Tá Balor feargach, cé do tuigfidh a léitheoirí rialta gur rud coitianta go leor é sin. Cronaíonn sé Bertie, ach ní mar a shíltear bítear agus mar is gnáth, tá scríbhneoir céimiúil [i]Beo![/i] ag tochras ar a cheirtlín féin.
“Tá mé bodhraithe ag an bhaothán. Tá mé briste, bascaithe agus brúite aige. Tá mé bréan den bhreallán bradach agus a chuid bladair agus a chuid bladhraí agus a bhligeardaíocht chomh maith. Cé atá i gceist agam, a léitheoirí dílse? Cé eile ach Charlie Feckin’ Fealltach Fiáin Bird!” a deir Balor an Buaiceálaí faoi bhómán sin na meán cumarsáide arbh é an t-aon tuairisceoir sa tír nach raibh a fhios aige go raibh Bertie ag gabháil a fhógairt go raibh sé ag éirí as oifig. “Charlie Bird mo thóin!” a mhaíonn Balor an Bhéil Bhinn, agus é ag déanamh beag is fiú d’éachtaí agus d’eachtraí an chomhfhreagraí chalma chochallaigh chonfaigh.
“Sea! Mo thóin,” a deir Balor. “Is fíor gur minic a chuaigh Birdie i gcontúirt a anama agus a thóna, gur sheas sé sa bhearna bhaoil arís agus arís eile chun agallaimh agus scéalta nuachta a fháil, ón Afganastáin go dtí an Trá Bhán; ach is beag an méid atá déanta aige i gcomparáid lena ndearna mé féin daoibh an mhí seo a chuaigh thart, a léitheoirí. Chuaigh mise i mbaol mo chaillte, agus níos measa b’fhéidir: i mbaol mo choillte, chun agallamh eisiach a chur ar Ian Mór as Bearna an Tuaiscirt, Fidei Defensor, Cosantóir na Teorann. Agus cad é an mhaith dom é? An bhfuair mise ardú pá ó eagarthóir Beo Ar Éigean? Beag an baol!”
“Charlie! Charlie! Charlie! Ní chluinim a dhath ar bith eile ach ainm an ainneoir amscaí ainléannta, i mo dhúiseacht dom agus i mo chodladh fosta. Bhí mise ag gabháil do chomhrac coileach le hiarcheannaire an Do You Pee, agus cá háit a raibh Charlie? Ag búireadh isteach i micreafón agus é ina sheasamh go calma cróga le hais cónra san Iodáil. Ní cónra oscailte fá choinne Charlie féin a bhí ann, ach oiread, ach cónra úr ghloine Padre P. O’Neill. Cibé suaimhneas a fuair an naomh bocht ó fuair sé bás, ní raibh ann ach macalla de sheanchuimhne agus Charlie seasta lena ais ag liú in ard a chinn nach raibh scéala chomh mór ná chomh tábhachtach ná chomh húimléideach ná chomh mórluachach leis seo i stair na hEaglaise... Ó a Charlie, nach bhfuil stop leat?” a fhiafraíonn Balor an Clamhsánaí Cantalach.
BiffoMar a deir siad i nGaeilge bhinn bhlasta Chonamara, fuair Balor away le go leor nár chóir dó a fháil away leis le blianta fada anuas, siocair nach raibh focal ar bith Gaeilge ag Bertie bocht seachas “Ba mhaith liom pionta eile, le do thoil, agus pionta do mo chara Charlie Bird anseo.” Bhí Balor in ann a bheith ag magadh faoi
gan stad, ach tá laethanta an mhagaidh thart, agus mar a deir siad i Luimneach cois Abhainn na Sionainne: “Níl an magadh maith.” Biffo atá i réim anois, agus tá togha na Gaeilge aige. Tá a fhios ag madaí an bhaile go léann sé “An tSúil Nimhe” go cíocrach agus go ciontanach trí huaire sa lá. Tá a fhios sin ag eagarthóir úr na liarlóige seo, agus tá Balor Bocht faoi gheasa droma dlútha diana gan oiread is focal maslach a scríobh faoin iarthánaiste. Dar ndóigh, cloífidh Balor go docht daingean leis an riail sin.
D’fhéach Enda Aoibhinn Álainn le luíochán a dhéanamh ar Biffo le ceisteanna móra fada a chur air i nGaeilge. Tá Enda agus a chairde i ndiaidh trí fhoclóir an duine a ithe ó shin ag iarraidh a fháil amach an ag tabhairt freagraí nó maslaí a bhí sé. Chonacthas Éamonn Beag Ó Druncaí ag teannadh leis i mBeár Theach Laighean ar na mallaibh. Chan ag rúscadh an chainniúir a bhí an smugachán, áfach, ach ag tabhairt cuireadh d’fhear lár na tíre dul ar a chlár raidió adhartha ag deireadh na seachtaine. Níl ann ach cúpla bliain ó fuair Ó Druncaí culaith úr ar leith déanta i Siopa Louis Copeland, ceann speisialta le poll ann le taobh an mhuiníl, le go dtiocfadh leis an scealpóg ar a ghualainn a bheith ag gobadh amach fríd.
Méala mór do Bhalor Ilbheartach imeacht Bhertie, ar an-ch... ch... chuid c... c... c... cúiseanna. Bhí stad beag cainte Bhertie iontach áisiúil, agus Balor Bocht ag tuilleamh cent amháin in aghaidh gach deich bhfocal a scríobhfadh sé. Tá a fhios...
Tá a fhios... Tá a fhios... Tá a fhios... Tá a fhios...sin ag an eagarthóir fosta, agus tá sise iontach sásta go bhfuil sé imithe.
Tháinig feoil ar an chuid ba mhó de mhianta Bhertie... seachas an Babhla. Cad é faoin Bertie Bowl? Focal ar bith faoi le cúpla bliain anuas, agus é mar uaillmhian aige thar uaillmhian ar bith eile – go bhfágfadh sé Babhla Bhertie le huacht ag muintir na hÉireann, ach ní raibh sé riamh ag gabháil a tharlú. Fágfaidh muid an focal scoir ag Balor, mar is iondúil: “Caithfear glacadh leis, a Bhertie, ar an droch uair, nach mbeidh i do Bhabhla ach fochup.... fochup.... fochup... fochupán!”