I mí an Aibreáin 1968 bhain an grúpa Emmet Spiceland, a raibh an ceoltóir Donal Lunny ar dhuine dá bhaill, uimhir a haon amach i gcairteacha na hÉireann leis an amhrán “Mary from Dungloe”. Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag Lunny le daichead bliain anuas agus áirítear é ar dhuine de na ceoltóirí is tábhachtaí i gceol traidisiúnta na hÉireann san fhichiú haois. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis le gairid faoina shaol sa cheol.
I mí Iúil i mbliana déanfaidh an ceoltóir Donal Lunny an turas fada óna áit chónaithe na laethanta seo, Okinawa sa tSeapáin, go Dún na nGall, áit a mbeidh sé páirteach i gceithre cheolchoirm a bheas mar chuid de bhuaicphointí Fhéile an Earagail. Rinne an fhéile Lunny a choimisiúnú le ceol nua a scríobh do na ceolchoirmeacha seo agus i measc na gceoltóirí cáiliúla a bheas páirteach iontu beidh Máire Ní Bhraonáin ón ghrúpa Clannad, Mairéad Ní Mhaonaigh ó Altan, an píobaire Liam O’Flynn, Andy Irvine, agus Paddy Glackin.
Tá sé daichead bliain anois ó bhí Lunny agus an grúpa ina raibh sé páirteach, Emmet Spiceland, ag uimhir a haon i gcairteacha na hÉireann leis an amhrán “Mary from Dungloe” (amhrán a spreag bunú na féile ar an Chlochán Liath) ach tá sé chomh fuinniúil agus lán de smaointe is a bhí riamh.
Nuair a labhair mé le Lunny le gairid bhí sé 6,000 míle uaim, ina bhaile nua, ach bhí a éadan le feiceáil go soiléir ar scáileán mo ríomhaire agus a ghuth le cloisteáil go glé glinn, a bhuíochas sin ar an bhogearra iontach sin Skype.
Rinneadh an t-albam cáiliúil sin de chuid Emmet Spiceland a thaifeadadh in De Lane Lea i Londain, an stiúideo cáiliúil ar thaifead Jim Hendrix an t-amhrán “Hey Joe” ann agus a raibh grúpaí mór le rá de chuid na seascaidí agus tús na seachtóidí mar The Beatles, The Rolling Stones agus Deep Purple ag tarraingt air go rialta.
Nuair a chuaigh Lunny isteach sa stiúideo i 1968 le baill eile Emmet Spiceland, Michael agus Brian Byrne, leis an taifeadadh a dhéanamh ba é Phil Coulter, an ceoltóir agus léiritheoir as Doire, a bhí i gceannas ar chúrsaí.
“Ba é Coulter a d’eagraigh an seisiún taifeadta agus a rinne an léiriú chomh maith. Ní raibh a fhios againn go mbeadh sé ag cóiriú an cheoil chomh maith go dtí gur bhain muid an stiúideo amach. Bhí ceoltóirí téadacha ansin romhainn agus fliúit agus óbó nó cibé – tá dearmad déanta agam. Bhain sé sin an-gheit asainn ach sin mar a bhí cúrsaí ag am sin.
“Bhain sé siar asam go raibh sé tar éis é seo a dhéanamh. Ag féachaint siar anois, tá mé den tuairim go mbeadh muid an-bhuíoch de dá rachadh sé i gcomhairle linn faoi seo ar fad. Ach sin mar a bhí sé na laethanta sin. Bhí sé ag iarraidh réaltaí a dhéanamh dínn, tá a fhios agat.”
An raibh sé sásta leis an albam nuair a chuala sé é?“Bhí laigí móra ag baint leis, agus ní mar gheall ar an bhealach a rinneadh an cóiriú amháin. Bhí laraingíteas ar Bhrian agus sílim go raibh baint ag sin le néaróga go pointe. Thóg sé cithfholcthaí agus mil agus d’oibrigh sé sin go pointe áirithe. Bhí guth iontach ag Brian agus tá go fóill. Bhí muid go hiontach ag canadh le chéile ach ní shílim go bhfuil sé sin le cloisteáil ar an taifeadadh. Ach bhí buiséad an-teann i gceist ag an am agus ní raibh an rogha againn an taifeadadh a chur ar athló.”
