Ghrinnigh Pat Butler fíricí na cáinaisnéise inné agus bhreac roimhe mar a nocht an scéal i rith an tráthnóna. Beidh Mícheál Ó Máirtín saighdte amach chun tosaigh os comhair na meán leis an aoibh is fearr agus dea-leagan an rialtais a chur abhaile ar chách.
An chéad jab a bhí an Brian Ó Lionnacháin inniu ná Cainfhaisnéis Éigeandála Aibreán 2009 a thabhairt slán. Rinne amhlaidh. An bunjab déanta.
Na Ceannlínte
An tobhach sláinte dúbailte. 2% os cionn €17,500; 4% ag €50,000; 9% os cionn €300,000.
An tobhach ioncaim dúbailte – 2% os cionn €15,000; 4% ag €75,000; 6% ag €167,000.
Cáin ar Liúntas Leanaí, Cáin Réadmhaoine agus Cáin ar Charbón fógartha don mbliain seo chugainn.
Leanfaidh an feachtas ceartaithe seo ar feadh cúig bliana eile.
Deireadh le Bónas Leasa Shóisialaigh na Nollag.
Ciorrú 50% ar Dól orthu siúd fá 20 bliain d’aois.
Bunófar Áisíneacht Bainistíochta na Sóchmhainní Náisiúnta – ‘An Drochbhanc’.
€100m chun cabhrú le cruthú fostaíochta.
Liúntas na Leanaí Óga gearrtha siar 50%; deireadh leis an bhliain seo chugainn, ach bliain réamhscolaíochta ag gach aon pháiste sa Stát ina ionad.
Agus a lán eile. Ísleofar caighdeán maireachtála gach éinne againn suas le 10% - gach rud curtha san áireamh. Is níl ansin ach an tús.
Sin ráite, caidé faoi Bhuiséidí a thugann Jim Kemmy agus Earnán de Blaghad chun cuimhne dom?
Chuireas aithne fadó ar Jim Kemmy agus bóithre na hÉireann á siúl agam sna hochtóidí le ‘Ireland’s Eye’. Ionchollú luathfhoirmle ‘Nationwide’ na linne seo a bhí ann, ach bhí sé éagosúil leis sa mhéid seo a leanas. Ba lú na plugaí a thugamar, agus ba mhó ár suim, creidim, sa ghnáthphobal. D’fheicfeá leithéid Jim Kemmy, mar shampla, ar ‘Ireland’s Eye’.
Is ar éigin d’fheicfeá leithéid Earnán de Blaghad ar cheachtar den dá chlár teilifíse sin. Bhíodh leads mar Earnán iarrachtín róshollúnta, rótheann, róleamh, róghann ar lúcháir dúinn. Is beag an fháilte a chuirimís roimh a leithéid de shean-Fhaisisteach.
An Magadh go hÉag agus thairis sin
Agus scagadh á dhéanamh agam ar Cháinaisnéis na Mílaoise, Cáinaisnéis Uí Lionnacháin, Céad Cáinaisnéis Ceartaitheach tar éis an tSunami Geilleagair a scuab roimpi saofacht an Tíogair Cheiltigh go tóin poill le cumhacht doshásaithe a cuid feirge, nach ait mar a thagann Earnán de Blaghad agus Jim Kemmy chun cuimhne?
B’é Earnán cróga a ghearr réal ó Phinsean na Sean i gcáinaisnéis Fheabhra na bliana 1924. Níor maitheadh riamh dó é. Lean magadh spídiúil an Blaghdach, ní go béal na huaighe amháin, ach thairis isteach sa tsíoraíocht. Don leac is ísle agus is fuaire in Ifreann, más ann dá leithéid (agus Ifreann fuar a bhíodh ag na Gaeil, dála an scéil).
Áit ar chreid de Blaghad inti, is cosúil.
B’é Jim Kemmy a bhris comhrialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre nuair a theip ar John Bruton cáinaisnéis Eanáir 1982 a iomramh tríd an Dáil. Mhol Bruton go gcuirfí 18% de Cháin Bhreisluacha ar bhróga pháistí. Cheil Kemmy a thacaíocht agus thit an Rialtas. Lean cáil chrógacht Jim Kenny eisean isteach sa tsíoraíocht chomh maith. Don leac is airde sna Flaithis, más ann dá leithéid. Áit nár chreid Jim Kemmy inti, olc, maith ná donaí.
Níl a leithéid de rud ann agus buiséad gan chomhthéacs. Ní fearg agus fonn díoltais an phobail i leith na mbanc, na n-amhantraithe réadmhaoine, na forbarthóirí tógála, príomhstiúrthóirí na mbancanna, ciorcal órga na droinge damanta sin uilig a theilg sinn isteach i lár na bualtraí agus a tharraing an buiséad is déanaí seo ina sciúirse dubh aniar aduaidh orainn - ní sin an t-aon comhthéacs amháin do bhuiséad peannaideach Uí Lionnacháin.
