Tá Philip King ar dhuine de na léiritheoirí teilifíse is rathúla agus is bisiúla in Éirinn agus tá cláracha déanta aige go dtí seo ar réaltaí móra de chuid an cheoil mar Daniel Lanois, Christy Moore agus Nigel Kennedy. Labhair Caoimhe Ní Laighin leis le gairid sa Triskel Arts Centre i gCathair Chorcaí, áit a raibh sé féin agus a ghrúpa ceoil, Scullion, i mbun sraith cheolchoirmeacha a eagraíodh chun ceiliúradh a dhéanamh ar an mbanna a bheith tríocha bliain ar an bhfód.
Bhí sé tráthúil go maith agallamh a chur ar Philip King ag an am seo mar go bhfuil sraith cheolchoirmeacha díreach i ndiaidh a bheith ar siúl aige féin agus ag a bhanna ceoil, Scullion. Ar ndóigh, chomh maith le bheith ina cheoltóir, tá King anois ar dhuine de na léiritheoirí teilifíse is rathúla in Éirinn. Tá sraitheanna mór-ráchairte mar Bringing it All Back Home *(BBC), *Other Voices (RTÉ) agus Sé mo Laoch (TG4) déanta aige, mar aon le cláracha faisnéise ar cheoltóirí mór le rá mar Tom Waits, Daniel Lanois, Christy Moore agus Elvis Costello. Bhí an-tóir ar Scullion sna hochtóidí agus bhí am ann gur shíl cuid mhór daoine in Éirinn go dtabharfadh an domhan mór aird orthu, rud a tharla go pointe áirithe. Bíodh is nach bhfuil a gcáil inchurtha le cáil na ngrúpaí móra mar U2, mar shampla, tá lucht leanúna an-díograiseach acu.
“People just keep ringing looking for tickets,” a deir duine d’fhoireann an Triskel Arts Centre le King agus mé i raon na gcluas. Agus bhí mé chun ceist a chur air an bhféadfainn ticéad a fháil mé féin! Saothar in aisce a bheadh ann, ba léir.Tagann Scullion le chéile gach cúpla bliain, ach ba dhíol suntais í an tsraith dheireanach cheolchoirmeacha i gCorcaigh mar gur eagraíodh í le ceiliúradh a dhéanamh ar an mbanna a bheith tríocha bliain ar an bhfód.
Bunaíodh Scullion sa bhliain 1978 agus King agus a chomhbhunaitheoirí – Greg Boland agus Sonny Condell – ina bhfir óga. Ach, mar a scríobh Siobhán Long san Irish Times agus í ag déanamh léirmheasa ar cheann de na ceithre cheolchoirm i gCorcaigh, “[Scullion’s performance] was a reminder that great music needs no elixir of youth.”
Bhuail mé le King ar an 28 Iúil agus é ag déanamh réidh le haghaidh sheó na hoíche sin. Ba léir go raibh go leor idir lámha aige. “An ndéanfaidh fiche nóiméad cúis?” ar sé. Shíl mé gur ag magadh a bhí sé. “Daichead,” arsa mise, ag súil go bhféadfainn uair an chloig a fháil uaidh sa deireadh dá leanfainn den chaint. Bhí dul amú orm. Mhair an t-agallamh fiche nóiméad. Go dtí an nóiméad.Ach ba léir dom nuair a d’éist mé leis an téip i ndiaidh an agallaimh gurb ionann fiche nóiméad i gcomhluadar King agus trí huaire leis an ngnáthdhuine. Sa chéad dul síos, labhraíonn sé go sciobtha. Go han-sciobtha. B’éigean dom an luas a mhaolú agus mé ag éisteacht leis an téip! Ach chomh maith leis sin, níl aon chacamas ag baint leis agus níl sé tugtha don ghlagaireacht.
Labhair sé go bríomhar paiseanta, a chuid cainte breac le tagairtí don litríocht, agus is léir go bhfuil dúil a anama sa cheol aige.Cuirim ceist air i dtosach mar gheall ar an gcaoi ar bunaíodh Scullion.
