Caitheann Balor a shúil nimhe siar ar imeachtaí na bliana.
Bliain bhroidiúil a bhí ag Balor an Bóisceálaí agus é ag fágáil slán le daoine, le rudaí agus fiú le háiteanna a raibh sé ceanúil orthu. Cuid acu seo d’imigh siad ar shlí na fírinne agus cuid eile acu ar shlí eile ar fad. Cuid eile fós d’imigh siad le sruth. Cuid acu, ghoill a n-imeacht ar Bhalor Bocht agus cuid eile níor ghoill. Ach i ngach aon chás chroch Balor suas a mhisneach agus dúirt boy boy leo.
“Le mo shúil nimhe a chaitheamh siar ar an bhliain atá ag druidim chun deiridh, níl áit níos fearr le tosú ná ag doirse Stormont, áit ar caitheadh níos mó ná súil ar an bhoc a bhí ag iarraidh briseadh isteach ar chóisir Ian agus Gerry. Bean mhaith ghasta í an grátachán a d’fhág Mickey Stoned ar fhleasc a dhroma – í féin chomh crua le Carraig Ghiobráltair. Cé a shamhlaigh go bhfeicfí riamh an lá a dtabharfadh dílseoir faoi Ian Mór agus Gerry Mór in aon iarracht amháin? Ní mise ar scor ar bith,” a mhaíonn Balor an Bithiúnach Bladhmannach agus é ag briseadh a thóna ag gáire agus ag fágáil slán ag Mickey Stoned. “Céad slán leat, a Mhicí. An fíor go raibh tú stoned? Is iomaí grua thirim a bheas i do dhiaidh.”
“Mo shoraidh céad slán le Tigh Stringfellow,” a deir Balor an Boyo. “Ní bheadh a fhios agat cé a chasfaí ort i ndiamhracht na pluaise sin. Is iomaí oíche a d’fhan mé féin agus Daithí (to anyone who’s even remotely interested in lapdancing) Mac Cárthaigh trí nó ceithre huaire an chloig ag ól Complan agus ag fanacht le glaoch ar ais lenár stuif a strutáil ag an chuaille i lár an urláir – féachaint an mbeadh Peter sásta start a thabhairt dúinn. Ach obair in aisce a bhí ann – mise róbheag agus
Daithí rómhór. Sílim gurbh é sin a dúirt Peter i gcás ar bith, ach ní miste dom a admháil nach raibh mé ag tabhairt aire rómhaith, nó bhí m’aird ar dhoras an fhoscaidh agus ar mhaithe agus mhóruaisle shaol na Gaeilge a bhí ag iarraidh sleamhnú isteach is amach, iad ar fad ag maíomh gur shíl siad gur Stringfellows Pizza Joint a bhí ann, nó an RTÉ String Quartet Joint, nó an Stringalingalinga... Craic ar dóigh a bhí ann, agus crothnóidh muid go mór é.”
“Céad slán le The Dubliner. Ní Luke Kelly atá i gceist agam, ná Barney McKenna ach oiread, ach an iris bheag shoineanta sin a chuir ainm bhean chéile Tiger Mac Coille faoi phictiúr de Bhalor nocht, nó de dhuine inteacht a bhí iontach cosúil liom. A leithéid de mhasla. Bhí muintir na hirise ag guí go mbainfeadh foireann Mheiriceá Corn Ryder agus go mbeadh dea-spin ar an Tíogar agus é ag dul abhaile, ach beag an baol. Níl an Tíogar i dtaithí ar ghabháil abhaile gan rud inteacht ina ghlaic – corn, nó cúpla milliún dollar – is é an dá mhar an chéile dó sin é nó ní thig leis a chuid corn nó a chuid milliún a chuntas. Ach cad é faoi na puint fheola? An bhfuil mórán acusan aige? Maith thú a Thíogair. Nár laga Dia do chuid dlíodóirí. An bhfuil cuimhne agaibh ar an six iron sin de chuid Tiger a chuaigh ar iarraidh le linn Chorn Ryder? Thángthas air cúpla lá ina dhiaidh sin in Otharlann an Mater i mBaile Átha Cliath, i ndiaidh do cheathrar máinlianna sé huaire an chloig a chaitheamh ag iarraidh é a bhaint amach as tóin iriseora.”
