí

Má thosaíonn tú amach ag an phointe is faide ó dheas ar an oileán agus gluaiseacht ó thuaidh fríd an cheantar airgeadais, tiocfaidh tú chuig Tribeca, Chinatown, Soho, an Iodáil Bheag, ansin an Lower East Side. Tá muid anois ag tarraingt ar Greenwich Village agus Chelsea – ceantar na healaíne agus ceantar Boihéamach atá níos mó cosúil le sráidbhaile duilleach le carachtar Eorpach nó ceantar a bheadh i gceannchathair.

Bhí daoine ‘na gcónaí anseo i bhfad sular bheartaigh ’n duine sráideanna a thógáil agus níl na sráideanna sin leagtha amach ar bhealach dronuilleogach mar atá i ngach áit eile i Manhattan, ach bóithre atá fite fuaite fríd a chéile, a dhéanann a gcomhairle féin, cheapfá. Má tá tú ar rian an Beat Generation cha dtig leat Greenwich Village agus Chelsea a sheachaint. Duine ar bith atá ag lorg stair Rock’n’Roll, ag cuardadh anamacha Bob Dylan, Janis Joplin, Leonard Cohen, Jim Morrison, NicoPatti Smith – bheul, tá seans maith go dtiocfaidh tú orthu, nó ar mhacalla de shórt inteacht díofa sna ballaí dearga de chuid an Chelsea Hotel. Foirgneamh liostaithe atá ag 222, West 23rd St., idir ascaillí a seacht agus a hocht, is iomaí amhrán iomráiteach a scríobhadh anseo. Ach gu’b é inimirce ealaíontóirí, cruthaitheoirí agus lucht critice, bhí an ceantar seo i mbaol a mhillte – bheadh sé leagtha go talamh agus bheadh na hilstóraigh a bhí a dtógáil ar fud an oileáin tógtha anseo fosta.

D’éirigh an áit seo faiseanta do na cnagairí, an lucht cnagarnaí nó beatnicks sna caogadaí. Sna seascaidí tháinig na crománaigh, nó na hippies. Lucht rac is roll nó na Rock’n’Rollers ansin sna seachtóidí agus sna ochtóidí, nó duine ar bith a bhí ag iarraidh a bheith réchúiseach nó ‘hip’ – bhog siad go dtí an “Village” nó go comharsanacht béal dorais, Chelsea, agus rinneadh siombailí díofa de mhodh maireachtála Nua-Eabhrac.

an tsochaí iar-nua-aoiseach fuadrach seo ag cur tús le nósanna, le níl a fhios c’fhad, don chuid eile den domhan. Ealaín, cultúr, tráchtáil – tá Nua-Eabhrac ag luascadh, ag snagcheoláil agus ag racáil is ag rolláil. Bíonn sí ag ‘siúl ar an taobh fhiáin’ i dtólamh.

Áit le Síneadh Siar

Níl in óstán do roinnt daoine ach áit le síneadh siar tar éis lá mór fada fánaíochta i gceantar coimhthíoch. Do dhaoine eile is deis éalaithe a bhíonn in óstán go háit chiúin shuaimhneach ar shiúl ó strus a tsaoil. Drochrud riachtanach, leadránach agus uaigneach a bhíos iontu ar mhuileann coise an tsaoil ghnó do dhream eile. Ach do dhaoine faoi leith ’s iad lárionad a mbeithsine. Seo mar atá an Chelsea. Is ceanncheathrú don ‘Beat Generation’ é.Tá an Chelsea cáiliúil fiú ó am Mark Twain, nuair a bhí sé ina chónaí i gceann de na seomraí. Chuir Thomas Wolfe agus Arthur Miller fúthu ansin chomh maith. Miller, an drámadóir cáiliúil a chónaigh ann ar feadh sé bliana – dúirt sé nár le Meiriceá an t-óstán seo agus nach raibh rialachanáire ar bith ann.Ba é an Chelsea an foirgneamh ba airde in NYC go dtí 1884. Tá an forhalla, nó an lobby, cósúil le dánlann – roinnt de na pictiúir ar taispeáint ann a choinnigh an t-óstán in ionad íocaíochta.Tá an bord fáilte gearrtha díreach amach as scannán dubh is bán. Téann na hardaitheoirí ag luas seilide suas agus anuas an foirgneamh 10 n-urlár seo. Níl a dhath galánta anseo (bainim úsáid as ‘galánta’ anseo, ní sa tslí a bhaineann Conallaigh úsáid as, ach ‘ardnósach’.) Poill san urlár, trupanna ag teacht as píopaí. Níl só an tsaoil le fáil ann, ach domhsa, bhí sé galánta ar bhealach níos tábhachtaí – an comhthimpeall nó an ambience, an neamhaontacht. Níl iompar ardnósach ceadaithe anseo

