Tá cur agus cúiteamh go leor ar siúl faoi láthair mar gheall ar Bhéising 2008. Ach ní hé gur rud úr nua é sin – ba mhinic an chonspóid sna sála ag na Cluichí Oilimpeacha le céad bliain anuas, mar a mhíníonn Breandán Delap.
Ba é iar-uachtarán Choiste na gCluichí Oilimpeacha, Avery Brundage, a chéad chum an ráiteas smolchaite úd, “politics has no place in sport.” Is nath é a chaitear amach go tráthrialta nuair a thagann ceist chun cinn mar gheall ar bhaghcat a dhéanamh ar imeachtaí áirithe spóirt. Mar theoiric, is beag duine a d’easaontódh leis an ráiteas sin, ach níor mhiste aird a thabhairt chomh maith ar ráiteas eile a rinne Brundage i dtrátha an ama chéanna: “certain Jews must now understand that they cannot use these games as a weapon in their boycott against the Nazis.”
Ní raibh ach beirt Ghiúdach ar fhoireann raoin agus faiche na Stát Aontaithe ag na Cluichí Oilimpeacha a bhí ar siúl i mBeirlín sa bhliain 1936 – Marty Glickman agus Sam Stoller – ach baineadh den fhoireann iad roimh chraobh an rása sealaíochta 400 méadar. Meastar go forleathan gurbh é ba chúis leis an éagóir uafásach seo ná gur chuir Brundage brú ar na Meiriceánaigh déanamh amhlaidh. Ba léir nár leasc leis féin cinntí polaitiúla a dhéanamh nuair a d’oir sé dó.
Tá stair fhada, mheata den chineál sin ag an idéal Oilimpeach ó shin. Is é an t-aon tairbhe a thiocfaidh, i mo thuairimse, as cinneadh náireach Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha cluichí na bliana seo a bhronnadh ar an tSín ná go dtugann sé deis don phobal idirnáisiúnta a dhéistin a chur in iúl faoin chos ar bolg atá á déanamh ag an deachtóireacht bhrúidiúil seo ina tír féin agus ina cuid críoch faoi fhorghabháil. Ní raibh i marú lucht léirsithe sna caismirtí a bhí ar siúl le déanaí sa Tibéid ach sampla eile den mhaistíneacht agus den ansmacht atá ar bun ag an tSín ansin le fada, idir phríosúnú, chéasadh, chinsireacht, shárú saoirsí bunúsacha agus aimridiú ar mhná i gcoinne a dtola. An bhfuil a leithéid de réimeas sách sibhialta le go mbronnfaí onóir den chineál seo air?
Darfur
Deis a bheas i gcluichí na bliana seo aird a tharraingt ar a laghad iarrachta atá déanta ag an tSín tionchar a imirt ar Rialtas na Súdáine – atá faoi cheangal eacnamaíoch aige, a bheag nó a mhór – faoin chinedhíothú atá ar siúl in Darfur. Ba ar an ábhar seo a d’éirigh Steven Spielberg as a phost mar chomhairleoir ealaíon do na cluichí. Is beag duine a chreidfeadh, mar sin, gur dea-eiseamláir é réimeas éagórach, ollsmachtach na Síne don mhana Oilimpeach “One World, One Dream” a cumadh do Bhéising 2008.
Ní inniu ná inné a tarraingíodh cúrsaí polaitíochta isteach sna cluichí seo. Seiftiúil go leor, ba Éireannach a rinne an chéad agóid pholaitiúil ar tugadh fúithi ó cuireadh tús leis an leagan nua-aimseartha de na cluichí. Sa bhliain 1906, bhuaigh Peter O’Connor bonn óir agus ceann airgid in Aithin na Gréige sna comórtais léime, agus thapaigh sé an deis buille a bhualadh ar son neamhspleáchas na hÉireann. Ní raibh aon Choiste Oilimpeach againn ag an am; ba faoi bhratach na Breataine a ghlac O’Connor agus lúthchleasaithe eile Éireannacha páirt sna cluichí. Dhiúltaigh Prionsa Seoirse na Gréige d’achainí phearsanta a rinne O’Connor leis – dúirt sé, go searbhasach, go dtiocfadh le lúthchleasaithe na hÉireann dul in iomaíocht faoina mbratach féin nuair a bheadh a rialtas féin acu. Ach ba ag an Éireannach a bhí an focal scoir. I ndiaidh dó a bhonn airgid a bhaint, dhreap O’Connor go barr an chrainn brataí le linn an tsearmanais bhronnta. Tharraing sé bratach na Breataine anuas, agus ina háit, chroch sé bratach a raibh seamróg órga agus na focail “Erin go Bragh” scríofa uirthi!
