AR NA SAOLTA SEO
Ó Londain go Sydney i gceithre huaire an chloig
Pádraig Mac Éamoinn Pádraig Mac Éamoinn

Beidh an chuma chéanna ar go leor de na heitleáin i gceann cúig bliana is fiche, a deir Pádraig Mac Éamoinn, ach tarlóidh go leor forbairtí móra i gcúrsaí eitlíochta mar sin féin – eitiltí hipearsonacha, cuir i gcás.

Íomhá
Íomhá
An Boeing 737
Íomhá
An Bombardier Q400
Íomhá
An mbeidh aerlinéir hipearsonacha coitianta i gceann fiche bliain?
Íomhá
An "Pelican": eitleán is mian le Boeing a thógáil

Ba bhliain shuimiúil don eitlíocht é 2006 agus ní hamháin de bhrí gur fhoghlaim Michael O’Leary le déanaí nach féidir leis gach rud a bhíonn uaidh a fháil (Aer Lingus, mar shampla). Tá Airbus sa teach téarnaimh fós tar éis na moilleanna tubaisteacha a cuireadh ar tháirgeadh a eitleáin ollmhóir, an A380. Tá níos mó plé san Eoraip ar chánacha a ghearradh ar an aerthaisteal mar gheall ar an drochéifeacht atá aige ar an chomhshaol. Ach, in ainneoin an téimh dhomhanda agus mhéadú phraghas na hola,an líon aerlinéar ar domhan agus líon na bpaisinéirí ag méadú gach uile bhliain. Tá an fás seo ag tarlú ar fud an domhain, ach go háirithe sna tíortha i mbéal forbartha mar an tSín agus an Ind. Agus mar gheall ar an domhandú, tá méadú níos mó san aerlasta ná mar atá i gcás paisinéirí.

Agus deireadh 2006 ag druidim linn, seo ceist shuimiúil: ag cur san áireamh na dtreochtaí seo ar fad, cén chuma a bheidh ar eitleáin i gceann fiche nó tríocha bliain?

Ar dtús, caithfimid a rá nach mbeidh cuma ródhifriúil ar roinnt mhaith acu! Bíonn saolré timpeall 25 nó 30 bliain ag aerlínéar nua-aimseartha mar an Airbus A320 nó Boeing 737 - tar éis na tréimhse sin éiríonn an chothabháil róchostasach. Agus faoi

láthair, tá na heitleáin seo á dtógáil ag ráta níos sciobtha ná mar a tharla riamh roimhe: tagann ceann amháin nó an ceann eile amach as monarcha gach lá den bhliain. Tosófar ag cur múnlaí eile ina n-áit i gceann sé nó seacht de bhlianta, ach níor thosaigh Airbus nó Boeing, i ndáiríre, ag forbairt na n-aerlínéar nua fós. Mar sin, fiú amháin sa bhliain 2030, beidh mórán eitleán le feiceáil a mbeidh an chuma chéanna orthu is atá ar chinn an lae inniu.

Ach cad faoi chineálacha eile eitleán? Bhuel, ar bhealaí níos giorra, agus gan ardluas chomh tábhachtach céanna, bíonn eitleáin a bhfuil innill turba-liáin acu níos éifeachtaí ná scairdeitleáin. Ní eitlíonn siad chomh hard le scairdeitleáin, agus toisc nach dtéann siad chomh tapa céanna, úsáideann siad níos lú breosla. Tá seirbhísí ag Ryanair agus ag Aer Arann idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh. De réir an amchláir, tógann sé 50 nóiméad ar an Boeing 737 atá ag Ryanair bruacha na Laoi a bhaint amach, agus ní thógann sé ach cúig nóiméad breise ar thurba-liáin ATR72 Aer Arann an turas céanna a dhéanamh.

Faoi láthair, bíonn timpeall 70 suíochán sna haerlínéir turba-liáin is mó, leithéidí an ATR72 (a thógtar sa Fhrainc agus san Iodáil) atá ag Aer Arann (a d’ordaigh 10 gcinn bhreise i mbliana) nó an Bombardier Q400 as Ceanada a úsáideann an comhlacht Sasanach flyBE ar bhealaí ó Bhaile Átha Cliath agus ó Bhéal Feirste. Ach tá Bombardier ag caint ar leagan “sínte” a fhorbairt a d’iompródh 100 paisinéir mórán níos saoire ná mar a dhéanfadh na scairdeitleáin. Agus má

fhanann praghas na hola ard, beidh i bhfad níos mó eitleán mar seo le feiceáil i gceann fiche bliain, ach beidh i bhfad níos lú paisinéirí ag baint úsáide as eitleáin más féidir traein a fháil ina n-áit.

Ach cad faoi bhreosla eile a úsáid sna heitleáin? An féidir, mar shampla, eatánól a úsáid? Bhuel, ní bhíonn an méid céanna fuinnimh le fáil as an eatánóil is a bhíonn as an cheirisín, an gnáthbhreosla a úsáidtear in eitleáin an lae inniu. Mar sin, caithfidh raon níos lú ná umar breosla níos mó a bheith i gceist i gcás eitleán a úsáideann eatánól. Toisc go bhfuil tart – agus raon - níos teoranta ag liáin ná ag scairdeitleáin, beidh sé níos éasca eitleáin turba-liáin ná scairdeitleáin a fhorbairt, a chaitheann eatánól in áit ceirisín.