Fiú go fóill, níl ach céad amach as ceithre chéad de na ‘haonaid’ sa Chelsea ar fáil fá choinne gnáth-thurasóirí agus an chuid eile in úsáid le haghaidh cónaí buan. Tá an ceann is deise, uimhir 600 amuigh ar cíos ag lánúin aerach is cosúil, a scríobhann scéalta grá faoin ainm cleiteJudith Gould”.Má tá tú ag iarraidh fanacht ann is fiú an seomra a chur in áirithe cúpla mí sula dté tú ann nó is é ag íoc ar shon an chlú atá tú, agus ní as na seomraí iad féin. Thart fá $140 a bhíonn seomra a bhfuil radharc na sráide aige.

Dylan Thomas agus Bob Zimmerman

Tá scéal ag achan seomra. In 205 a bhí Dylan Thomas (a chuir ina luí ar an Uasal Zimmerman a ainm a athrú go Bob Dylan) nuair a thit sé isteach ina thámhshuan tar éis ocht déag de leathchinn uisce beatha. I seomra 100 a bhí Sid Vicious agus a chailín Nancy Spungeon nuair, ar maidin an t-aonú lá déag de Dheireadh Fómhair 1978, a fuarthas Spungeon dúnmharaithe ar urlár an tseomra fholctha. Gabhadh Vicious ach fuair sé féin bás go luath ina dhiaidh de ródháileog hearóin. Chónaigh Jimi Hendrix ansin, ag titim i ngrá agus ag turgnamh le drugaí chomh maith le rudaí eile. Bhí caidreamh suirí ag Janis Joplin ansin fosta, le Southern Comfort, chomh maith le Leonard Cohen. Arsa Cohen – “It’s one of those hotels that have everything that I love so well about hotels. I love hotels to which, at four a.m., you can bring along a midget, a bear and four ladies, drag them to your room and no one cares about it at all.”

Déanann sé cur síos ar seo ar fad san amhran “Chelsea Hotel”:

I remember you well in the Chelsea Hotel/ You were talking so brave and so free/ Giving me head on the unmade bed/ While the limousines wait in the street/ Those were the reasons and that was New York/ I was running for the money and the flesh/ That was called love for the workers in song/ Probably still is for those of us left.

Níl deireadh ar bith le háireamh na n-ainmneacha móra litríochta, an cheoil agus na healaíne a d’fhan ann – Jane Fonda, Jackson Pollock, Brendan Behan, Sarah Bernhardt. Scríobhadh úrscéalta, scripteanna scannáin agus péinteáladh pictiúirí ann. Scríobh Jon Bon Jovi “Midnight At Chelsea” i gcomhsheomraí uimhir 515. Rinne Warhol agus Nico scannán san óstán sna seascaidí. Tá roinnt mhaith de seo agus agallamh le Nico fá dtaobh de, le feiceáil ar Youtube. Nuair landáil muid isteach – “Tá t’am agaibh!”, arsa Stoner linn.

Buandaingneán na háite a bhí ann – gruaig fhada, spéaclóidí gréine, madadh agus ríomhaire. Ní raibh aithne ar bith aige orainn! Bhí an seomra dochreidte. D’fhan ceathrar againn ann i gcomhsheomraí a raibh dhá sheomra leapa, seomra suí agus cisteanach. Bhí sé déanta suas go caoithiúil acu le leapacha ceithre chuaille agus trioc seandachtaí nó retro. Deir siad gur óstán cóisire amach ’s amach atá ann ach ní raibh callán a’ bith ann ’fhad agus a bhí muidinne ann. D’fhan mé in óstáin eile i Nua-Eabhrac a bhí trí uaire níos daoire (nuair a bhí duine inteacht eile ag díol ar a shon). Bhí na seomraí bídeach agus bhí mé scriosta ag díol ar shon deochanna agus bia iontu. Níor gearradh orainn sa Chelsea ach $100 an duine san oíche. Tháinig na taibhsí saor in aisce!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.