Tá an Rialtas chun ardú sa phinsean a thabhairt do sheanóirí na hÉireann ach tá faillí déanta i go leor acu, go háirithe iad siúd atá ag cur fúthu i dtithe altranais.
»»»D’fhéadfadh [i]coup d’état[/i] a bheith i bhFidsí gan mhoill, ach ní cúis iontais é sin, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Caitheann Balor a shúil nimhe siar ar imeachtaí na bliana.
»»»Tar éis cúpla mí a chaitheamh ag taisteal san Afraic, thug Máire Ní Chuagáin aghaidh ar an Astráil le gairid. Sa seachtú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar an tréimhse a chaith sí sa Mhaláiv, díreach sular fhág sí an Afraic.
»»»Tar éis dó triail a bhaint as an leagan nua de Word a bheas ar an margadh gan mhoill, tá Diarmaid Mac Mathúna den tuairim go gcuirfidh an comhéadan nua atá forbartha ag Microsoft mearbhall ar go leor daoine.
»»»Míníonn Brian Ó Broin an tábhacht a bhaineann le Lá Altaithe i Meiriceá.
»»»Sheol Cruinniú, grúpa ina bhfuil seachtar ceoltóirí óga, albam nua an mhí seo caite ag Féile Cheoil Thraidisiúnta na hInse, i gContae an Chláir. Labhair Antaine Ó Faracháin le Caitlín Nic Gabhann, ball den ghrúpa, faoin mbanna agus faoin dlúthdhiosca nua seo.
»»»Ba bhreá le Colm Mac Séalaigh dá mbeadh an stádas céanna ag Corn an Bhóthair Iarainn is a bhí sna seascaidí ach tuigeann sé gur beag an baol go dtarlóidh sé sin.
»»»Seo scéal as [i]Hormóin! agus Scéalta Eile[/i] (Comhar) le Pól Ó Muirí. Tá an leabhar dírithe ar dhéagóirí óga agus ar fhoghlaimeoirí fásta.
»»»In ainneoin roinnt rudaí diúltacha a bheith ráite aige le tamall anuas, tá an chuma ar an scéal go bhfuil Ian Paisley sásta sa deireadh an chumhacht a roinnt le Sinn Féin, a deir Robert McMillen.
»»»Chaith Justine McCarthy tréimhse fhada ag obair mar iriseoir leis an [i]Irish Independent[/i] agus anois tá sí ag feidhmiú mar Leaseagarthóir ar an iris sheachtainiúil, [i]Village[/i]. Labhair sí le hAlan Desmond faoin chaighdeán níos ísle iriseoireachta atá san [i]Independent[/i] anois, dar léi, agus faoi bheith ag obair le Vincent Browne, fear a bhfuil sé mar theist air go bhfuil sé “deacair”.
»»»Tá an déantóir scannán Phil Collins, atá ar ghearrliosta Dhuais Turner i mbliana, ag díriú ina shaothar ar dhaoine leochaileacha a ndearna an seal a chaith siad ar chlár de chuid Theilifís na Réaltachta dochar dóibh. Ach an bhfuil Collins féin ag teacht i dtír orthu chomh maith, a fhiafraíonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Is dalta Ardteiste í Meadhbh Ní Eadhra a bhfuil cónaí uirthi sa Spidéal i nGaillimh. Bhuaigh an t-alt seo thíos Comórtas B5, Iriseoireacht don Idirlíon 15-18, san Oireachtas i mí Dheireadh Fómhair i mbliana.
»»»Beidh impleachtaí tromchúiseacha ag an téamh domhanda amach seo ach níl fonn dá laghad ar Rialtas na hÉireann ná ar rialtais tíortha eile dul i ngleic leis an fhadhb. Measann Breandán Delap go bhfuil sé thar am ag na polaiteoirí ceannasaíocht a léiriú i dtaca leis an cheist seo.
»»»Bhí Colm Ó Snodaigh an-tógtha le cuid ceoil The Boomtown Rats agus é ag éirí aníos agus bhí áthas nuair a fuair sé deis bualadh le Bob Geldof agus le ball eile den ghrúpa i mbliana.
»»»Tá an-mheas go fóill, a deir Tony Birtill, orthu siúd as Éirinn agus an Bhreatain a throid in aghaidh na bhfaisisteach sa Spáinn le linn an Chogaidh Chathartha sna tríochaidí.
»»»Beidh an chuma chéanna ar go leor de na heitleáin i gceann cúig bliana is fiche, a deir Pádraig Mac Éamoinn, ach tarlóidh go leor forbairtí móra i gcúrsaí eitlíochta mar sin féin – eitiltí hipearsonacha, cuir i gcás.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.