Is scéal taitneamhach fáthchiallach é [i]An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín[/i] le Biddy Jenkinson agus is féidir le páistí agus daoine fásta araon sult a bhaint as, dar le Ríona Nic Congáil.
Foilsítear go leor leabhar Gaeilge do dhaoine óga chuile bhliain agus feonn an chuid is mó acu mar a d’fheoigh Oisín nuair a thit sé den chapall i bhfinscéal na fiannaíochta. Ach bíonn suntas ag baint leis na “dea-leabhair” a ainmnítear ar ghearrliosta ghradaim an Oireachtais agus Bisto chuile bhliain agus tugann siad léargas dúinn ar staid na litríochta Gaeilge do dhaoine óga ar bhonn rialta. Ceann de na leabhair is spéisiúla a foilsíodh le bliain anuas ná An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín, a scríobh Biddy Jenkinson agus a mhaisigh Ríbó. Ní haon ionadh é go raibh an leabhar seo le feiceáil ar an ngearrliosta do Ghradam Réics Carló 2007, duais an Oireachtais a ainmníodh in ómós don bhleachtaire ildánach agus uileláithreach a chruthaigh Cathal Ó Sándair. Sa leabhar seo, tá samhlaíocht is saíocht ceangailte i bhfeoil na bhfocal, gan trácht ar na léaráidí avant garde.
Ar an gcéad spléachadh, ní fheictear mórán difríochta idir *An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín *agus an ghnáthlitríocht do dhaoine óga sa Ghaeilge: cló mór (tearc go leor) chomh maith le pictiúir ar chuile leathanach. Insíonn an reacaire dúinn láithreach faoi Lios na gCat – áit fhantaiseach atá faoi smacht Bhess, banríon na gcat. Sa ríocht seo – ina bhfuil aicmíocht i gceist óir tá cait áirithe faoi dhaoirse – níl ról lárnach ag daoine daonna, cé go bhfuil cúpla páiste daonna mar fhreastalaithe ag an mBanríon Bess. Mar is léir ó leabhair fhantaisíochta an Bhéarla ón ré Victeoiriach ar aghaidh, feidhmíonn struchtúr agus nósanna sochaí s’againne mar amhábhar agus an "domhan eile" á chruthú agus tá na heilimintí seo le feiceáil fite fuaite le samhlaíocht fhairsing an scríbhneora.
FáithscéalD’aithneodh an té is lú a bhfuil spéis aige i gcúrsaí reatha plota an scéil seo. Tagann Gusaí Gaimbín – “an tógálaí mór le rá” – chuig Lios na gCat agus cead pleanála á lorg
aige chun casino, ionad dramhaíola agus monarcha don phróiseáil seithí a thógáil. Le teann an uafáis, bailíonn na cait, na hainmhithe agus na daoine le chéile leis an bhfód a sheasamh agus le feachtas a chur ar bun i gcoinne Ghusaí. Cuidíonn gaoth mhór an tseanchais le feachtas an phobail nuair a shéideann sí ar feadh trí lá agus trí oíche, ag ligean do Chillín Chaitríona solas an lae a fheiceáil den chéad uair leis na cianta cairbreacha. Séadchomhartha náisiúnta Lios na gCat is ea an Cillín úd agus deirtear linn go mbíodh Naomh Pádraig na nÉireannach ag lorg comhairle ó Naomh Caitríona sa tseanaimsir. Tagann seandálaithe aitheanta chun na háite le breathnú air – measann siad gur ochtú hiontas an domhain atá ann – ach scriosann Gusaí Gaimbín Cillín Chaitríona sular féidir é a chur ar liosta caomhnaithe. Leanann an pobal ar aghaidh lena agóid, ach ní sheasann an Teachta Dála áitiúil ná an rialtas leis. De réir mar a leanann an scéal ar aghaidh, feicimid coimhlint dhosheachanta idir an pobal, a bhfuil sé mar aidhm aige oidhreacht ársa Lios na gCat a chosaint, agus lucht an rachmais, a dtugann an rialtas tacaíocht dó.
Déantar comparáid idir Lios na gCat agus Teamhair ar an gcéad leathanach den leabhar. Is ríléir go bhfuil cosúlachtaí idir an chonspóid a tháinig chun cinn mar gheall ar mhótarbhealach an M3 a bheith ag dul trí shéadchomhartha náisiúnta na hÉireann - a tharla, dar ndóigh, i ndáiríre - agus cruachás Lios na gCat sa scéal. Dar ndóigh, bhí conspóid an M3 i mbéal an phobail nuair a cuireadh *An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín *i gcló. Murab ionann is cinniúint na Teamhrach, áfach, tá sé intuigthe go mbeidh dea-chríoch leis an scéal seo do dhaoine óga. Déanann rialtas na hÉireann faillí i Lios na gCat ach cuidíonn brú na rialtas idirnáisiúnta le feachtas an phobail agus ar deireadh thiar, géilleann an rialtas dó agus fógraítear go gcaomhnófar Lios na gCat mar pháirc náisiúnta. Tá sé chomh dócha lena athrach go bhfuil teachtaireacht láidir pholaitiúil i bplota an scéil seo.
