Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #85 · BEALTAINE 2008
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Roimhe seo, ní raibh an oiread sin teagmhála idir lucht ghluaisteacht na Gaeilge in Éirinn agus pobail na teanga thar lear. Ach tá gníomhaíochtaí anois ar siúl leis an scéal sin a chur ina cheart, comhdháil speisialta a bheas ar siúl i Nua-Eabhrac an mhí seo ina measc.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bearnaí Ó Doibhlin

Cé gur bhain muintir na hAstráile neamhspleáchas amach sa bhliain 1901, tá eachtrannach ina ceann stáit go fóill. Déanann Bearnaí Ó Doibhlin cur síos ar ról ard-ghobharnóir na hAstráile, an té a fheidhmíonn mar ionadaí Bhanríon na Ríochta Aontaithe thall.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Cuireann Greenpeace eolas ar fáil maidir le chomh díobhálach agus atá comhlachtaí éagsúla ríomhaireachta don chomhshaol. Ach síleann Diarmuid Mac Mathúna go bhfuil i bhfad níos mó damáiste déanta ag lucht tiomána SUVanna don domhan ná mar atá déanta ag leithéidí Nintendo.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Is iomaí saothar osréalaíoch ealaíne atá le feiceáil i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tugann Ciara Nic Gabhann léargas suimiúil san alt seo ar an ealaín osréalaíoch atá le fáil sa tír.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Deir daoine áirithe gur chóir go mbeadh cúrsaí spóirt agus cúrsaí polaitíochta go hiomlán neamhspleách ar a chéile. Ach tá Colm Mac Sealaigh in amhras faoin tuairim sin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

cur agus cúiteamh go leor ar siúl faoi láthair mar gheall ar Bhéising 2008. Ach ní hé gur rud úr nua é sin – ba mhinic an chonspóid sna sála ag na Cluichí Oilimpeacha le céad bliain anuas, mar a mhíníonn Breandán Delap.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Tá Balor feargach, cé do tuigfidh a léitheoirí rialta gur rud coitianta go leor é sin. Cronaíonn sé Bertie, ach ní mar a shíltear bítear agus mar is gnáth, tá scríbhneoir céimiúil [i]Beo![/i] ag tochras ar a cheirtlín féin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Brian Ó Broin

Mar a dúirt Charlton Heston, is é an t-aon dóigh a bhféadfaí cuid mhór Meiriceánach a scaradh óna ngunnaé a thógáil ó óna lámha fuara, marbhánta. Agus tá fórsaí póilíneachta na Stát Aontaithe ar cheann de na dreamanna is mó a bhfuil spéis acu sna hairm, dar le Brian Ó Broin.

»»»
Íomhá
RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ
Johanna Ní Mhurchú

Agus Ardteist na bliana seo beagnach buailte linn, beidh lucht fágála na scoile ciaptha leis an imní. Ach is cóir dóibh siúd ar mian leo freastal ar an ollscoil a bheith ar bís chomh maith faoin mbliain atá rompu, dar le Johanna Ní Mhurchú[/author/]. Tá an t-alt seo dírithe ar dhaltaí ardteiste ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga de.

»»»
Íomhá
AGALLAMH BEO
Éamonn Ó Dónaill

I mí an Aibreáin 1968 bhain an grúpa Emmet Spiceland, a raibh an ceoltóir Donal Lunny ar dhuine dá bhaill, uimhir a haon amach i gcairteacha na hÉireann leis an amhrán “Mary from Dungloe”. Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag Lunny le daichead bliain anuas agus áirítear é ar dhuine de na ceoltóirí is tábhachtaí i gceol traidisiúnta na hÉireann san fhichiú haois. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis le gairid faoina shaol sa cheol.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS
Breandán de Gallaí

Rinneadh obair thógála i dteach Bhreandáin de Gallaí le gairid. Tá sé anois den tuairim gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid, cé nach bhfuil sé mór le cuid dá chomharsana a thuilleadh!

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO

Tá cuid mhór den phobal idirnáisiúnta míshásta mar gheall ar leatrom na Síneach ar chearta an duine sa Tibéid, ach tá Maidhc Ó Cathail den tuairim nach bhfuil iompar an Dalaí Láma féin thar mholadh beirte.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Colm Ó Snodaigh

D’eisigh Colm Mac Con Iomaire ón mbanna clúiteach ceoil The Frames albam aonair dar teideal [i]Cúinne an Ghiorria[/i] le gairid, agus tá Colm Ó Snodaigh faoi dhraíocht ag saothar a charad dhílis.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS
Johanna Ní Mhurchú

Agus Ardteist na bliana seo beagnach buailte linn, beidh an dream atá ar tí an scoil a fhágáil ciaptha leis an imní. Ach is cóir dóibh siúd ar mian leo freastal ar an ollscoil a bheith ar bís faoin mbliain atá rompu, dar le Johanna Ní Mhurchú. Tá an t-alt seo dírithe ar dhaltaí Ardteiste ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga de.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Pól Ó Muirí

Tá Pól Ó Muirí den tuairim gur leabhar ar leith é [i]Hula Hul[/i], úrscéal nua Sheáin Mhic Mhathúna, nach bhfuil oiread is nóta amháin as alt ann.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Alex Hijmans

A bhuíochas ar an teicneolaíocht atá anois ar fáil, is féidir le físiriseoirí léargas i bhfad níos doimhne a fháil ar a mbíonn faoi chaibidil acu ina gcuid cláracha faisnéise, dar le Alex Hijmans

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Alan Stanford

Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag Amharclann an Gheata mar gheall ar an obair chruthaitheach agus cheannródaíoch atá curtha i gcrích acu siúd a bhí agus atá ina bun. Tugann an t-aisteoir agus stiúrthóir Alan Stanford cur síos dúinn faoi stair agus faoi [i]ethos[/i] na hamharclainne speisialta seo.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Ní chrónaíonn tú rud éigin go dtí go mbíonn sé caillte. Is maith an rud é, mar sin, go bhfuil sárobair curtha i gcrích ag eagraíochtaí speisialta sa Bhreatain le bláthanna fiáine atá faoi bhrú a chaomhnú. Cúlra an scéil ó Tony Birtill.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.