An hidrigin

Breosla eile atá á phlé i gcúrsaí eitlíochta ná an hidrigin, breosla nach ndéanann aon truailliú nuair a chaitear é. Cinnte, is féidir eitleáin a thógáil a úsáideann hidrigin – rinne na Rúisigh é seo sna hochtóidí. Ach is rud deacair é: bíonn hidrigin leachtach an-fhuar, agus ní foláir é a choimeád in umar teasdíonta agus brúchóirithe san eitleán. Ós rud é nach bhfuil an hidrigin chomh dlúth le ceirisín, bíonn níos mó de dhíth chun an turas céanna a dhéanamh. Agus ní rud éasca é an hidrigin a dhéanamh agus a iompar – ní bheadh sé le fáil ach i roinnt bheag aerfort.

taighde Eorpach ar siúl faoi láthair a bhfuil sé mar chuspóir aige teicneolaíocht a fhorbairt d’aerlinéar hipearsonach a dhéanfadh an turas ó Londain go Sydney i gceithre huaire. Tá sé seo i bhfad ón réaltacht anois, ach an mbeidh i gceann fiche bliain? Ná bí ag smaoineamh, mar sin féin, ar árasán deireadh seachtaine a cheannach i Sydney sula n-imíonn na praghsanna in airde le teacht na hÉireannach! De bhrí go mbeidh costas ard ag baint le forbairt an eitleáin seo, má éiríonn leis, beidh na ticéid níos gaire ó thaobh costais de do chinn Concorde ná do chinn Ryanair!

Agus cad mar gheall ar an lasta? Tá an t-aerlasta fíorthábhachtach don domhandú, ach go minic bíonn na costais a bhaineann leis ró-ard. An féidir iad seo a ísliú, agus lasteitleáin níos éifeachtaí a dhéanamh? Measann Boeing go bhfuil an freagra acu, agus arís is ar thaighde a rinne na Rúisigh tríocha bliain ó shin atá sé bunaithe.

Ó na seascaidí go dtí na hochtóidí, bhí eolaithe Rúiseacha ag obair ar thionscadal rúnda chun eitleáin nua a fhorbairt a d’fhéadfadh lasta ollmhór a iompar trí eitilt go tapa an-ghar don talamh (timpeall 10-20 méadar ón talamh!). “Eiteog faoi Éifeacht an Talaimh” (“Wing in Ground Effect”) an t-ainm atá ar an teicneolaíocht seo. I ndáiríre, ní fhéadfadh na heitleáin seo ach eitilt os cionn uisce (loch nó muir) mar nach mbeadh aon talamh cothrom go leor. Ag eitilt mar seo, ní chaitear ach roinnt bheag den fhuinneamh – agus breosla – a bhíonn ag teastáil ag gnáthairde, agus is féidir lasta i bhfad níos mó a iompar. Níor nochtadh na heitleáin ollmhóra Rúiseacha seo go dtí gur thit an tAontas Sóivéadach, agus baisteadh an leasainm “Ollphéisteanna Caispeacha” (“Caspian Sea Monsters”) orthu.

Rinne Boeing roinnt oibre le déanaí ar an choincheap céanna, agus cúpla bliain ó shin nocht siad a smaoineamh féin: eitleán darb ainm “Pelican” (nach bhfuil ann ach plean ar páipéar fós). Eitleoidh sé chomh híseal le 6 mhéadar os cionn na mara, ach d’fhéadfadh sé dul in airde tuilleadh chun an talamh a thrasnú. Breis is míle tonna lasta a shlogfadh an peileacán seo, agus bheadh sé ar an eitleán ba mhó riamh, níos faide ná páirc peile agus níos leithne ná dhá 747. An bhfeicfidh sé solas an lae riamh? Bhuel, braitheann sé sin ar cé acu a mheasann an earnáil mhíleata sna Stáit Aontaithe go mbeidh an t-eitleán seo de dhíth orthu chun soláthairtí a iompar timpeall an domhain nó nach mbeidh. Ní chuirfí fiú an 747 cáiliúil ar fáil an chéad lá riamh murach go raibh gá ag an earnáil mhíleata lena leithéid.

Idir eitleáin mhóra turba-liáin, luaseitleáin á dtiomáint le hidrigin, agus lasteitleáin ollmhóra ag cur chun farraige, is dócha go mbeidh trácht na n-aerfort ilchineálach go leor sa bhliain 2030, agus go mbeidh na haerfoirt gnóthach go leor. Ach is dócha freisin go mbeidh na stáisiúin traenach agus na raonta rothar níos gnóthaí fós!

Tá Pádraig Mac Éamoinn ag obair in earnáil na heitlíochta. Tá sé ar ais ina chónaí i mBaile Átha Cliath anois tar éis tréimhsí fada a chaitheamh ag obair sa Fhrainc agus i Sasana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.