RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ
Mo chéad bhliain ar an ollscoil
Johanna Ní Mhurchú Johanna Ní Mhurchú

Agus Ardteist na bliana seo beagnach buailte linn, beidh lucht fágála na scoile ciaptha leis an imní. Ach is cóir dóibh siúd ar mian leo freastal ar an ollscoil a bheith ar bís chomh maith faoin mbliain atá rompu, dar le Johanna Ní Mhurchú[/author/]. Tá an t-alt seo dírithe ar dhaltaí ardteiste ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga de.

Íomhá
Johanna Ní Mhurchú
Íomhá
Íomhá
Bhí atmaisféar réchúiseach i gceist ar an gcampas
Íomhá
D'eagraigh Aontas na Mac Léinn go leor imeachtaí sóisialta i rith na bliana

An chéad bhliain ar an ollscoil – do na mílte daoine, bíonn meascán mothúchán i gceist lena linn. Tá a fhios agam féin gur mhothaigh mé iad go léir – eagla, neirbhís, réamhaíocht. Ach den chuid ba mhó, bhí mé ag tnúth go mór leis an tréimhse nua, spreagúil seo i mo shaol.

Caithfidh mé a rá, áfach, nuair a bhí orm mo rudaí go léir a phacáil agus mo sheomra codlata sa bhaile a fhágáil, tháinig deora le mo shúile. Ach dá mbeadh a fhios agam cad a bhí i ndán dom, bheinn ag sileadh deora áthais!

Sna laethanta tosaigh, b’éigean dúinn ar fad a bheith féinmhuiníneach agus rinne mé iarracht labhairt le gach duine. Rud amháin ar féidir a bheith cinnte faoi sa chéad seachtain ar an ollscoil ná go mbíonn gach duine cneasta agus cairdiúil – má dhéanann tú iarracht labhairt le strainséir, beidh siad sásta labhairt leatsa.

I ndiaidh dom go leor dianmhachnaimh a dhéanamh i rith bhliain na hArdteiste, táim cinnte anois gur roghnaigh mé cúrsa atá oiriúnach domsa. Tá BA san Iriseoireacht agus sa Ghaeilge idir lámha agam – ar céim nua í a chuir Fiontar (www.dcu.ie/fiontar/) ar fáil den chéad uair anuraidh – in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

CairdeCúrsa réasúnta beag is ea é agus baineann gach duine an-taitneamh as comhluadar a chéile. Nuair a bhuail mé leis na daoine eile atá ag déanamh an chúrsa seo, bhí a fhios agam gur dlúthchairde a bheadh i gcuid acu. Ó

n taobh sin de, bhí an t-ádh liom.

I rith Sheachtain na gClubanna agus na gCumann, bhí go leor deiseanna ag na mic léinn nua aithne a chur ar a chéile. I rith na seachtaine sin, déanann clubanna agus cumainn na hollscoile iarracht baill nua a mhealladh. Pé aois atá tú, pé rudaí a gcuireann tú spéis iontu, pé rudaí a thaitníonn nó nach dtaitníonn leat, aimseoidh tú club nó cumann éigin a bheidh oiriúnach duitse. Ní chosnaíonn sé ach €4 chun a bheith páirteach i gclub nó i gcumann faoi leith, agus is smaoineamh maith é, i mo thuairimse.

Ag druidim le deireadh na seachtaine siúd, chonacthas dom go raibh cúrsaí ag teacht i gcruth agus bhí tuiscint bí ba shoiléire agam maidir le saol na hollscoile. Chuir mé aithne ar níos mó daoine agus bhí mé ar mo chompord le gach rud. Thaitin na léachtaí liom mar, den chéad uair riamh, bhí mé ag déanamh staidéir ar na hábhair is ansa liom. Ní raibh múinteoirí ann le horduithe a thabhairt dúinn agus ní raibh obair bhaile le déanamh. Ní raibh mórán struis i gceist ach an oiread, ach amháin nuair a bhí orm measúnachtaí a chur i gcrích faoi spriocdháta ar leith agus

nuair a bhí mé ag déanamh réidh le haghaidh na scrúdaithe. Buíochas le Dia, d’aimsigh mé gach rud a bhí ag teastáil uaim istigh sa leabharlann.

Bhain mé taitneamh as saol sóisialta na hollscoile chomh maith. Gach seachtain, bíonn rudaí éagsúla ag tarlú timpeall an champais, a bhuíochas sin ar Aontas na Mac Léinn. Tugtar Seachtain na Mac Léinn Céad Bhliana ar an gcéad seachtain den seimeastar agus rinneadh gach iarracht lena linn fáilte mhór a chur romhainn agus reáchtáladh oícheanta sóisialta le go bhféadfaimis aithne a chur ar dhaoine. I rith na bliana, eagraíodh ócáidí ar an gcampas a raibh an-éileamh orthu.

NeamhspleáchasCaithfidh mé a rá, tá an saol neamhspleách seo an-oiriúnach domsa agus is breá liom a bheith ag tabhairt aire dom féin. Bhain mé sult as a bheith ag tabhairt faoi rudaí beaga nach mbíonn orm a dhéanamh sa bhaile –bhain mé an-taitneamh, fiú amháin, as na cuairteanna seachtainiúla a thug mé ar Tesco’s leis an tsiopadóireacht a dhéanamh!

Rud amháin nár thaitin liom, áfach, ná an t-iompar poiblí. I rith na bliana seo, théinn abhaile gach deireadh seachtaine ar an mbus mar bhraith mé uaim an saol álainn faoin tuath – na feirmeoirí ach go háirithe! Turas leadránach, fada is ea é agus d’fhéadfadh duine ar bith suí síos in aice leat. B’fhéidir go gceannóidh mé carr roimh an gcéad seimeastar eile ...!

Anois, tá an chéad bhliain ag teacht chun deiridh agus ag féachaint siar, bhain mé an-taitneamh as an eispéiris ar fad. Cé nach raibh mórán airgid agam, bhinn amuigh le mo chuid cairde go minic agus ghlac mé páirt i saol na hollscoile.

B’fhéidir go ndearna mé roinnt botún agus b’fhéidir gur chóir dom post a bheith agam leis an mbrú ar mo chuntas bainc – agus ar mo mhamaí! – a laghdú. Ach ní thagann ciall roimh aois, mar a deirtear!

D’fhoghlaim mé rudaí an-tábhachtacha i rith mo chéad bhliana mar mhac léinn. D’fhoghlaim mé , mar shampla, scileanna a bheidh ag teastáil agus mé i mbun mo ghairme sa todhchaí, scileanna sóisialta a bheidh de dhíth orm agus mé ag casadh le daoine nua amach anseo agus scileanna praiticiúla.....ar nós conas árasán a chóiméad slachtmhar ionas nach ngearrfar fíneáil €5 orm arís as ucht a bheith drogallach úsáid a bhaint as folúsghlantóir!

Tá Johanna Ní Mhurchú ina mac léinn céad bhliana in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil sí ag déanamh céime san Iriseoireacht agus sa Ghaeilge. Tá sí ocht mbliana déag d’aois agus is Loch Gorman ó dhúchas í.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.