“Bhíodh dream againn ag casadh ceoil in áiteanna mar Toner’s ar Shráid Bhagóid – mé féin, Sonny Condell, Freddie White, Mick Daly, Dan Fitzgerald agus Eamon Doyle – thart faoin am san.” Chuaigh King leis an gceol go lánaimseartha, áfach, i ndiaidh dó éirí go tobann as a phost mar mhúinteoir i scoil i mBaile Bhailcín. “Maidin Aibreáin amháin, bhíos istigh i seomra ranga. Bhí an ghrian ag taitneamh taobh amuigh. Chuireas mo chuid leabhar ar ais i mo mhála agus ansan, d’imíos abhaile. Níor tháinig mé ar ais riamh.
“Chuas féin, Sonny agus Greg Boland chuig Mulligan Records agus fuaireamar an deal leosan. Rinne PJ Curtis an chéad albam [ar ar tugadh Scullion] a léiriú agus ba eisean a mhol dúinn cuireadh a thabhairt do Jimmy O’Brien-Moran, píobaire arb as Port Láirge dó, seinm ar an gceirnín.“Mar a dúirt T.S. Elliot, “Heterogeneous images yoked together by violence” a bhí ionainn! Ach ba léir go raibh rud éigin ann – d’éirigh go maith leis an rud a bhí ar siúl againn.”
D’fhág O’Brien-Moran an banna i ndiaidh an chéad albam, agus d’aistrigh Scullion go lipéad nua ceirnín, Warner Brothers. D’eisigh siad dhá albam eile leo siúd: White Side of the Night *agus Balance and Control. Léirigh an t-amhránaí Sasanach mór le rá John Martyn an ceann deireanach sin tar éis don bhanna aithne a chur air agus iad ar camchuairt san Ísiltír. “Bhíomar an-mhór le John. Amhránaí den chéad scoth atá ann. D’fhoghlaimíomar go leor uaidh.“Thit gach rud as a chéile ina dhiaidh sin. Ní raibh an obair ann. Táimid ag caint ar na hochtóidí anseo. Bhí cúrsaí an-deacair sa tír seo. Deir a lán daoine fúinn, “Scullion are a very friendly recession band*.” Sin an fáth, is dócha, a bhfuilimid ar ais ag déanamh ceolchoirmeacha faoi láthair!”
An bhfuil sé ag rá, mar sin, nár éirigh leis an mbanna ó thaobh airgid de?
“Níor éirigh ar chor ar bith,” a deir sé go hoscailte. “Ach bhí rud éigin iontach speisialta againn ó thaobh an cheoil de. Chruthaigh Sonny [Condell] rud ar leith. Fear an-chruthaitheach is ea é, ó thaobh an cheoil de agus ó thaobh na healaíne de. Tá creative intelligence aige.”
Cén fáth, mar sin, nach bhfuair Condell riamh an t-aitheantas a bhí ag dul dó as na halbaim ar fad a d’eisigh sé ina aonar le breis is tríocha bliain anuas?“Níl an saol cothrom. Baineann sé le bainistíocht, le lipéid cheirníní, le a lán rudaí. Fear an-speisialta is ea é, ach tá sé cúthaileach agus umhal mar dhuine. Agus nuair a bhíonn tú umhal agus cúthaileach sa ghnó san, bíonn sé deacair. Bíonn ort a bheith an-pushy. Is duine séimh, cneasta agus lách é. Ach ní oireann na tréithe sin don ghnó go minic. Is original *é amach is amach; ní bheidh ach Sonny Condell amháin ann riamh.”Ba cheann de bhuaicphointí Scullion a rannpháirtíocht in Self Aid i 1986. Ceolchoirm ollmhór ab ea í arbh í a raibh sé mar aidhm aici feasacht a spreagadh i leith fhadhb na dífhostaíochta in Éirinn. Tá gearrthóg ar fáil ar YouTube ina dtaispeántar Scullion ag canadh a n-amhráin cháiliúil, “Carol”. (http://www.youtube.com/watch?v=3zuBxSFOlQI) Agus tú ag breathnú ar an ngearrthóg seo, is léir gurbh í an tréimhse a bhí i gceist ná na hochtóidí: tá seaicéid *Miami Vice á gcaitheamh ag cuid den bhanna!“Bhí lá iontach againn. Ach caithfidh mé a rá nach cuimhin liom é ina iomláine – chuamar isteach i gcarbhán éigin le Rory Gallagher agus d’ólamar cuid mhór uisce bheatha!”An earnáil teilifíseI ndiaidh dó na blianta a chaitheamh ag gabháil don cheol, cén chaoi ar tharla sé go ndeachaigh sé leis an léitheoireacht teilifíse?“Theastaigh uaim a fháil amach cad a tharla do cheol traidisiúnta na hÉireann nuair a tógadh trasna an Atlantaigh é den chéad uair. Bhí an-suim agam san ábhar seo agus bhíos ag iarraidh dul sall go Meiriceá le cúrsaí a fhiosrú.”Bhí King ag plé leis an raidió ag an am, agus chinn sé ar iarratas a chur faoi bhráid an BBC le maoiniú a fháil chun clár a dhéanamh faoin turas taiscéalaíochta seo i Meiriceá. Sa deireadh, d’éirigh leis an maoiniú a fháil agus léirigh sé sraith a bhí ina díol suntais do mhórchuid an phobail: Bringing it all Back Home.