“Céad slán leis an Daingean, an áit a bhí ina dhaingean daingean acu sin a bhí go daingean ar son na Gaeilge éigeantaí. ‘Cad é mar a thig le duine ar bith a mhaíomh gur baile Gaeltachta é Londondingle?’ a chluinim thú ag fiafraí. ‘Sa dóigh chéanna gur féidir ceantair Ghaeltachta a thabhairt ar áiteanna tuaithe nach labhraítear focal Gaeilge riamh iontu ach amháin nuair a thagann na Gaeilgeoirí sa samhradh,’ a chluinim Éamonn Ó Caoimhnis ag freagairt. Maith thú a Éamó. Níor chaill tú riamh é... ach amháin nuair a rinne tú iarracht Dingle a Ghaelú. Agus, cogar, a Éamó, fírinne ar bith sa scéal gur ó Bhertie a tháinig an fr... fr... freagra sin, mar aon le cuid mhór fecks agus jaysuses, i ndiaidh do mhuintir Fhianna Fáil sa bhaile beag Galltachta sin bagairt a dhéanamh go n-athróidís dath a gcuid léinte mura bhfaighidís cinneadh de réir a dtola? Bhuel, a Éamó? Fírinne ar bith?”
“Céad slán le Bóthar Lansdún, leis an áit sin a ghineadh agus a ghineann fós amhras agus meascán mearaí faoi Éirinn, faoi Phoblacht na hÉireann, faoi Norn Ire’and, agus faoin teorainn féin – go ndéana Dia grásta uirthi. Cé mhéad contae in Éirinn? Seo ceanncheathrú an IRFU, cumann rugbaí Éireannach dhá chontae is tríocha; agus seo an áit ar imríodh mórán cluichí sacair faoi bhrat an FIA, cumann
Éireannach eile dar leis an teideal, ach nach bhfuil ann i ndáiríre ach cumann sé chontae is fiche, agus píosa beag de Chontae Dhoire. *(Come on Oireland!) *Ach tá buntáistí ag baint leis an chíor thuathail seo uilig: thig le Bertie a mhaíomh gur tionchar Pháirc Bhóthar Lansdún is ciontaí lena chuid Bertiisms i dtaca le méid na hÉireann, achar na hÉireann, tír na hÉireann agus teorainneacha na hÉireann, leithéidí ‘Tá daonra na hÉireann anois os cionn ceithre mhilliún den chéad uair ó aimsir an Ghorta’ agus ‘Easpórtáiltear go leor dár gcuid earraí anois go háiteanna ar nós Bhéal Feirste.’ Maith thú, a Bhertie. Maith sibh a mhuintir Pháirc Bhóthar Lansdún. Léarscáil na hÉireann is cóir a bheith péinteáilte ar fhéar na páirce úire, seachas lógó bainc.”
“Agus slán go deo le Charlie. Ar a laghad bhí a fhios ag Charlie cé mhéad contae a bhí in Éirinn, agus atá go fóill; agus go bhfuil a chuid gaolta ó thuaidh fós ina nÉireannaigh. Rinneadh thú a cháineadh agus a lochtú agus a chiontú, a Charlie, ach is beag duine de lucht do cháinte agus do lochtaithe agus do chiontaithe nach raibh snag lena slogadh nuair a bhí tú ag dul faoin fhód i gCill Fhiontáin. Tusa a dhíol liarlóga an Domhnaigh agus forlíonta an tSathairn. Tusa a choinnigh an spotsolas ar shiúl ó chuid mhór acu le fada an lá. Níl dabht ar bith ach go gcrothnófar thú, a Charlie. Mar a dúirt Othello Kennelly cúpla lá i ndiaidh do shochraide: ‘You did the statesmen some service’. Céad slán libh ar fad, a léitheoirí. Nollaig shona, Nollaig mhór mhaith, Nollaig faoi shéan is faoi mhaise, agus Nollaig Ó Gadhra.”