CÚINNE NA nEALAÍON
Folcadh Fuaime
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Ag tabhairt cluas le héisteacht dá mothúcháin a bhí Colm Ó Snodaigh agus Dee le linn a bheith ag seinm ceoil. Neamhnítear an chluais, ar bhealach, le linn ceoil, le hais a mothaítear trí na céadfaí eile trí chéile. Imshruthlaítear, nó maothaítear, an duine sa cheol ag pointe éigin san fholcadh fuaime.

Íomhá
Dee (le Kila)
Íomhá
Alfred Tomatis (le Lena Tomatis)
Íomhá
Alfred Tomatis i mbun oibre (le Lena Tomatis)

Nuair a bhínn ag imirt ana-chuid sacair ní raibh aon ní níos fearr le mo chorp traochta a chneasú tar éis cluiche crua ná folcadán, lán go béal le uisce deargthe, a ghlacadh. Ní raibh aon ghá le bubble-shobal d’aon shaghas – ba leor teas an uisce le gach matán tuirseach agus gach cnámh cráite a mhealladh ar ais chun sláinte go mall, réidh. Tá rud éigin álainn, síochánta agus diamhair fiú, ag baint le folcadán (nó jakuzzi má tá pinginí agus an spás agat!) - solas íseal, boladh coinneal ar lasadh, ceol séimh ciúin ar siúl.

Tá píosa fada fiáin ceoil ag an mbanna dar theideal, Luna Park. Agus nuair a bhíonn muid á sheinnt, deintear sinn a imshruthlú i dtonnta fuaime. Bíonn na sruthanna seo chomh tréan uaireannta gur éasca an bunrithim a chailliúint. Is breá le Dee an mothúchán a thagann leis an bpíosa ceoil – deireann sí go bhfuil sé amhail is go mbíonn sí ag glacadh folcadh fuaime.

Lia na Linne inár nDiaidh

Agus na smaointe seo im cheann, smaoiníos siar ar agallamh leis an ndochtúir Francach, Alfred Tomatis, a léigh mé i leabhar dar teideal, Music – Physician for Times to Come (eag. Don Campbell). Aithnítear Tomatis ar dhuine des na mórfhealsúnaithe maidir le héisteacht, leigheas, agus an t-ábhar ar a nglaotar Audio-Phyco-Phonology. Cúrsaí cluaise! Is leor a rá go n-úsáidtear a theicnící go forleathan. I measc na nithe a thug sé faoi deara ná go raibh deacrachtaí éisteachta ag daoine le fadhbanna foghlamtha agus go bhféadfaí cuidiú leo ach díriú ar chúrsaí éisteachta.

San agalllamh, d’inis sé scéal álainn faoin gcuairt a thug sé ar mhainistir, sna seascaidí, de chuid na mBeinidicteach, sa Fhrainc. Bhí meath ar shaol na mainistreach agus cuireadh glaoch air, féachaint an mbeadh sé ábalta cuidiú leo an fhadhb a réiteach. B’í an bhunfhadhb áfach, ná, nach raibh a fhios ag éinne cad a bhí cearr!

Sarar tharla meath na mainistreach, bhíodh saol an-chompordach ag na manaigh. Mhaireadar i gciúnas agus chanadar san eaglais idir ceithre agus ocht n-uair an chloig in aghaidh an lae. Níor chodlaíodar ach timpeall ceithre uair an chloig gach oíche agus is beag a d’itheadar, cé gur obair throm feirme don chuid is mó a dhéanaidís seachas an canadh agus an urnaí. Bhí cáil orthu ní hamháin as a gcuid amhránaíochta, ach toisc a gcuid diansaothar oibre.

Máthair an Mheatha

Séard a tharla sa mhainistir ná gur tháinig ab úr chucu, ceannaire nua a bhí faoi thionchar Vatacán a Dó agus é lán de thuairimí nua. Chuir sé stad, a bheag nó a mhór, le cantain na salm ag súil go n-ardódh táirgeadh na feirme dá réir. Ba ghearr gur thosaigh saol na mainistreach ag teip áfach – na manaigh ag éirí tuirseach, tinn agus go dtí gur tháinig Tomatis ar cuairt, níor cheap éinne go raibh baint ag an dteip ná ag an easpa amhránaíochta lena chéile.

Is í an chluas an chéad bhall de bhaill chéadfaí an duine a aibíonn sa bhroinn. De réir Tomatis, is í an chluas an ball colainne is mó a thugann eolas don inchinn. Ní hamháin go ndéantar próiseáil ar fhuaimeanna ann, ach téann gach puinn eolas ó gach aon mhatán, teannán nó cnámh chuig an gcluais chomh maith mar is ann a rialaítear cothromaíocht an choirp. Seolann an t-eolas seo splancanna beaga leictreachais chuig an inchinn i.e beathaíonncothaíonn an cluas an inchinn.

Cantaireacht Ghréagórach a chleacht na manaigh - amhránaíocht mhall, beagnach gan rithim, canta i Laidin a líon an eaglais le guthanna fearúla, binne: le tonnta réidh fuaime a shruthlaigh timpeall orthu mar a mbeidís i bhfolcadh fuaime. Bhídís dá mbeathú féin leis an gcanadh, dá gcothú féin agus gan an canadh, thosaíodar ag éirí mífhollán agus tháinig an teip. Tar éis trí mhí dóibh filleadh ar a seanbhealaí, bhí an mhainistir ar ais mar a bhíodh agus na manaigh ar ais i mbarr a sláinte.

An Fuaimlios

Agus na smaointe seo uilig ag sruthlú tríd mo cheann cheapas go mbeadh sé go hálainn gléas éigin a bheith ann ina mbeadh muid in ann luí nó suí go compórdach agus go dtabharfaí suthaireacht fuaime dúinn! Nó cad faoi cúpla abairt ciúin calma ó mháthair nó ó dheirfiúr a thaifeadadh agus a mheascadh leis an bhfuaim – cén saghas leighis a bheadh ansin don duine faoi stró inchinne?

Smaointe fánacha iad seo agus gach seans go bhfuil díomhaointeoir diamhair éigin ag obair ar seo cheana féín – ba bhreá liom é a fhéachaint, má tá sé ann. Ach ar leibhéal níos dáiríre, ba bhreá liom cara liom, atá tinn, a bhreith liom chuig a leithéid de ghléas le suthaireacht ceoil agus fuaime a thabhairt di a bheathódh í, a chneasódh í. Folcadh fuaime a thabharfadh faoiseamh di mar a thug an gnáthfholcadh domsa tar éis mo chuid cluichí peile na blianta ó shoin.

Féach freisin: www.tomatis.com

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.