“Chuamar go Nashville agus bhuaileamar le daoine mar Ricky Skaggs agus Emmylou Harris. Oscailt súl agus aigne a bhí ann. Bhí Skaggs ábalta suí síos le Liam O’Flynn agus Paddy Glacken agus an fhidil a thógáil amach agus a rá leo, “Right, what will we play?” Níor ghá dó aon rud a fhoghlaim roimh ré. Is cuimhin liom gur dhúirt sé liom, “That high lonesome sound of Kentucky, that’s the music remembering where it came from.”Bronnadh go leor gradam ar Bringing it all Back Home, agus áirítear í anois mar shraith a bhí cineál íocónach.Léiriú uaillmhéine ab ea é go ndeachaigh King i mbun sraithe mar seo agus é ar bheagán taithí.
“Ní raibh sé deacair,” ar sé. “Lorgaíomar airgead ón BBC, fuaireamar é, chuireamar an comhlacht [Hummingbird Productions] ar bun leis an gclár a dhéanamh agus rinneamar é! Ach bhíomar neamhurchóideach ag an am. Más eol duit cad atá romhat, ní féidir leat a bheith neamhurchóideach agus ansin, beidh bac ort. Bhíos den bharúil go bhféadfainn aon rud a dhéanamh. Ach tá an gnó níos casta anois ná mar a bhí ansin.”Is amhlaidh go síleann King go bhfuil iomaire an-deacair á threabhadh ag an earnáil neamhspleách léirithe trí chéile ar na saolta seo. “Níl go leor oibre ann do chomhlachtaí neamhspleácha léirithe agus tá na buiséid á maolú. Tá athrú tar éis teacht ar na cineálacha cláracha atá ag teastáil ó na craoltóirí chomh maith – tá go leor truflaise amuigh ansin; cláracha stíle maireachtála agus a leithéid. Tugaim ‘an earnáil spleách’ ar an earnáil neamhspleách. De bhrí go bhfuil líon beag craoltóirí sa tír seo, más mian leat cláracha a dhéanamh, beidh ort a bheith ag déileáil le RTÉ. Nuair le RTÉ an liathróid agus an pháirc agus gach rud eile, bíonn sé deacair.”Chuaigh Hummingbird ó neart go neart i ndiaidh Bringing it all Back Home agus tá cuid mhór cláracha den chéad scoth déanta acu ó shin i leith. Léirigh sé, mar a luadh cheana, clár dar teideal “Rocky World” faoin gceoltóir Ceanadach-Francach, Daniel Lanaois.
“Duine ann féin is ea é. Chuirfeadh sé manach i gcuimhne duit – obair, obair, obair agus ... níos mó oibre. Tá sé an-dáiríre mar dhuine agus measaim go mbraitheann sé go bhfuil sé ag maireachtáil ar an imeall. Bhí comhthuiscint eadrainn, áfach. Chuas go dtí a thigh agus bhí uncail leis agus a sheanathair i láthair chomh maith. Sheinneamar ceol a bhí an-chosúil le ceol na hÉireann lena chéile – poirt, ríleanna agus mar sin de – agus bhraitheas go raibh an nasc sin ann.