Ceithre hÚdar na hAisléime
Tá comhthéacs eile ann. An chúig faoin gcéad sin tacaíochta breise a d’aisghlám Fianna Fáil ó Pháirtí an Lucht Oibre seachtain ó shin. An eacnamaíocht ag imeacht síos an tslogaide agus tagann aisléim, gan choinne, agus misneach i bhFianna Fáil. Thug sin uchtach dóibh dul sa seans an babhta seo. Dul san fhiontar polaitiúil. Dul go háit nár imigh Fianna Fáil riamh cheana. Chuig spagaí an dreama is mó a thacaíonn leo.
Bhí ceithre chúis leis an aisléim gan choinne sin.
Uimhir a haon - Enda Kenny.
Uimhir a dó – is lú is cuma anois leis an bpobal cé bhris an Tíogar Ceilteach, seachas cé is fearr atá in ann an cat spadhrúil sin a leigheas.
Uimhir a trí – údarás agus féinmhuinín úrnua an Taoisigh is an Aire Airgidis le tamall beag anuas.
Uimhir a ceathair – Micheál Martin, fear atá ag treabhadh leis go héifeachtach san Eoraip, sa Mheán Oirthear, sna Stáit Aontaithe, fear gan oiread agus smid smál lucht rachmais ag roinnt leis - fear atá curtha faoi dheireadh amach chun cás an Rialtais a dhéanamh. As na cúinsí sin uilig a tháinig bronntanas an chúig fán gcéad breise sin.
Chuir Fianna Fáil inniu a lámha go doimhin i bpócaí drogallacha an mheánaicme. An dream sin is iondúil a bheith ina gcúltaca dílis dóibh. Fir is mná a thuilleann idir €40,000 agus €80,000 sa bhliain. Lucht vótála. Lucht déanta agus lucht briste rialtais.
Bhí sin dána. Ní fios go fóill cioca cróga nó meargánta é mar chraic bhailithe airgid thapa an straitéis sin ‘fhonn tús a cur le hathshlánú an státchiste’, i bhfoclaibh maorga an Aire Airgeadais, ‘próiséas a leanfaidh go ceann cúig bliana eile,’ ar a laghad.
Tá an Phosóid Gléasta romhainn
Bhí sin cliste. Tá níos measa le teacht. Téigí i dtaithí air. Glacann an pobal leis fán dtráth seo nach bhfuil aon bhealach éasca as an tsáinn fhíochmhar ina bhfuilid. Nach bhfuil réiteach bog ann. Go bhfuil orainn go léir praghas ró-ard a íoc chun cliseadh an chórais airgeadais a leigheas. Níl aon éaló an babhta seo. Agus siúd Brian Ó Lionnacháin inniu agus an chuma air go bhfuil an fhírinne lom á insint aige dúinn. An mhíochaine shearbh á dháileadh amach aige. Ar neoin, thug sé le fios gur chuir seo isteach go dian ar féin chomh maith. Ach thiocfaimis tríd le chéile. Ahhh!
Tá an Rialtas seo ag foghlaim. Fógraíodh ciorraithe breise ar ioncam, ar liúntaisí agus ar an síneadh láimhe ba ghnás do Theachtaí Dála, do Sheanadóirí agus do Airí Rialtais. Ní cheadófar do mhúinteoirí na Dála an jab scoile a choimeád oscailte, ná an difríocht idir phá an mhúinteora agus pá an ionadaithe ‘sealadach’ a choimeád – oilbhéim náireach atá ina scáil dhubh le fada ar mhúinteoirí na bPáirtithe uilig sa Dáil. Ní íocfar pinsean Aire Rialtais a thuilleadh le haon Teachta atá tofa fós ach oiread.
An Cheist Chreidiúna: A nó B?
Tús déanta i nglanadh suas na Dála, ach ní leor fós é. Cáinaisnéis chrua, ag dul sa treo ceart, ach caithfear saoránaigh a chosaint ar an €80/90 billiún d’airgead nimhe na mBancannaí.
Má chreideann an pobal gur mó de bheart slánaithe na n-Amhantraithe Réadmhaoine an Áisíneacht Bhainistíochta - ‘Drochbhanc’ an Rialtais - ná gléas fuascailte na géarchéime creidmheasa, ní fios an slad a imreofar ar Fhianna Fáil agus ar an gComhaontas Glas sna toghcháin Áitiúla agus Eorpacha le teacht.
Beidh an Rialtas de leataobh agus na criosannaí tárrthála teannta go docht timpeall orthu. Agus bígí ag súil le Mícheál Martin d’fheiscint i lár an aonaigh ar chuile ardán raidió agus teilifíse idir an dá linn.