CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Níltear ag caitheamh go cóir le cuid de sheanóirí na hÉireann

Tá an Rialtas chun ardú sa phinsean a thabhairt do sheanóirí na hÉireann ach tá faillí déanta i go leor acu, go háirithe iad siúd atá ag cur fúthu i dtithe altranais.

Íomhá
An tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, Seamus Brennan
Íomhá

go leor liúntas curtha ar fáil ag rialtais éagsúla thar na blianta do sheandaoine na tíre, roinnt acu nach bhfuil ar fáil i dtíortha eile. Tá taisteal saor in aisce ag pinsinéirí, cuir i gcás, méid áirithe dá leictreachas saor in aisce, ní gá dóibh cíos a íoc ar a líne theileafóin nó ceadúnas teilifíse a bheith acu.

Tá pinsean réasúnta maith acu fosta agus fógraíodh le gairid go raibh an tAire Airgeadais, Brian Cowen, sásta glacadh le moladh an Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, Seamus Brennan, go n-ardófaí an pinsean ranníocach sa Cháinaisnéis an mhí seo ó €193 sa tseachtain go timpeall €208 sa tseachtain. Deirtear go n-ardófar an pinsean neamh-ranníocach fosta, ó €182 go thart ar €195. Táthar ag súil chomh maith go gcuirfear níos mó ar fáil don liúntas cúramóirí i mbliana ná an €30 milliún breise a cuireadh ar fáil i gCáinaisnéis na bliana seo caite.

Lena chois sin ar fad, tá an tAire Sláinte Mary Harney ar tí tionscnamh a fhógairt a rachaidh chun sochair na seandaoine a bhfuil aire á tabhairt dóibh sa bhaile. Tá sé i gceist réimse seirbhísí a chur ar fáil chun nach gá dóibh bogadh isteach i dteach altranais ach gur féidir aire a thabhairt dóibh ina mbaile féin. Meastar go gcuirfear €100 milliún ar fáil chun go mbeidh teacht ag seandaoine ar sheirbhísí altranais agus teiripeacha, cúnamh baile, béilí ar rothaí agus seirbhísí cúraim lae.Tá suas le 5,000 duine ag cur fúthu i dtithe altranais a d’fhéadfadh, dar leis na saineolaithe, fanacht sa bhaile dá mbeadh fáil acu ar na seirbhísí sin. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí fóirithint ar na seandaoine seo, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh na deacrachtaí ollmhóra atá ag baint le hearnáil na dtithe altranais in Éirinn. Cuireann go leor de na tithe altranais seirbhís phroifisiúnta den chéad scoth ar fáil ach tá céatadán ard go leor nach ndéanann amhlaidh. In ainneoin go n-íocann teaghlaigh suas le €800 ar an mheán sa tseachtain ar chúram i dtithe altranais príobháideacha, is minic a bhíonn an cúram sin ar chaighdeán an-mhíshásúil.

Léirigh suirbhé i measc 500 dochtúir i mBaile Átha Cliath an fómhar seo go bhfaca 37% acu cúram nach raibh ar chaighdeán cuí i dtithe altranais ar thug siad cuairt orthu. Is léir gur beag ionad altranais atá chomh holc le Leas Cross, an ceann mícháiliúil sin a dúnadh i mí Lúnasa 2005 inár ndearnadh faillí mhór sna hothair, ach tá deacrachtaí ag baint le go leor acu mar sin féin.

In ainneoin an mhéid a tharla i Leas Cross, agus na moltaí a chuir an tOllamh Des O’Neill chun cinn sa tuarascáil a scríobh sé mar gheall ar an ionad, níl na hacmhainní cuí curtha ar fáil ag an rialtas go fóill le cinntiú go n-oibreodh an córas rialaitheach go héifeachtach.

Tá 18% de dhaonra na hÉireann os cionn cúig bliana is seasca faoi láthair agus meastar go mbeidh beagnach 40% den daonra an aois sin i gceann fiche bliain. Tá sé riachtanach, mar sin, feabhas agus forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil don dream seo agus pleanáil cheart fhadtéarmach a dhéanamh chun a chinntiú nach ndéanfar faillí ina gcuid riachtanas, mar atá ag tarlú i gcás sciar mór d’othair na dtithe altranais faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.