Sé mo LaochCuirim ceist air mar gheall ar na cláracha is mó a bhfuil sé bródúil astu, agus cuireann a fhreagra ionadh orm. In ainneoin go bhfuil cláracha déanta aige faoi cheoltóirí fíorcháiliúla, is é an chéad rud a deir sé, gan leisce dá laghad, ná: “Cuid de na cláracha a bhaineann leis an tsraith Sé mo Laoch; na cinn faoi Johnny O’Leary agus Seán McGuire agus fúthu siúd atá ar shlí na fírinne anois. Ba iontach an phribhléid a bheith i gcomhluadar a leithéidsean, a raibh eolas acu ar an saol agus ar an gceol. Seoda a bhí iontu. An rud is iontaí faoi shraith mar Sé mo Laoch ná go bhfuilimid ag cur cartlann luachmhar ar fáil i rith an ama; cartlann de mhuintir na hÉireann agus de cheoltóirí na hÉireann.“Measaim go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an gcartlann sin a bheith ar fáil. Mar a dúirt [an t-amhránaí Éireannach] Frank Harte, ‘If you want to know the facts, consult a history book. If you want to know how something felt, listen to musicians and artists.” Tá 36 clár as a chéile déanta mar chuid den tsraith Sé mo Laoch ag Hummingbird – nó South Winds Blows mar a thugann siad ar an gcomhlacht anois – ó bhí an bhliain 2001 ann.
Ar ndóigh, tá King bródúil fosta as an dá chlár a rinne sé faoi Elvis Costello agus an ceann a rinne sé faoi Tom Waits. Agus an clár faoin bpíobaire Liam O’Flynn a raibh Séamus Heaney agus Mark Knopfler páirteach ann. Caithfidh go bhfuil teagmhálacha iontacha aige; cén chaoi a n-éiríonn leis rannpháirtíocht na gceoltóirí mór le rá uilig a chinntiú? "Muinín. Caithfidh na daoine muinín a bheith acu asat. Caithfear an mhuinín sin a chothú; ní tharlóidh rud ar bith fiúntach ina héagmais. D’éirigh linn an mhuinín sin a chothú i gcás an chláir ‘A Private World’, mar shampla, ar clár faoin údar John McGahern é. Measaim gur clár tábhachtach é sin; rinneadh é díreach sular cailleadh é."
As na ceoltóirí, ealaíontóirí, scríbhneoirí agus eile ar bhuail sé leo roimhe seo, cé hé an duine is mó a chuaigh i bhfeidhm air?
“Bhíos star-struck nuair a bhuaileas le Tom Waits. Is ealaíontóir den chéad scoth é. Tuigeann sé an rúndiamhair. Mar a déarfadh an t-údar Denis Donoghue faoi, ‘he is not a zealot of explanation.’ Claonadh cúisíoch coitianta atá ag an lucht léirmheastóireachta sa lá atá inniu ann ná míniú a lorg ar gach rud. ‘Let the Mystery Be’, mar a deir an t-amhránaí Meiriceánach Iris DeMent i dteideal a hamhráin. Is buaine an rúndiamhair ná an rud ar féidir míniú a thabhairt air."Tá Hummingbird Productions/South Winds Blows ar an bhfód le breis agus fiche bliain anois. Ba é King a bhunaigh é, i dteannta lena bhean chéile, Nuala O’Connor, ar léiritheoir í chomh maith.
Bhog an lánúin agus a bpáistí – tríríní! – siar go Corca Dhuibhne roinnt blianta ó shin.
“Fill Arís – Fág Gleann na nGealt thoir,” a deir King ag déanamh tagartha do dhán an Ríordánaigh agus é ach caint ar an gcinneadh a theaghlach a lonnú ansin (caithfidh mé a lua, déanann sé an dán ina iomláine a rá – 23 líne! Caithfidh go bhfuil cuimhne eisceachtúil ag an bhfear seo. Is mór leis úsáid a bhaint as liricí, ráitis daoine eile agus filíocht agus é ag caint. Cén chaoi a gcoimeádann sé an t-eolas ar fad ina chloigeann?!)Agus leis sin, tá deireadh leis an agallamh. Tá Dónal Lunny ag glaoch air agus caithfidh sé labhairt leis go práinneach. Mar a tharlaíonn, beidh Lunny ag seinm leo an oíche dár cionn. Is mór an trua nach raibh tuilleadh ama agam leis. Ach tá King chomh lán fuinnimh gur dheacair, déarfainn, é a choimeád ina shuí go socair ar feadh i bhfad!Is í Caoimhe Ní Laighin eagarthóir na hirise seo.