Cé gur éirigh go maith le “Mary from Dungloe” agus le singlí eile mar “Báidín Fheidhlimí” agus “Tá na Báid”, níor mhair an grúpa Emmet Spiceland i bhfad eile. D’fhág Donal an banna agus ghlac an ceoltóir Leo O’Kelly a áit. I 1969, áfach, sheinn Donal leis an ghrúpa den uair dheireanach, díreach sular tháinig deireadh leis.
“Ghlac mé páirt i gcamchuairt i gCeanada mar, ar chúis éigin, ní raibh Leo ábalta dul. Agus b’in an uair dheireanach a chas muid le chéile, ar thuras aisteach go Talamh an Éisc agus Toronto. Chaith muid coicís in Toronto in áit darbh ainm The Golden Nugget, ag seinm ceithre huaire gach oíche, ar feadh 45 nóiméad ag an am, rud a bhí an-tuirsiúil go deo agus an-aisteach. Níl a fhios agam an raibh ar dhaoine íoc isteach chuige, fiú. Ach bhí orainne seinm óna naoi go dtí a haon, nó rud éigin mar sin.”Ag seinm le hAndy Irvine
Chuir Lunny aithne ar an amhránaí agus ceoltóir Andy Irvine sna seascaidí i mBaile Átha Cliath ach ní raibh go leor muiníne aige as a chuid tallainne mar cheoltóir le seinm leis go poiblí.
“Ní raibh mé ag seinm ceoil leis sna blianta tosaigh ach bhí aithne agam air agus bhí mé ar an eolas faoi. Theastaigh go mór uaim a bheith ag seinm leis ach níor mheas mé go raibh mé maith go leor leis sin a dhéanamh, agus go deimhin ní raibh mé maith go leor. Ach thosaigh muid a sheinm ceoil le chéile sa deireadh agus is cuid den stair an chuid eile den scéal. Ba eisean a thug basúcaí dom an chéad lá riamh – bhí mé ag seinm giotáir go dtí sin.”Sa bhliain 1970, fuair Lunny cuireadh a bheith páirteach i dtaifeadadh dara halbam Christy Moore, an t-amhránaí as Cill Dara a áirítear anois ar dhuine de laochra móra cheol na hÉireann san fhichiú haois. Bhí Lunny agus Christy ar scoil le chéile i nDroichead Nua agus chónaigh siad le chéile i mBaile Átha Cliath i lár na seascaidí.“Bhí aithne agam ar Christy ó bhí mé ar scoil agus nuair a chuaigh mé chuig an choláiste ealaíne i mBaile Átha Cliath chónaigh muid le chéile in árasán beag ar Shráid an Phiarsaigh ar feadh bliana. Bhí Christy ag obair sa bhanc agus aistríodh é go Baile Átha Cliath ag an am sin. Ansin, bhí stailc sna bainc, i 1965, sílim, agus d’imigh Christy leis go Sasana. Agus nuair a tháinig sé ar ais chun an dara halbam a thaifeadadh, bhí mise ar dhuine de na chéad daoine a ndearna sé teagmháil leo. Prosperous a tugadh ar an albam mar gur taifeadadh sa bhaile sin i gCill Dara.”Bhí Liam Óg O’Flynn and Andy Irvine páirteach sa taifeadadh chomh maith agus ba é Bill Leader, an léiritheoir agus innealtóir clúiteach as Sasana, a bhí i mbun cúrsaí fuaime. “Bhí an seisiún sin an-taitneamhach go deo. Chuir Bill Leader muid in áiteanna éagsúla in íoslach Rynne’s sa Chorrchoill, shocraigh sé cúpla micreafón steirió ansin agus bhog sé timpeall an tseomra muid chun an fhuaim a chothromú. Bhí Liam [O’Flynn] ina shuí i gcúl an tseomra ag rá, ‘Ní féidir leat fuaim na bpíob a ísliú!’ Ach bhí an t-albam go hiontach sa deireadh.”Níor shíl Lunny ag an am sin go raibh aon rud nua nó radacach faoin cheol a bhí á sheinm aige féin agus ag a chairde ach nuair a tháinig sé féin Moore, O’Flynn agus Irvine le chéile leis an ghrúpa Planxty a bhunú gan mhoill ina dhiaidh sin, tuigeadh dóibh go raibh daoine an-tógtha leis an fhuaim a bhí acu.
