AR NA SAOLTA SEO
An tEarrach Thiar agus an Plaisteach Dubh
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

An féidir linn leanacht ar aghaidh ag milleadh gach áit inár dtimpeall?An gcomharthaíonn salachar tinneas intinne a bheith orainn mar dhream? Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar an earrach i gConamara, ach deir sé go bhfuil cuid den mhaitheas bainte as an Earrach ag an bplaisteach dubh, fágtha ina ndiaidh ag feilméirí.

Íomhá
An tEarrach Thiar
Íomhá
Cornán mór tite in altán
Íomhá
Mála, scartaire ag meirgeadh is plaisteach
Íomhá
Mála séidte
Íomhá
An tsreang nach lobhfaidh

Ar mo shiúl thart na laethanta seo, tá snafach an Earraigh ag borradh timpeall orm: an sabhaircín is an lus cromchinn faoi bhláth, an snag breac cruógach i mbun oibre ag bailiú ábhair don nead atá le déanamh sa chrann fuinseoige, na bachlóga ar na crainnte ag buinniú is ag cur amach duilleog, searrach ag láir na comharsan, iomairí fataí réitithe go neata agus méileach na n-uan le cloisteáil mar chúlcheol an tséasúir. Ach in ainneoin sin ar fad, tagaim abhaile ó mo shiúlóid faoi chantal. Tá na bóithríní loite le plaisteach dubh.

Níl sa bhfeilméireacht, thart ormsa, ach gné pháirtaimsire den saol ag mionlach. Cuid mhaith den ghlúin óg, ag ar fágadh talamh a muintire, ní bhacann siad le feilméireacht a dhéanamh a thuilleadh. Cuid mhaith de na garrantaí, a bhíodh coinnithe glan ag an seandream rompu, tá siad faoin dris is faoin raithneach anois. An gabháltas talún, a choinnigh greim le béal na nglúnta san am a caitheadh, breathnaítear air anois mar shuíomhanna ar a bhféadfaí tithe a thógáil, más féidir bealach timpeall ar an gcóras pleanála a aimsiú. Breathnaítear ar an gComhairleoir Contae áitiúil mar dhuine, a bhfuil sé mar phríomhdhualgas air, an cead pleanála ar na suíomhanna a éascú do úinéar na talún. Níl sé ach seachtain ó bhí fear ag inseacht dom an bealach ar éirigh leisriachtanas tithíochta’ a chruthú do iníon leis, atá ag staidéar i mBleá Cliath, sa gcaoi is go bhféadfadh sé cead pleanála a fháil in ainm na hiníne agus ansin an leath acra a dhíol ar €120,000 le fear, nach raibh riachtanas tithíochta ar bith aige.

An Mionlach gur Cuma Leo

Ach tá mionlach ag feilméireacht i gcónaí agus is maith an scéal é go bhfuil. Coinníonn siad na garrantaí glanta, coinníonn siad beithigh, caoirigh, caiple a dhéanann mo shiúloid laethúil níos spéisiúla. Ach faraor, fágann siad drochbhail ar an dtimpeallacht.

Ní shábháiltear mórán féir a thuilleadh mar go bhfuil an iomarca anró ag baint lena bhaint, lena shábháilt, lena stóráil. Ceannaítear isteach sadhlas, a thagann anoir ar lorraithe ón Achréidh, clúdaithe i bplaisteach dubh. Beathaíodh na beithigh i gcaitheamh an gheimhridh leis an sadhlas agus anois tá an plaisteach dubh gránna, ina raibh na cornáin sadhlais clúdaithe, caite ar na bóithríní, ina ribíní ar na sceacha nó greamaithe le sreanganna leictreachais.

Is mór an ghráin é, an plaisteach dubh céanna, fágtha mar rian an gheimhridh ar áilleacht an earraigh. Is mór an náire é. Baineann sé an maitheas as mo shiúlóíd. Cuireann sé olc orm: olc leis na feilméirí a fhágann an plaisteach dubh ina ndiaidh i dtosach ach is mó an t-olc atá orm leis na húdaráis nach gcuireann an dlí maidir le truailliú i bhfeidhm. Cuirfear an dlí ar lucht siopa mura gcoinníonn siad an cosán sráide saor ó bhruscar. Is féidir an dlí a chur ar iarrthóirí toghcháin nach mbainfidh postaeirí anuas th’éis toghcháin. Níor chuala mé aon chás inar cuireadh an dlí ar fheilméir mar gheall ar phlaisteach dubh an tsadhlais a fhágaint ina dhiaidh.

An tSeift

Seo a leanas mo mholadhsa le réiteach a fháil ar an bhfadhb truaillithe. Samhlaím go bhfuil mórán chuile dhuine dena truaillitheoirí cláraithe le REPS, an Rural Environmental Protection Scheme, faoina bhfaigheann siad slám maith airgid chuile bhliain leis an dtimpeallacht a chaomhnú, mar dhea. Shílfeá go mbeadh sé an-éasca coinníoll a leagan síos, go mbeadh ar fheilméir ar bith atá faoi scéim REPS, plaisteach dubh an tsadhlais a bhailiú suas agus fáil réidh leis i mbealach ceart? Ní bheadh sé deacair coinníoll mar é a chur i bhfeidhm. Ní theastódh ach ingearán a fháil lá amháin sa mhí, le duine ar bhord ag tógáil grianghrafanna den phlaisteach.

Ba ghá neart poiblíochta a thabhairt don bhagairt: plaisteach dubh ag geata do chuid talún, slán le deontas REPS. Samhlaigh an scéin a chuirfeadh sé sna truaillitheoirí: chuile uair a chloisfidís ingearán ar bith ag dul thart bheadh na truaillitheoirí scantraithe gurb é an t-ingearán atá curtha amach ag an Roinn le grianghrafanna a tharraingt den phlaisteach, atá fágtha ar a gcuid talún. Dá gcuirfí fíneáil ar na feilméirí atá ciontach, d’íocfadh sé as an ingearán.

I gcásanna mar seo, ní foláir do na údaráis a bheith seiftiúil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.