AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Póilíní Mheiriceá - brúidiúil nó réadúil?
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Mar a dúirt Charlton Heston, is é an t-aon dóigh a bhféadfaí cuid mhór Meiriceánach a scaradh óna ngunnaé a thógáil ó óna lámha fuara, marbhánta. Agus tá fórsaí póilíneachta na Stát Aontaithe ar cheann de na dreamanna is mó a bhfuil spéis acu sna hairm, dar le Brian Ó Broin.

Íomhá
Maraíodh Sean Bell (thuas) cúpla uair an chloig sula raibh sé le pósadh
Íomhá
Ba bheag nár maraíodh Rodney King le linn ionsaí a rinne na poilíní air
Íomhá
An ndeachaigh na póilíní thar fóir agus iad ag tógáil páistí ó chultas Mormannach in Texas?
Íomhá
Taser: an stiúdghunna in úsáid
Íomhá
Andrew Meyer, an mac léinn a lámhachadh le Taser in Florida State University

raic i Nua-Eabhrac faoi láthair mar gheall ar chás cúirte a bhí ar siúl le déanaí in Queens, ceann amháin de na cúig bhailecheantar i gCathair Nua-Eabhrac. Bhí triúr póilíní ar a dtriail as fear neamharmtha a mharú agus iad i ngnáthéadach taobh amuigh de chlub i lár na hoíche. Maraíodh Sean Bell, ar fhear gorm é, i rúisc caoga piléar agus é ag fágáil an chlub, áit a raibh a oíche stumpaí díreach i ndiaidh a bheith ar siúl. * *

Ach ní mar a shíltear a bítear. Bhí na póilíní i ngnáthéadach i mbun imscrúdaithe sa chlub mar gheall ar líomhaintí striapachais a bheith déanta faoi, agus níl aon dabht faoi ach gur chlub damhsa théisiúil é an áit a raibh na híospartaigh an oíche sin. Bhí Sean Bell é féin ar meisce cheana féin, agus bhí sé ag tiomáint an chairr inár lámhachadh é féin agus a bheirt chairde. Tugadh le fios go raibh an triúir ag cothú troda sa chlub oíche.

Mar sin féin, tháinig ceisteanna géara chun cinn mar gheall ar iompar na bpóilíní. An raibh siad féin ag ól, mar shampla? Ba mhó ba chosúil go raibh. Ar chuireadar iad féin in aithne mar phóilíní sular thosaíodar ag scaoileadh leis na híospartaigh? Is cosúil nár chuir. An ndeachaigh siad thar fóir nuair a thosaigh siad ag lámhach? Deir iarmhéara Nua-Eabhrac, Michael Bloomberg, fiú, go ndeachaigh. Ar choimeád na póilíní smacht orthu féin agus iad ag scaoileadh? Ba bheag nár mharaigh cuid dá n-urchar daoine sa stáisiún traenach in aice láimhe. Ar ndóigh, fógraíodh práinn slándála sa chathair agus an bhreith á tabhairt (níor ciontaíodh iad). CíréibeachaBhí cosúlachtaí idir an cás seo agus cás Amadou Diallo. Mharaigh ceathrar póilíní

an fear gorm seo le linn dóibh a bheith i ngnáthéadach sa bhliain 1999. Tar éis don fhíorasc neamhchiontachta a bheith fógartha, chuathas i mbun círéibeacha ar caitheadh 1,700 duine i bpríosún mar gheall orthu. Ná déan dearmad, ach an oiread, ar na círéibeacha ollmhóra in Los Angeles sa bhliain 1992 nuair a bhasc ceathrar póilíní fear gorm darbh ainm Rodney King chun báis, beagnach. I ngan fhios dóibh, rinneadh a gcoir a thaifeadadh, agus nuair a taispeánadh an bascadh ar an teilifís, bhris círéibeacha – inar maraíodh 53 duine – amach ar fud na cathrach.

Jab deacair is ea jab na bpóilíní i Meiriceá. Mar gheall ar stocaireacht na gcomhlachtaí airm, tá an tír ag cur thar maoil le gunnaí de gach saghas, agus tá sé chomh héasca céanna gunnaí a cheannach i stáit áirithe agus atá sé arán a cheannach. Tá cuid mhaith de choirpigh na tíre as a meabhair cheana féin, agus cuireann soláthar seasta drugaí de gach sórt go mór leis an bhfadhb. In ainneoin go bhfuil níos mó ná dhá mhilliún duine i bpríosún cheana féin – is ionann sin agus 25 faoin gcéad de líon iomlán na ndaoine atá i ngéibheann ar domhan! – is tír thar a bheith dainséarach Stáit Aontaithe Mheiriceá go fóill.

An é gur réiteach na faidhbe é níos mó arm a thabhairt do na póilíní? Dá mbeinn i mo phóilín, déarfainn gurb é, ach ar ndóigh tá léamh eile ag lucht na gcearta sibhialta air seo. Deir siad go gcothaíonn fórsa armtha póilíneachta faitíos sa tsochaí i leith na bpóilíní. Bíonn eagla a n-anama ar na póilíní chomh maith agus, mar sin, b’fhearr leo dul i muinín an ghunnadul sa tseans. Tuigeann na hÉireannaigh an scéal mar is cuimhin linn go maith an eachtra inar maraíodh John Carthy sa bhliain 2000; gardaí ar cuireadh oiliúint orthu sna Stáit Aontaithe a bhí freagrach as é a mharú.