“Bhí a fhios againn go raibh sé nua agus suimiúil, dar le go leor daoine. Bhí meascán chomh mór sin daoine ag na ceolchoirmeacha go raibh a fhios againn go raibh rud éigin speisialta faoin cheol. Bhí go leor daoine sa lucht éisteachta a d’éist le rac-cheol amháin go dtí sin ach a shíl go raibh an ceol a bhí againne cool go leor dóibh. Ansin bhí daoine níos óige ná iad sin i láthair agus daoine i bhfad ní ba shine a bhí tógtha leis an cheol traidisiúnta.”In ainneoin na drochthaithí a bhí ag Lunny le Phil Coulter agus albam Emmet Spiceland á thaifeadadh, bhí baint lárnach ag fear Dhoire le Planxty i mblianta tosaigh sin an ghrúpa. Cad é mar a tharla sé sin?
“Tá a fhios agat an t-amhrán sin de chuid Bob Dylan, ‘Stuck Inside of Mobile With the Memphis Blues Again’? Bhuel, tá línte san amhrán sin atá an-oiriúnach sa chás seo: ‘And here I sit so patiently, Waiting to find out what price, You have to pay to get out of, Going through all these things twice’! Bhí drogall orm ag an am, bhí amhras orm faoi dhul síos an bóthar céanna. Ach bhí Phil agus fear darbh ainm Bill Martin tar éis comhlacht léiriúcháin a bhunú agus chuaigh siad chuig Polydor agus, mar gheall ar gur chomhlacht léiriúcháin iad, fuair siad conradh dúinn a raibh airgead ollmhór i gceist leis, tríocha míle [punt], sin timpeall trí chéad míle in airgead an lae inniu. Ach b’in tríocha míle thar sé albam. “An t-albam a rinne muid a thaifeadadh, ‘an t-albam dubh’, bhí ceol air a bhí muid tar éis a bheith ag cleachtadh le bliain roimhe sin, mar sin ní raibh mórán athruithe le déanamh air.”
Dúshlán nuaTá an t-albam áirithe sin ó 1973 ar cheann de na cinn is tábhachtaí i gceol traidisiúnta na hÉireann agus tá sé chomh húr céanna sa lá atá inniu ann is a bhí ag an am sin. Rinne Planxty dhá albam eile a thaifeadadh i 1973 agus 1974 ach chinn Donal ar an ghrúpa a fhágáil. Cé go raibh an-tóir ar a gcuid ceoil, deir sé go raibh sé an-deacair slí bheatha cheart a dhéanamh as a bheith ag seinm leis an ghrúpa. Ní raibh sé bréan den cheol, a deir sé, ach theastaigh uaidh rudaí nua a thriail, mar sin féin.
“Nuair a bhíonn tú ag déanamh gigeanna an t-am ar fad le grúpa bíonn sé deacair aon rud nua a dhéanamh agus tú ar an bhóthar – caithfidh tú féinsmacht a bheith agat le píosaí nua ceoil a fhoghlaim. Bhí dúshlán nua uaim. Thosaigh mé a chleachtadh le Shaun Davey, a bhí scríobh amhrán den chéad scoth ag an am. Shíl mé go raibh na liricí thar barr agus go raibh an ceol an-úr. Mheas mé go mbeinn ag coinneáil Planxty siar agus dá bhrí sin chinn mé ar an ghrúpa a fhágáil.”Rinne Lunny agus Davey cúig cheolchoirm le chéile ag an am ach níor éirigh go rómhaith leo agus rinne Donal cinneadh díriú ar léiriú albam agus ar obair sheisiún lena bheatha a thabhairt i dtír.
Gan mhoill ina dhiaidh sin, thug Tríona Ní Dhomhnaill agus a deartháir Micheál cuireadh dó seinm leo i ngrúpa ar a tugadh Seachtar, ar eascair The Bothy Band, grúpa tábhachtach eile, as taobh istigh de chúpla mí.
“Nuair a chuaigh mise isteach sa ghrúpa bhí Tony McMahon ansin go fóill agus Paddy Glackin. Ag an phointe sin, ar ndóigh, ní raibh caint ar bith ar cheol a sheinm go proifisiúnta, ar bhonn lánaimseartha. Ach lean muid orainn ag cleachtadh agus d’fhás rudaí de réir a chéile.”Bhí The Bothy Band le chéile ar feadh trí bliana agus d’eisigh siad ceithre albam thábhachtacha le linn na tréimhse sin. An síleann Lunny go bhfuil úire ag baint le ceol an ghrúpa go fóill?
