Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #86 · MEITHEAMH 2008
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Beidh Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, a ndéanfar ceiliúradh lena linn ar mhórtas phobail Leispiacha, Homaighnéasacha, Dhéghnéasacha agus Thras-inscneacha, ar siúl 13-17 Meitheamh. Tá sé tráthúil, mar sin, a bheith ag machnamh ar na bealaí a ndéantar leithcheal go fóill ar na pobail seo in Éirinn.

»»»
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Bíonn [i]entourage[/i] iomlán ag foirne spóirt sa lá atá inniu ann. Ach tá Colm Mac Sealaigh in amhras maidir le fiúntas na saineolaithe seo ar fad.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS
Breandán de Gallaí

Is minic a dhéantar an damhsa comhaimseartha a cháineadh, ach dar le Breandán de Gallaí, tá go leor fiúntais ag baint leis ach tuiscint a bheith agat ar an [i]genre[/i].

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bearnaí Ó Doibhlin

Ó thaobh na hAstráile de, bítear ag caint go minic ar chomh hiontach agus atá Melbourne agus Sydney. Ach tá Bearnaí Ó Doibhlin den tuairim gur áit ar leith í an phríomhchathair, Canberra, chomh maith.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Polaiteoirí, turcaithe agus fuirseoirí – tá anailís ghéarchúiseach déanta ag ár gcomhfhreagraí céimiúil Balor ar mhórscéalta na míosa atá imithe tharainn.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Brian Ó Broin

Tá gach cuma ar an scéal go mbeidh uachtarán Daonlathach sa Teach Bán roimh i bhfad. Ní chuirfeadh Brian Ó Broin John McCain as an áireamh, áfach, go dtí go dtiocfaidh lucht tacaíochta Barack Obama agus Hilary Clinton le chéile.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Is ait an mac an saol, rud a fhíoraíonn lucht ceannaithe Real Dolls go paiteanta. Tugann Ciara Nic Gabhann léargas ar na fir arbh fhearr leo caidreamh a bheith acu le bábóg ná le fíorbhean.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Baineann crá croí le bheith ag seoladh téacsanna Gaeilge, ach tá leigheas faighte ar an scéal anois, a bhuíochas sin ar ghuthán nua de chuid an chomhlachta Samsung. Cúlra an scéil ó Dhiarmuid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
AGALLAMH BEO
Caoimhe Ní Laighin

Is duine é Julian de Spáinn a bhfuil cáil nach beag bainte amach aige mar fhear cúise. Bhí sé ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn in 2000-01 agus d’éirigh leis branda Sheachtain na Gaeilge a threisiú go mór le linn dó a bheith ina bhainisteoir ar an bhféile. Ceapadh é ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2006. Labhair Caoimhe Ní Laighin leis le gairid mar gheall ar pholaitíocht na Gaeilge agus mar gheall ar a fhís i leith na teanga.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

an tsíocháin i réim sna Sé Chontae ach tá bagairt na n-easaontóirí fós an-láidir, a deir Robert McMillen.

»»»
TEANGA AGUS CULTÚR
Éamonn Ó Dónaill

Fuair Seán Ó Tiarnaigh bás in Staten Island, Nua-Eabhrac ar an 28 Bealtaine, bliain i ndiaidh dó obráid a bheith aige le siad urchóideach ina inchinn a scrios. Féachann Éamonn Ó Dónaill siar ar shaol an fhir seo a d’fhág a cheantar dúchais i Maigh Eo sna caogaidí agus ar éirigh leis oiread a bhaint amach le linn na mblianta fada a chaith sé i Meiriceá.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Craobhchomórtas na hÉireann faoi lán seoil um an dtaca seo agus amharcann Breandán Delap ar an fhoireann a d’fhéadfadh ár dTaoiseach nua a chur chun páirce sa chomórtas.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS
Máire Ní Chuagáin

Tar éis di bliain a chaitheamh sa Mhaláiv, braitheann Máire Ní Chuagáin go bhfanfaidh ithir dhearg na tíre sin go dlúth ina hanam go deo. San alt seo, insíonn sí dúinn mar gheall ar a seal draíochta thall.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Íte Ní Chionnaith

Tá Íte Ní Chionnaith go láidir den tuairim go ndéanfaidh sé an-dochar do leas na hÉireann tromlach de vótálaithe na tíre vótáil ar son Chonradh Liospóin.

»»»
AR NA SAOLTA SEO

Maraíodh na céadta míle i Ruanda i rith na nocháidí. Tá an leagan oifigiúil den scéal cloiste ag gach duine, ach san alt seo, tugann Maidhc Ó Cathail léargas eile dúinn mar gheall ar thréimhse mhillteanach an chinedhíothaithe sa tír sin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

In ainneoin gur cathair ilchultúrtha é Learpholl, tá go leor ciníochais i gceist ansin. D’fhreastail Tony Birtill ar chomhdháil speisialta le gairid inar pléadh an fhadhb áirithe seo.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO

Táimid ar tí fáil amach an bhfuil beathraí ar Mhars, a bhuíochas sin ar mhisean an spásárthaigh Phoenix. Labhair Eithne Ní Ghallchobhair le heolaí ildánach ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa, an Dr. Hugh Deasy, le gairid faoin mhisean agus faoina thuairimí mar gheall ar chúrsaí spáis.

»»»
AR NA SAOLTA SEO
Caoimhe Ní Laighin

Léiríonn staidéar cuimsitheach ar tugadh faoi le gairid gur fadhb choitianta í an chibirbhulaíocht i measc an aosa óig. San alt seo, pléann Caoimhe Ní Laighin an éifeacht is féidir a bheith aici ar shaol an íospartaigh. Tá an t-alt seo dírithe ar dhaltaí Ardteiste ó thaobh ábhair de agus ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.