B’iomaí uair a bhí cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí spóirt fite fuaite lena chéile sna cluichí Oilimpeacha ó shin a leith. Bhain Hitler leas as cluichí na bliana 1936 mar ghléas bolscaireachta do na Naitsithe agus mar ardán le forlámhas an chine Airiasaigh a léiriú (cé gur chruthaigh Jesse Owens a mhalairt!) Rinne an Éigipt, an Iaráic agus an Liobáin baghcat ar Chluichí Melbourne sa bhliain 1956 de bharr ionradh Iosrael ar Éigipt. Dhiúltaigh an Ísiltír, an Spáinn agus an Eilvéis dul ann fosta mar agóid i gcoinne Aontas na Sóivéide, a raibh cur faoi chois fuilteach déanta aige ar éirí amach na hUngáire. Sa bhliain 1968, maraíodh idir 200 agus 300 mac léinn le linn léirsithe in Tlatelolco i gCathair Mheicsiceo, cúpla seachtain sular cuireadh tús leis na cluichí ansin. Bhí racán ann fosta nuair a d’ardaigh beirt lúthchleasaithe Meiriceánacha – Tommie Smith agus John Carlos – doirne iata le linn shearmanas bronnta na mbonn. Rinne siad amhlaidh le haird an domhain mhóir a tharraingt ar streachailt na nGormach. D’fhuadaigh agus dhúnmharaigh antoiscigh Phalaistíneacha aon duine déag ó fhoireann Iosrael le linn na gcluichí a bhí ar siúl in München sa bhliain 1972. Rinne Avery Brundage (cé eile?) cinneadh a bhí an-chonspóideach ag an am – go leanfaí ar aghaidh leis na cluichí, d’ainneoin an tsléachta.
Agóidí
Dhiúltaigh go leor de thíortha na hAfraice dul go Montréal sa bhliain 1976 mar agóid i gcoinne rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne sna cluichí, siocair go ndeachaigh foireann rugbaí de chuid na tíre sin ar camchuairt chun na hAfraice Theas tamall gairid roimhe sin. Ní dheachaigh na Meiriceánaigh nó foirne 61 tír eile go Moscó sa bhliain 1980 de bharr ionradh na Rúise ar Afganastáin an bhliain roimhe sin.
Le héiric a bhaint amach ar na Meiriceánaigh, níor fhreastail go leor de na tíortha cumannacha ar na cluichí a bhí ar siúl in Los Angeles sa bhliain 1984. Spreag an tsáraíocht shíoraí seo an t-amhrán cáiliúil Peter Gabriel, “Games Without Frontiers”.
Bhí todhchaí an gCluichí Oilimpeacha idir dhá cheann na meá ag an am sin agus bhí mugadh magadh ceart déanta don spiorad Oilimpeach. Níl duine ar bith ag iarraidh pilleadh ar na laethanta duairce úd, ach ní hionann sin agus a rá gur cheart go ndéanfaí neamhiontas iomlán de shárú cearta daonna. É sin ráite, chuirfeadh an bhréagchráifeacht atá léirithe ag lucht na polaitíochta agus ag an lucht gnó i leith na ceiste seo samhnas ar dhuine. An bhfuil sé cothrom go bhfuiltear ag iarraidh go bhfeidhmeoidh an lucht spóirt mar chaomhnóirí morálta na cruinne le linn do dhaoine eile a bheith ag déanamh gach iarrachta – ar chúla téarmaí – an caidreamh tráchtála agus trádála leis an tSín a threisiú? Is léir go bhfuil ceannairí an domhain ag iarraidh an craiceann is a luach a bheith acu – tá cáineadh géar i gceist óna dtaobhsan de, ach easpa gnímh chomh maith. Mar agóid i gcoinne an mhéid atá ag tarlú sa Tibéid, ní bheidh Príomh-Aire na Breataine, Gordon Brown, ag freastal ar an searmanas tionscnaimh. Rachaidh sé go dtí an searmanas ag deireadh na gcluichí
nuair a chuirfear clabhsúr leo, áfach, le seilbh a ghlacadh ar an tóirse don XXX Oilimpiad, a bheas ar siúl i Londain sa bhliain 2012. Gníomh cróga, a Gordon – bulaí fir!