“Ceapaim go bhfuil, is ea. Níor éist mé le cuid albam an Bothy Band ar feadh deich mbliana nó níos faide – níl sé de nós agam éisteacht le rudaí atá déanta agam – ach d’éist mé leis na halbaim sa deireadh agus thuig mé gur éirigh linn an fuinneamh a bhaineann le bheith ag seinm beo a athchruthú sa stiúideo.”Molann sé go hard triúr príomhcheoltóirí an ghrúpa (mar a thugann sé orthu), Matt Molloy (fliúit), Tommy Peoples agus, ina dhiaidh sin, Kevin Burke (fidil) agus Paddy Keenan (píb uilleann). Deir sé nach mbíodh na ceoltóirí sin in iomaíocht lena chéile ach go mbíodh siad i gcónaí “ar thóir na splaince, an mhothúcháin” agus gur éirigh leo é sin a chur in iúl fiú sa stiúideo taifeadta. Deir Lunny gur onóir mhór a bhí ann a bheith ag obair le beirt amhránaithe den scoth, mar a bhí Tríona and Micheál Ó Domhnaill.
Deir sé nár éirigh leo mórán airgid a dhéanamh riamh ón Bothy Band, áfach.
“Bhí camchuairteanna againn sa Ghearmáin agus chuaigh muid go dtí an Bhriotáin cúpla uair sa bhliain, uaireanta ar feadh cúpla seachtain ag an am. Bhí lucht leanúna mór againn ar an mhór-roinn ach ní raibh comhordú ceart déanta ar chúrsaí. Bhí sé an-dian, ní raibh muid ag éirí saibhir agus go deimhin ba mhinic a bhí muid bocht go maith. Dá bharr sin, ba chrá croí a bhí sa rud ar fad go minic – ag dul i mbun camchuairteanna agus ag teacht abhaile gan mórán de luach saothair a bheith faighte agat. Rinne sé an fuinneamh a shú asainn.”
Bhí Lunny ar dhuine de bhunaitheoirí an lipéid ceoil Mulligan Records sna seachtainí ach, arís, daoine eile seachas eisean a ghnóthaigh airgead ón tionscadal sin.
“Is ea, sin mar a bhí. Ní bhfuair The Bothy Band dleachta riamh, cuir i gcás. Táthar tar éis teacht ar shocrú éigin le blianta beaga anuas, rud a chiallaíonn go bhfuil an rud ar fad curtha chun leapa. Ó thaobh airgid de, ní bhfaighimid ach sciar beag den mhéid atá ag dul dúinn. Ach tá sé rómhall agus tá sé in am scaoileadh leis mar scéal.”
Nuair a tháinig deireadh leis an Bothy Band ag deireadh na seachtóidí, tháinig Planxty le chéile arís agus rinne siad trí albam eile a thaifeadadh: After The Break (1979), The Woman I Loved So Well (1980) agus Words and Music (1983). Deir Lunny go bhfaigheann baill an ghrúpa dleachta áirithe ó na halbaim sin ach daoine eile, seachas iadsan, atá ag gnóthú as na chéad trí albam a thaifead siad.
Treo nua le Moving HeartsAg deireadh na seachtóidí, bhí Lunny ag iarraidh Planxty a thabhairt treo eile ar fad agus cnaguirlisí agus dordghiotáir a bheith mar chuid d’fhuaim an ghrúpa. Ní bhfuair sé deis é sin a dhéanamh ach ag tús na n-ochtóidí bhunaigh sé féin agus Christy Moore an grúpa Moving Hearts agus chuaigh siad beirt treo nua ar fad ó thaobh an cheoil de.
“Bhí roinnt mhaith amhrán ag Christy nár ghlac Planxty leo mar nach luífeadh siad isteach leis na hamhráin eile a bhí ag an ghrúpa. Na hamhráin a bhí ag chéad albam Moving Hearts, amhráin mar ‘No time for love’ agus ‘Hiroshima Nagasaki Russian Roulette’, ní sin amhráin a d’fhéadfadh Planxty a sheinm, níor fheil siad don ghrúpa.”
Tugadh cuireadh do cheoltóirí éagsúla, leithéidí an racghiotáraí Declan Sinnott agus an dordghiotáraí Eoghan O’Neill, a bheith páirteach in Moving Hearts, cé nach raibh cur amach ar bith acu ar an cheol traidisiúnta. Deir Lunny nach raibh aon taithí aige ar a bheith ag obair le rac-cheoltóirí ag an am agus gur chaill sé smacht ar chóiriú an cheoil. Deir sé dá mbeadh níos mó ama aige nuair a tháinig an grúpa le chéile an chéad lá riamh go bhfuil seans go rachadh an ceol treo eile ar fad, treo a bheadh níos sásúla.
