CÚINNE NA nEALAÍON
Leabharmheas: Hula Hul le Seán Mac Mathúna
Pól Ó Muirí Pól Ó Muirí

Tá Pól Ó Muirí den tuairim gur leabhar ar leith é [i]Hula Hul[/i], úrscéal nua Sheáin Mhic Mhathúna, nach bhfuil oiread is nóta amháin as alt ann.

Íomhá
Íomhá
Tuigeann Seán Mac Mathúna mothúcháin an duine

Am ar bith a fheicim an t-ainm Seán Mac Mathúna ar chlúdach leabhair, bím ar bís le hé a léamh, agus tá a úrscéilín Hula Hul (Leabhar Breac, €15) ar leabhar chomh maith le haon saothar a thiocfadh leat a chur os comhair léitheora. Léirítear sa leabhar buanna uile Mhic Mhathúna – samhlaíocht, scéal agus scríbhneoireacht nach bhfuil a sárú ann – agus iad uilig ag cur le chéile mar a bheadh ceolfhoireann faoi stiúir Mozart ann.

Ní leabhar fada é Hula Hul ó thaobh líon na leathanach de. Leathanach nó dhó le cois 100 leathanach atá ann agus thiocfadh leat é a léamh ar do phléisiúr taobh istigh d’uair an chloig. Ach eipic atá i scéal s’aige; píosa scríbhneoireachta atá ann a thugann sruthanna an tseanchais, na staire agus na scríbhneoireachta comhaimseartha le chéile in aon abhainn eisceachtúil ealaíonta amháin.

Tá an scéal féin suite i gCiarraí sa bhliain 1923 agus Cogadh na gCarad ag teacht chun deiridh. Tá Mait Dálaigh ina chaptaen san IRA agus é ag cur cogaidh ar fhórsaí an tSaorstáit. Ach ní saighdiúir amháin é Dálaigh, ach duine faoi éide mhíleata. Tá croí aige a scanraíonn roimh uafás an fhoréigin, croí a scanraíonn chomh mór sin nach dtig leis a dhualgas a chomhlíonadh agus gasúr óg, a measadh a bheith ina bhrathadóir, a chur chun báis. Cuireann Dálaigh chun an bhaile é. Chuirfeadh an mhír seo ráiteas cáiliúil Albert Camus i gcuimhne duit, is é sin, go roghnódh sé a mháthair dá mbeadh air rogha a dhéanamh idir cóir agus a í.

"Paidir"Ní hé nach dtuigeann Dálaigh contúirt an bháis ach oiread. Tagann beirt fhear le Dálaigh a mharú ach impíonn sé orthu ligean dó paidir a rá. Níl Gaeilge acu agus tosaíonn sé ag déanamh aithris ar “Cúirt an Mheáin Oíche” le huair na cinniúna a mhoilliú tamall beag eile. Leanann Dálaigh lena phaidir agus na fir ag agairt air “Áiméan” a chur léi le go gcuirfeadh siadsan deireadh leis-san, ach leanann Dálaigh ar aghaidh “ag scairteadh Gaolainne ar na spéartha, agus deimhin á déanamh de ná féachfadh sé ar a n-aghaidh fiú amháin, agus feadh na faide an

bheirt ag léimrigh le feirg – agus eagla. Bhí an bheirt acu ag féachaint ar na spéartha chomh maith, ach ní raibh aon fhuascailt ansan dóibh ach chomh beag....” Níl oiread agus nóta amháin as alt ag Mac Mathúna anseo agus castar sleachta ort atá chomh mothálach sin ina gcur síos go bhfágann siad an léitheoir lag le hiontas i láthair an téacs.

Tá príosúnach – Breen (atá ceangailte de gheata iarainn) – agus bosca le tabhairt ag Dálaigh thar na cnoic. Geata iarainn! Is iontach an íomhá í; príosúnach á thabhairt thar chnoic i dtreo mná nach bhfuil uaidh. Is anseo a thiontaíonn Mac Mathúna an scéal ar a cheann – lúbann sé bun-os-cionn agus droim ar ais é agus cuireann sé rómáns i lár an aonaigh.

Níor cheart go n-éireodh leis; níor cheart go mbeadh sé chomh dalba sin lena léitheoirí agus suíomh agus béim an scéil a athrú ó Saving Private Ryan go The Quiet Man. Ach éiríonn leis. Tugann Mac Mathúna droim láimhe leis na rialacha agus cumann sé a leabhar féin de réir a chuid rialacha féin. Thuigfeá as an scéal gur áiféiseach an ní é foréigean a bheith i saol an duine; earráid ailseach atá ann. Is é an croí agus a chuid mothúchán – idir mhaith agus olc – an rud a chorraíonn an duine. Tuigeann Mac Mathúna síceolaíocht; tuigeann sé éad, saint, sotal, urraim agus grá agus bíonn iomlán léir na nithe sin ag iomrascáil lena chéile sna carachtair a chruthaíonn sé.Tháinig Pól Ó Muirí ar an saol i mBéal Feirste Lá Nollag, 1965. Is Eagarthóir Gaeilge de chuid an Irish Times* é; colúnaí spóirt le Foinse agus scríobhann sé colún ar an Belfast Telegraph. Le cois a bheith ina iriseoir, is file agus scríbhneoir é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.