Níor cheart, i mo thuairimse, gur faoin lucht spóirt amháin a thitfeadh sé beart a dhéanamh ar son an daonlathais an iarraidh seo. Sin é an fáth nach mbeinn i bhfách le baghcat a dhéanamh ar Chluichí Bhéising. Caithfear a chinntiú, áfach, nach mbainfear mí-úsáid as an ócáid agus nach mbeidh sí ina gléas bolscaireachta do réimeas ollsmachtach agus cruálach – mar a tharla i mBeirlín sa bhliain 1936. Tóirse OilimpeachGo deimhin, ba le linn na gcluichí úd a cuireadh tús le nós an Tóirse Oilimpeach a thabhairt ar camchuairt idirnáisiúnta sula mbainfeadh sé a cheann scríbe amach. Tá droch-chlú á tharraingt ar na cluichí anois ar gheall ar an chamchuairt áirithe atá ar siúl faoi láthair. Ar bhealach, is meafar cuí é an tóirse den riocht ina bhfuil an tSín faoi láthair ó tharla go bhfuil an smachtín is an sciath chíréibe á thionlacan ar fud na cruinne. Ag rith i dteannta an tóirse, bíonn 30 “garda” a mhaítear a bheith ina n-eiseamláirí de “phlúr phóilíní na Daon-Phoblachta”, cé gur léir do chách nach bhfuil iontu, i ndáiríre, ach gaigíní sráide i gcultacha spóirt. Níl aon dabht faoi ach gur siombail phaiteanta den tíorántacht agus den ansmacht é an Tóirse Oilimpeach anois.
I ndeireadh ama, is é an dóigh is fearr lena chinntiú nach dtiocfaidh an pholaitíocht agus an spórt salach ar a chéile ná cead a dhiúltú do pholaiteoirí seilbh a ghlacadh ar imeachtaí spóirt. Ós rud é gur léir go bhfuil Rialtas na Síne ag baint leasa as camchuairt an tóirse ar mhaithe le bolscaireacht dá réimeas forneartach, is mithid do Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha deireadh a chur leis láithreach. Is cinnte, dá ndéanfaí a leithéid, go mbeadh ruaille buaille ann faoin chaoi nár cheart
do na Cluichí Oilimpeacha agus an pholaitíocht a bheith fite fuaite lena chéile. Ach i mo bharúilse, a mhalairt ar fad a bheadh i gceist. Is amhlaidh go mbeidís ag fógairt go hard nár cheart do pholaiteoirí a ladhar a chur isteach i gcúrsaí spóirt.
Agus lena chinntiú nach dtarlóidh scigdhráma den chineál seo arís, ba cheart don choiste prionsabail na saoirse agus an daonlathais agus chearta an duine a chur san áireamh agus láthair na gcluichí á roghnú feasta. É sin, nó baile buan a aimsiú dóibh (ar nós an Gréige, b’fhéidir) sa dóigh is nach gcuirfidh imreas polaitiúil smúit ar an ócáid iontach seo arís.
- Is Clár-Eagarthóir é Breandán Delap le Nuacht RTÉ/TG4. Tá cónaí air sa Spidéal.
Tá tuilleadh anailíse le fáil ar na Cluichí Oilimpeacha i rannóg spóirt an eagráin seo. Más spéis leat í a léamh, tabhair cuairt ar alt Choilm Mhic Shéalaigh.
Chomh maith leis sin, cuireann Maidhc Ó Cathail dearcadh éagsúil chun tosaigh maidir leis an aighneas idir an Tibéid agus an tSín. Tá an t-alt sin le fáil sa rannóg seo.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.