Ba é Christy Moore príomhamhránaí Moving Hearts agus nuair a d’fhág seisean tar éis eisiúint an dara halbam, bhí sé deacair ag an ghrúpa leanúint ar aghaidh. Chaith Mick Hanly seal mar amhránaí an ghrúpa agus Flo McSweeney ina dhiaidh sin ach ní fhéadfadh ceachtar acu áit Christy a ghlacadh.
“Sílim gur botún a bhí ann iarracht a dhéanamh comharba a fháil ar Christy. Bhí Mick Hanly go hiontach sa ghrúpa ach ba mhíbhuntáiste mór é dó go raibh daoine ag teacht chuig na ceolchoirmeacha ag súil go mbeadh sé ag canadh mar a chan Christy. Bhí sé ag iarraidh cuid bróg Christy a líonadh, rud a bhí fíordheacair, mar go bhfuil pearsantacht chomh láidir sin ag Christy ar an stáitse.”
Ag obair mar léiritheoirBhí Lunny ag obair mar léiritheoir ó bhí lár na seachtóidí ach nuair a tháinig deireadh le
Moving Hearts i 1985, luigh sé isteach ar an obair sin agus léirigh albaim le réimse leathan daoine agus grúpaí, leithéidí Paul Brady, Elvis Costello, Rod Stewart, Sinéad O’Connor, the Waterboys agus Clannad. Sna nóchaidí, bhunaigh sé Coolfin agus thaistil an grúpa sin go háiteanna i bhfad i gcéin mar an tSeapáin. Deir Lunny gur bhain sé sásamh ar leith as an obair a rinne sé ar albaim de chuid an amhránaí Frank Harte, nach maireann.“Bhí cur chuige iontach ag Frank; chonaic sé albam mar entity iomlán, cosúil le leabhar agus na hamhráin mar chaibidlí.”D’oibrigh Lunny agus Harte le chéile den chéad uair ar an albam And Listen to My Song i 1975 agus ansin ar thrí cinn eile: *My Name Is Napoleon Bonaparte *(2001),
The Hungry Voice: The Song Legacy Of Ireland’s Great Hunger (2004) agus There’s Gangs Of Them Digging: Songs Of Irish Labour (2007), a eisíodh tar éis bhás Harte.
“Bhí sé i gceist aige tuilleadh a dhéanamh – ba mhian leis albam d’amhráin ghrá a thaifeadadh fosta. Ach bhí sé sáinnithe i gceann an Ghorta ag am ina shaol nuair a bhí a shláinte go dona agus tá atmaisféar an-ghruama ag baint leis an cheann sin. Agus ghlac sé tamall fada dó é a chur de. Bhí sé an-dian air agus bheadh sé níb fhearr dó dá rachadh sé i ngleic leis na hamhráin ghrá ag an staid sin dá shaol. “Rinne Frank rudaí iontacha agus bhí sé thar barr a bheith ag obair leis. Bhí caidreamh maith eadrainn; dhéanadh sé iarracht bulaíocht a dhéanamh orm ach ní ligfinn dó ag an am chéanna! Mar sin, bhí an caidreamh an-sláintiúil!”Ós rud é gur duine é Lunny a bhíonn i gcónaí ag iarraidh foirfeacht a bhaint amach, an raibh sé féin dian ar cheoltóirí eile thar na blianta?
“Go deimhin, bhí. Tá roinnt ceachtanna foghlamtha agam faoi sin, mar tá a fhios agam go raibh mé i bhfad ró-uaillmhianach mar léiritheoir, nuair nach raibh mé eolach go leor ar an cheird, agus ag iarraidh rudaí a bhaint amach nach bhféadfaí a bhaint amach. Tá mé cinnte gur crá croí a bhíonn ionam do go leor daoine!”Ar ais le chéileNí raibh Lunny díomhaoin ó bhí tús na mílaoise ann. In 2004, mar shampla, tháinig Planxty le chéile in athuair agus rinne roinnt seónna i mBaile Átha Cliath agus i Londain, agus tá Moving Hearts ag seinm le chéile ó am go chéile chomh maith. Deir sé go bhfuil cúrsaí i bhfad níos eagraithe na laethanta seo agus go bhfuil ag éirí leis an dá ghrúpa ioncam ceart a shaothrú ó na ceolchoirmeacha a dhéanann siad. Deir sé go mbeidh Moving Hearts ag teacht le chéile ag deireadh na bliana seo arís agus ar an bhliain seo chugainn chomh maith agus go b’fhéidir go ndéanfaidh Planxty roinnt ceolchoirmeacha sna blianta atá amach romhainn fosta.
