Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #87 · IÚIL 2008
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Agus toradh an reifrinn ar Chonradh Liospóin ag cur oilc ar cheannairí na hEorpa, tá éirithe lenár gcomhfhreagraí céimiúil Balor agallamh a chur ar dhuine den lucht feachtais ba ghlóraí in éadan a dhaingnithe.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bearnaí Ó Doibhlin

Tá gach cosúlacht ar an scéal go ngearrfar an sean-nasc bunreachtúil idir an Bhreatain agus an Astráil san am atá romhainn. Seans, áfach, gur mall seachas luath a tharlóidh sé, dar le Bearnaí Ó Doibhlin.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS
Breandán de Gallaí

Ba mhinic a thaistealaíodh Breandán de Gallaí sa ghrád gnó agus an bille á ghlanadh acu siúd a raibh sé ag obair dóibh. Agus é i Meiriceá an iarraidh seo, áfach, b’éigean dó úsáid a bhaint as modh iomlán éagsúil taistil: bus Greyhound!

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Foilsíodh tuarascáil ar nósanna aclaíochta na nÉireannach le gairid ina léirítear gur chóir do lucht déanta polasaithe spóirt athruithe a chur i bhfeidhm. Pléann Colm Mac Sealaigh an tuarascáil agus na hathruithe atá molta inti.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Brian Ó Broin

géarchéim i ndán do thiománaithe Mheiriceá mar go bhfuil ardú ag teacht ar phraghas an pheitril i rith an ama. Ach fós féin, dar le Brian Ó Broin, níl na Meiriceánaigh sásta – nó in ann – a gcuid carranna a fhágáil sa chabhsa.

»»»
Íomhá
TEANGA AGUS CULTÚR

iarrachtaí ar siúl ag foireann Ard-Mhúsaem na hÉireann le cúpla bliain anuas le rúin lámhscríbhinne tábhachtaí a aimsíodh i bportach a nochtadh. D’fhreastail Eithne Ní Ghallchobhair ar sheimineár le gairid inar pléadh an lámhdhéantúsán Luath-Chríostaíochta seo.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Tráth den saol ba ar na poblachtánaigh amháin a bhí an ghráin dhearg ag na haontachtaithe. Ach anois, mar a mhíníonn Robert McMillen, tá siad ag tabhairt faoi naimhde úraan pobal aerach, lucht na heolaíochta agus lucht labhartha na Gaeilge ina measc.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Is deacair don té a mhaireann i sochaí shíochánta uafás na cogaíochta a thuiscint. Sin an fáth, dar le Ciara Nic Gabhann, a bhfuil tábhacht ar leith ag baint le taispeántas speisialta atá ar siúl i Nua-Eabhrac faoi láthair.

»»»
Íomhá
AGALLAMH BEO
Caoimhe Ní Laighin

Tá Philip King ar dhuine de na léiritheoirí teilifíse is rathúla agus is bisiúla in Éirinn agus tá cláracha déanta aige go dtí seo ar réaltaí móra de chuid an cheoil mar Daniel Lanois, Christy Moore agus Nigel Kennedy. Labhair Caoimhe Ní Laighin leis le gairid sa Triskel Arts Centre i gCathair Chorcaí, áit a raibh sé féin agus a ghrúpa ceoil, Scullion, i mbun sraith cheolchoirmeacha a eagraíodh chun ceiliúradh a dhéanamh ar an mbanna a bheith tríocha bliain ar an bhfód.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an tAontas Eorpach anois i sáinn i ndiaidh do mhuintir na hÉireann vótáil i gcoinne dhaingniú Chonradh Liospóin. Caitheann Ciarán Mac Aonghusa súil ar chuid de na fáthanna ar vótáil daoine ina aghaidh.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS
Máire Ní Chuagáin

Thug Máire Ní Chuagáin cuairt ar Chraców le déanaí agus thaitin an áit go mór léi, idir shainchomharthaí na sean-Pholainne atá le feiceáil inti agus gnéithe na cathrach nua-aoisí.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Colm Ó Snodaigh

Is mór do dhaoine na nithe beaga a thugann misneach dóibh – na focail shéimhe, na dreacha spreagúla. Insíonn Colm Ó Snodaigh dúinn mar gheall ar na heachtraí áirithe a thug misneach dósan agus é ag teacht faoi bhláth mar cheoltóir.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Caoimhe Ní Laighin

Tá ríomhchainteoir darb ainm Cabóigín forbartha ag an tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide. Labhair Caoimhe Ní Laighin le stiúrthóir an tionscadail, an tOllamh Ailbhe Ní Chasaide, le gairid faoin teicneolaíocht réabhlóideach seo.

»»»
Íomhá
TEANGA AGUS CULTÚR
Emer Ní Bhrádaigh

Is scoil trasdisciplíneach lán-Ghaeilge é Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. San alt seo, déanann Emer Ní Bhrádaigh cur síos ar na cláracha nuálaíocha iarchéime atá á dtairiscint aige.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ríona Nic Congáil

Is scéal taitneamhach fáthchiallach é [i]An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín[/i] le Biddy Jenkinson agus is féidir le páistí agus daoine fásta araon sult a bhaint as, dar le Ríona Nic Congáil.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS

Beidh féile na Manainnise, [i]Yn Chruinnaght[/i], ar siúl i Manainn ó 16-20 Iúil i mbliana. San alt seo, tugann John Walsh eolas faoi stair na teanga, faoin tslí ar tháinig meath uirthi agus faoin athbheochan bheag atá ag tarlú le roinnt blianta anuas.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO

Is comhshaolaí mór le rá é Maurice Strong a bhfuil na blianta fada caite aige ag obair ar bhonn comhairliúcháin le heagrais mar na Náisiúin Aontaithe. Agus an cineál stíle maireachtála atá aige féin, áfach, ar chóir dó a bheith ag seanmóireacht faoi róthomhaltas an ghnáthdhuine? Pléann Maidhc Ó Cathail an scéal.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Tá Learpholl go mór faoi anáil an chultúir Ghaelaigh agus, san alt seo, déanann Tony Birtill cur síos ar chuid de na himeachtaí a bhí ar siúl i mbliana – agus Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpaleis na naisc seo a cheiliúradh.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Pól Ó Muirí

Anois ar theacht an tsamhraidh, beidh Pól Ó Muirí níos cruógaí ná mar a bhíonn de ghnáth. Agus níl éalú ar bith i ndán dó agus na páistí ar saoire ón scoil!

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.