Aithnítear Biddy Jenkinson mar bhanfhile go príomha agus tá an smaointeachas feimineach go smior ina cuid filíochta. Tá gnéithe éagsúla den smaointeachas seo le feiceáil ag teacht chun cinn ina saothar do dhaoine óga chomh maith. Murab ionann is stair na hÉireann – a dhírigh ar na fir agus a bhí scríofa ag staraithe fireanna go dtí gur tháinig stair na mban chun tosaigh le déanaí – cruthaítear agus déantar ceiliúradh ar stair fhantaiseach bhaineann in An Bhanríon
Bess agus Gusaí Gaimbín. Tá athshealbhú déanta ag Biddy Jenkinson ar an stair seo ó thús ama, mar deirtear linn gur thóg carachtar darb ainm dó An Cat Mara ríocht Lios na gCat in ómós dá ghrá geal, Niamh an Eireabaill Óir. An rud is suntasaí faoi leabhar Biddy Jenkinson ná an chaoi a dtéann sí i ngleic le cúrsaí inscne. Ní hamháin go gcasann sí steiréitíopaí inscne thart timpeall – ag ligean dá carachtair fhireanna freastal a dhéanamh ar na carachtair bhaineanna – ach cuireann sí na príomhcharachtair fhireanna i láthair mar dhaoine aineolacha, aonteangacha, nach smaoiníonn ach ar a saint chun bia agus airgid (i gcás Ghusaí Gaimbín) agus mar chladhairí críochnaithe (i gcás Tuff). Súil eileOs a choinne sin, cuirtear formhór na gcarachtar baineann trasna ar an léitheoir mar chait (nó mar mhná) éirimiúla agus uaisle a thuigeann tábhacht na haontachta agus iad i mbun feachtais ar son chaomhnú Lios na gCat. Feicimid beirt bhan nach gcloíonn leis an léiriú seo, áfach: Mal Mynx, an Teachta Dála a bhíonn ag tochras ar a ceirtlín féin de shíor, agus bean Ghusaí, Sciní Goleor, ar súmaire an airgid í. Tá an léiriú seo ar dhrochthréithe na mban tábhachtach mar bíonn an chosúlacht ann uaireanta go bhfuil baint ag na carachtair fhireanna amháin le gránnacht an tsaoil. Tá sé de dhualgas ar an duine a bhíonn ag scríobh do dhaoine óga cothromaíocht, seachas aicmíocht idé-eolaíoch róshimplí, a chur chun cinn.
Tá an leabhar seo bric breac le himeartas, idir na focail agus na léaráidí, agus tá macallaí mhiotaseolaíocht is phiseoga na hÉireann le sonrú ann. Tagann borradh faoin imeartas focal le linn an scéil agus baineann Biddy Jenkinson leas as an bhFraincis agus as an mBéarla i dteannta na Gaeilge chun íomhánna úra, spraíúla a chruthú. Tá an cluiche seo an-oiriúnach don léitheoir fásta a bhfuil ardléann agus bua na dteangacha aige ach ní fhéadfadh ach céatadán fíorbheag de dhaoine óga - iad siúd ar a bhfuil an leabhar seo dírithe - an t-imeartas focal a thuiscint ina iomláine.
D’fhéadfaí neamhaird a thabhairt ar *An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín *toisc gur leabhar fantaisíochta do dhaoine óga é, ach tugann sé léargas grinn dúinn ar chúrsaí sóisialta, polaitíochta agus inscne in Éirinn sa lá atá inniu ann. Leabhar bisiúil, bríomhar atá ann, a ligeann don léitheoir fásta machnamh a dhéanamh ar shainchomharthaí na litríochta do dhaoine óga. Ach mar a deir an reacaire i dtaobh Lios na gCat ag tús an leabhair: “Ní bhíonn cead isteach ag éinne eile ach ar chuireadh speisialta.” Mheas mé gur bronnadh an cuireadh speisialta sin ar na daoine fásta thar na daoine óga, a fágadh taobh amuigh uaireanta, cosúil leis an mbuachaill bacach sa scéal The Pied Piper of Hamelin.
Is é Coiscéim a d’fhoilsigh An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín *foilsithe (2007). Is féidir é a cheannach ó shuíomh Coiscéim (www.coiscéim.ie), ó shuíomh Cló Iar-Chonnachta (www.cic.ie) agus ón suíomh www.litríocht.com. Tá fáil air i siopaí áirithe leabhar chomh maith, Siopa Leabhar Chonradh na Conradh atá suite ar Shráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, ina measc.Is iníon léinn Ph.D. le litríocht na Nua-Ghaeilge í Ríona Nic Congáil sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhunaigh sí Cumann Scríbhneoirí Óga is Úra na Gaeilge anuraidh. Is féidir eolas faoin gcumann a fháil ar http://scribhneoirioga.blogspot.com. Tá dhá leabhar do dhaoine óga scríofa aici:* An Túr Solais (Coiscéim, 2004) agus An Leabhar Órga (Coiscéim, 2006).