Tá Lunny ag cur faoi sa tSeapáin lena bhean, an ceoltóir Hideko Itami, le roinnt blianta anuas. An mbraitheann sé uaidh a thír dhúchais?
“Ní raibh deis agam an baile a bhraith uaim mar go bhfuil mé ag caitheamh leath mo chuid ama in Éirinn go fóill. B’fhéidir nach sin an rud is fearr ó thaobh caighdeán saoil de ach in Éirinn atá an obair. Is beag obair atá déanta agam sa tSeapáin ó thosaigh mé a chur fúm anseo.” Bhí baint lárnach aige le tionscadal sa Nua-Shéalainn i mí an Mhárta, Green Fire Islands, a
raibh ceoltóirí agus amhránaithe Éireannacha (Iarla Ó Lionáird agus Steve Cooney ina measc) agus Maoracha páirteach ann agus deir sé gur éirigh thar barr leis mar thionscadal. Deir sé go bhfuil cosúlachtaí suntasacha idir na hÉireannaigh agus na Maoraigh mar gur imríodh cos ar bolg orthu le cúpla céad bliain anuas agus gur seo an téama lárnach a bhí sa tionscadal.Tá Lunny ag léamh mhórshaothar Sheosaimh Mhic Grianna, Mo Bhealach Féin, faoi láthair agus tá sé beartaithe aige sleachta as an leabhar sin a fhí isteach sna píosaí ceoil atá á scríobh aige d’Fhéile an Earagail. B’as Gaeltacht Rann na Feirste é Mac Grianna agus sin an áit ar tógadh máthair Lunny, a cailleadh le gairid.
“Tá Tír Chonaill mar chuid an-mhór de mo shaol agus tá leabhar Mhic Grianna ag múscailt go leor leor seanchuimhní agus ag tabhairt na teanga ar ais i mo shaol, rud atá go hálainn.”
Tá ráflaí ann go raibh sé i gceist ag Lunny saothar de chuid Chathail Uí Shearcaigh a úsáid sa tionscadal ach nach bhfuil sé sin chun tarlú anois. Deir sé nach bhfuil fonn air labhairt ar an taifead faoi Ó Searcaigh agus an chonspóid ar fad a bhí ann maidir lena iompar i Neipeal ach deir sé go dtuigeann sé féin go maith an tslí ar féidir leis na meáin chumarsáide duine a chrá. Bhí Lunny ag siúl amach leis an rac-cheoltóir Sinead O’Connor agus theastaigh ó na meáin fáil amach arbh é athair an linbh a rugadh di in 2004.
“An t-aon uair a dhírigh na meáin ormsa ná i rith an debacle ar fad le Sinead O’Connor. Ba chéasadh amach is amach é sin. Ní raibh bealach ar bith le dul i ngleic leis. Bheadh sé cosúil le peitreal a chaitheamh ar thine. Chuir siad líomhaintí sna haltanna a scríobh siad agus bhain siad casadh as an fhírinne, ag iarraidh mise a ghríosú chun cainte – b’in an aidhm a bhí acu. Bheadh rud ar bith a déarfainn ar na leathanaigh tosaigh, mar sin choinnigh mé mo bhéal dúnta agus mo chloigeann cromtha. Bhí sé léanmhar. Tá an-trua agam do Chathal agus an méid atá fulaingthe aige.”Tá Lunny dhá bhliain is seasca anois ach níl iomrá ar bith aige éirí as an cheol. Deir sé nach n-éireoidh sé as cúrsaí ceoil go dtí go “stopfaidh an t-airgead a theacht isteach!” Is dea-scéala é sin dóibh siúd a bhfuil a bhfuil suim acu i gceol dúchasach na hÉireann agus a bhfuil oiread pléisiúir faighte acu ó shaothar Dhonal Lunny le daichead bliain anuas.
Is iareagarthóir ar an iris seo é Éamonn Ó Dónaill. Tá sé ag obair le Gaelchultúr (www.gaelchultur.com) agus tá an comhlacht díreach tar éis leabhar gramadaí nua dá chuid, *Gramadach gan Stró!, a fhoilsiú.*