Cinnte, ní hionann póilíní Mheiriceá agus an Garda Síochána. Is maith is cuimhin liom féin forrán a chuir mé ar phóilín sráide i Chicago cúpla bliain ó shin nuair a d’fhiafraigh mé de cá raibh áit éigin. D’fhéach sé isteach idir an dá shúil orm, agus d’fhreagair os ard: "Do I look like a fucking tourist guide?"

M’anam, nár bhreathnaigh. Ach osclaíodh mo chuid súl mar gheall ar an eachtra seo, geallaim duit. Má bhíonn ceist agat agus tú sna Stáit Aontaithe, níor chóir duit an freagra a lorg ó phóilín.

Is geall le harm iad póilíní Mheiriceá le tamall anuas. Ag deireadh na

nóchaidí, thug an Pentagon airm bhreise do na fórsaí póilíneachta timpeall na tíre mar gheall ar an gCogadh Fuar a bheith tagtha chun críche. I measc na n-arm a bhfuarthas réidh leo bhí gránáidí roicéadtiomána agus tancanna.

Bhí iontas ar go leor daoine i mí Aibreáin i mbliana nuair a d’úsáid póilíní in Texas tanc agus armáin uathoibríocha agus iad i mbun oibríochta chun páistí a thógáil ó ghrúpa ceartchreidmheach Mormannach mar gheall ar líomhaintí a bheith déanta gur tugadh mí-úsáid ghnéasach do pháistí. Armán coitianta is ea an raidhfil AR-15 – nó an Armalite, mar is fearr aithne air – i measc phóilíní na Stát Aontaithe. Coimeádtar ar a laghad dhá cheann i ngach carr péas anois.

SWATAch ní hé gurb iad na gnáthphóilíní an dream is measa. Ó na seachtóidí i leith tá aonaid speisialta ag gach contae, nach mór, ar a dtugtar SWAT – Special Weapons and Tactics – a mbaintear úsáid astu má bhíonn baol ann go bhfuil coirpeach armtha.buíonta SWAT anois ar an bhfód a bhfuil ingearáin agus meaisínghunnaí acu, agus tá tanc Saracen – a ceannaíodh ón mBreatain – ag an buíon in Tulsa, Oklahoma. Bíonn na buíonta seo oilte i bhfeidhmeanna saighdiúirí speisialta, agus i bhfírinne, is beag difríocht a bheadh idir iad agus fórsaí speisialta an airm. Mar a thuigfeá, tá a lán daoine den tuairim nár cheart do phóilíní a bheith armtha mar seo. In Eanáir 2006, mharaigh buíon SWAT in Virginia

optaiméadraí darbh ainm Salvatore Culosi ar cuireadh ina leith go raibh sé i mbun cearrbhachais mhídhleathaigh ar an idirlíon!

díospóireacht ar siúl in Éirinn faoi láthair maidir le cé acu ar cheart do na Gardaí airm a bheith acu nó nár cheart. Deir roinnt Gardaí nach féidir leo póilíniú éifeachtach a dhéanamh gan airm a bheith acu – go háirithe mar go bhfuil gunnaí móra ag roinnt coirpeach agus iad sásta go leor iad a úsáid in aghaidh na nGardaí, mar a tharla le déanaí i mBaile Átha Cliath. Deir daoine eile go gcruthódh a leithéid de bheart a lán deacrachtaí mar go mbeadh na Gardaí níos toilteanaí dul i muinín arm láithreach, seachas réiteach níos síochánta a aimsiú. Táthar ag moladh comhréitigh idir an dá linn: úsáid gunnaí ar a dtugtar Tasers. Stiúdghunnaí is ea iad, atá cosúil leis na cinn a d’fhéicfeá sa bhficsean eolaíochta.

Mar aon le gnáthghunnaí, tá Tasers á n-úsáid cheana féin ag póilíní Mheiriceá Thuaidh le beagnach fiche bliain anuas, ach ní gan chonspóid. D’úsáid póilíní Los Angeles Tasers nuair a rinne siad ionsaí ar Rodney King sa bhliain 1991 san eachtra úd a spreag círéibeacha ar fud na cathrach. Mharaigh póilíní in Vancouver Polannach le Taser anuraidh. Ó thaobh na ngunnaí seo de, tharla an eachtra ab

fheiceálaí anuraidh nuair a d’úsáid póilíní Florida State University Taser ar mhac léinn darbh ainm Andrew Meyer nuair a chuir sé ceist ar John Kerry i rith a óráide. Agus an mac léinn ag screadach agus a chorp crupaithe leis an bpian, tarraingíodh amach as an halla é.

Ní léir in aon chor cad ba chóir a dhéanamh faoin gceist áirithe seo. Má thugtar níos mó arm do na péas, beidh an chuma ar an scéal gur stát póilíneach é Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ach ní háiféis é a rá go mbrisfeadh cogadh cathartha amach dá mbainfí de líon na n-arm atá acu faoi láthair. Tá todhchaí Mheiriceá idir dhá cheann na meá mar gheall ar an gceist seo. Agus beidh muidne ar fad i mbaol go dtí go réiteofar an fhadhb. Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.