CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Cé chomh “glas” is atá do ríomhairese?
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Cuireann Greenpeace eolas ar fáil maidir le chomh díobhálach agus atá comhlachtaí éagsúla ríomhaireachta don chomhshaol. Ach síleann Diarmuid Mac Mathúna go bhfuil i bhfad níos mó damáiste déanta ag lucht tiomána SUVanna don domhan ná mar atá déanta ag leithéidí Nintendo.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
D'fhéadfaí an argóint a chur chun cinn go bhfuil i bhfad níos mó damáiste déanta don chomhshaol ag lucht tiomána SUVanna ná mar atá ag na comhlachtaí ríomhaireachta

Cheannaigh mé ríomhaire nua an lá cheana, agus bhí mé an-sásta leis go dtí gur fhiafraigh mo chara díom cé chomh "glas" agus a bhí sé.

Glas?!

Bhí mé in ann a insint dó láithreach cé chomh tapa agus atá sé, cén méid cuimhne atá ar an diosca crua agus bhí a lán sonraí eile teicniúla ar eolas agam freisin. Ach níor rith sé liom riamh gur chóir dom a bheith ag smaoineamh ar an gcomhshaol agus ríomhaire á cheannach agam.Cén nasc a d’fhéadfadh a bheith idir ríomhairí agus an comhshaol? Bhí mé in amhras an raibh tábhacht ag baint leis an gceist seo in aon chor nó nach raibh. Mar sin, dúradh liom gur chóir dom cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin Greenpeace chun argóintí an eagrais i leith an ábhair áirithe seo a léamh (http://www.greenpeace.org/international/campaigns/toxics/electronics).

Agus, de réir cosúlachta, tá nasc láidir idir ríomhairí agus an comhshaol! Is iad na rudaí ar chóir dúinn a bheith ar an eolas fúthu, dar le Greenpeace, ná ceimiceáin nimhiúla agus cúrsaí athchúrsála.Suíomh tarraingteach gréasáin

Baineadh siar asam nuair a léigh mé an t-eolas atá curtha ar fáil ag Greenpeace. Agus caithfidh mé a rá go gcabhraíonn sé go bhfuil suíomh Greenpeace an-tarraingteach – tá físeáin ar fáil air ina mínítear argóintí an eagrais go soiléir agus go gonta, cuir i gcás. Tá méadar ar an suíomh – ar a dtugann Greenpeace “the Green-Meter” – a thaispeánann go soiléir cé chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus atá comhlachtaí faoi leith.Faoi láthair, deir siad go bhfuil Nintendo go dona agus go bhfuil Samsung agus Toshiba chun tosaigh ar a gcuid iomaitheoirí (tá Dell agus Apple suite áit éigin eatarthu). Déantar na sonraí ar an “nglasmhéadar” seo a athnuachan go rialta – athraítear na sonraí de réir mar a athraíonn na comhlachtaí a gcuid próiseas, rud a spreagann na comhlachtaí le hiarracht a dhéanamh bearta a chur i bhfeidhm a rachaidh chun sochair don chomhshaol (http://www.greenpeace.org/international/campaigns/toxics/electronics/how-the-companies-line-up)

Ar ndóigh, tá a fhios agam go bhfuil réim gnóthaí ar leith ag Greenpeace mar eagraíocht agus caithfear a dhearcadh a chur san áireamh agus tú ag iarraidh ciall a bhaint as na fíricí a chuireann siad ar fáil. Mar sin, an bhfuil baol ann go bhfuil muid ag dul thar fóir agus muid ag éirí buartha faoi chomh neamhdhíobhálach nó díobhálach don chomhshaol agus atá ár gcuid ríomhairí? Nach bhfuil sé soiléir dúinn ar fad gurb iad na carranna agus na monarchana atá freagrach as an truailliú atá ag tarlú thart timpeall orainn? B’fhéidir nach gá dom brath chomh ciontach mar gheall ar mo ríomhaire nua a fhad is go bhfuil daoine eile ag tiomáint timpeall ina gcuid SUVanna...

Tá GaelSpell 2007, leagan nua den litreoir cáiliúil a oibríonn le Microsoft Office 2007, díreach foilsithe ag Diarmaid Mac Mathúna ag www.cruinneog.com, i bpáirt le Kevin Scanell. Tá Diarmaid i gceannas ar chúrsaí léiriúcháin sa chomhlacht teilifíse Agtel (www.agtel.ie).

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.