Míníonn Brian Ó Broin an tábhacht a bhaineann le Lá Altaithe i Meiriceá.
“Céard a dhéanfas tú Lá Altaithe?” a d’fhiafraigh cara ollscoile díom, gan mé i Meiriceá ach cúpla mí, agus mé fós gan charr, gan treoir. Níor thuigeas Lá Altaithe, i ndáiríre. Ní raibh ann ach lá fánach, mar Fhéile Mhuire gan Smál ar an 8 Nollaig in Éirinn, agus é mar réiteach don Nollaig féin, nárbh ea?
“Dheamhan a fhios agam,” a d’fhreagraíos. “Ceartóidh mé aistí, b’fhéidir.”
Bhíos ag staidéar agus ag múineadh in ollscoil Illinois an seimeastar sin, agus bhí carnán mór aistí agam ó mo ranganna scríbhneoireachta.
Chuir mo chara dreach iontais uirthi féin.
“Beidh tú leat féin Lá Altaithe?”
“Is cosúil go mbeidh.”
“Bhuel, muna bhfuil pleananna eile agat, beidh tú ag teacht abhaile liomsa, mar sin.”
Nós é i Meiriceá gan éinne a fhágáil leis féin Lá Altaithe. Cuirtear féastaí ar siúl fiú do dhaoine gan dídean ar an lá seo, agus is é Lá Altaithe ceann de thrí lá mhóra na bliana i Meiriceá (Lá Nollag agus an 4 Iúil na cinn eile, ar ndóigh). Más mac léinn ón iasacht thú, mar sin, bí cinnte go bhfaighidh tú cuireadh, nó cuirí, ó theaghlaigh fud fad an bhaile ina bhfuil tú.
Lá tábhachtach is ea Lá Altaithe i miotaseolaíocht Mheiriceá. Tá pobal na tíre an-bhródúil as, b’fhéidir fiú níos bródúla ná mar atá siad as an 4 Iúil. Is ócáid é, tar éis an tsaoil, a cheiliúrann síocháin, cairdeas, agus carthanacht. Agus mar gheall ar an mbród sin, tá ceangal ar Mheiriceánaigh é a thaispeáint do dhaoine nach bhfaca a leithéid cheana.
Agus b’in, mar sin, mar a tharla mé bheith ag cúrsáil ó thuaidh ar bhóthar idirstáit 39 i ndeireadh mhí na Samhna 1994, mar phaisinéir i ngluaisteáinín ar mo bhealach go Madison, Wisconsin, do mo chéad Fhéile Altaithe. Bhí sé fuar an Chéadaoin sin, agus bhí sneachta tirim ag séideadh tharainn go mall ar an mbóthar agus gach aon rud thart orainn ciúnaithe dá réir. Ní raibh a fhios agam beo céard a bhí romham.
An chéad cheiliúradh
I ndeireadh an tsamhraidh 1620, tháinig grúpa oilithreach i dtír in Plymouth,
Massachusetts, agus iad ar a mbealach go Virginia, áit a raibh Sasanaigh ina gcónaí ó 1607 i leith. Níorbh fhéidir leo seoladh thar Cape Cod in am don gheimhreadh, ámh, agus shocraíodar dul i dtír ansin. Fuair 49 den 102 oilithreach bás an geimhreadh sin, ach threabhadar leo, agus le cúnamh Indiaigh darbh ainm Squanto, a raibh Béarla aige ó na blianta a chaith sé mar sclábhaí ag na Sasanaigh, d’fhoghlaimíodar modhanna feirmeoireachta. Mhair an chuid is mó acu trí 1621, agus mar chomhartha buíochais, shocraíodar fleá a eagrú. Is cosúil gur tugadh cuireadh do roinnt Indiach sa cheantar, agus is mór an seans gur itheadh turcaí agus prátaí milse. Is cinnte gur lean an fhleá ar feadh trí lá, agus gur thug na hIndiaigh fianna le róstadh do na hoilithrigh. Ach ba Dhian-Phrotastúnaigh na hoilithrigh seo, agus ní raibh ceiliúradh eile ann ina dhiaidh sin.
B’in, chomh fada agus is eol dúinn, an chéad dinnéar altaithe i Meiriceá, cé go ndeir staraithe go ndearna grúpa oilithreach altú do Dhia i Jamestown, Virginia, dhá bhliain roimh an bhfleá thuasluaite. Más ea, ámh, ní deirtear cé mar a d’altaigh siad.
Maidin Lá Altaithe chuamar uilig amach ag siúl. Ullmhúchán, a dúradh liom, don fhéasta a bhí le teacht. Agus, dar fia, b’fhéasta é. Chomh luath agus a shroicheamar an teach arís, luíodh isteach ar réiteach bia sa chistin, agus chaitheamar trí nó ceithre huaire an chloig ag ullmhú turcaí, prátaí, búiste, anlann sonóige, pióg puimcín, agus cá bhfios cad eile.
B’ansin a thuigeas den chéad uair gur rud i bhfad níos mó ná lá ullmhaithe Lá Altaithe. Forógra aimsir na bhféilte atá ann, ach féile inti féin freisin. Déantar trácht i Meiriceá ar “The Holidays” agus uaireanta breathnaítear ar na focail sin mar chinn a úsáidtear chun "Christmas" a sheachaint, ach is éard atá i gceist ag daoine ná "Lá Altaithe agus Lá Nollag".
Tá dhá rud a dhéanann gach éinne i Meiriceá Lá Altaithe. Téann siad ag siúl, agus itheann siad béile ollmhór. Le tamall anuas, faraor, tá an tríú rud sleamhnaithe isteach sa bhféile, is é sin, an Pheil Mheiriceánach. Imrítear dhá chluiche mhóra an lá sin, agus suíonn i bhfad an iomarca daoine os comhair teilifíseáin fána choinne in ionad leas a bhaint as an gceiliúradh féin. Go deimhin, ní bhíonn an béile ach críochnaithe nuair a ritheann daoine go dtí an teilifíseán chun an chuid eile den lá a chaitheamh ag leanacht liathróide ar an scáileán. Ach seachthoradh ar an teilifís is ea seo, is dócha. Ní lú an méid teilifíse a fheiceann an tÉireannach féin thar Nollaig!
An chéad cheann oifigiúil
Níor ceiliúradh Lá Altaithe i Meiriceá ar bhonn náisiúnta go hoifigiúil go dtí 1863, nuair a ghair an tUachtarán Lincoln lá altaithe do Dhéardaoin dheireanach mhí na Samhna an bhliain sin. Ba chosúil, dar leis, go raibh ag éirí go maith le harm na hAontachta sa chogadh cathartha, agus ba mhian leis altú a thabhairt dá réir. Thaitin an fhéile go mór le pobal na tíre, agus gaireadh Lá Altaithe chuile bhliain ó shin i leith.
Go dtí sin, ba rud neamhghnách é Lá Altaithe. Dá mbeadh bliain thar barr ag pobal áirithe, nó dá n-éireodh thar barr le stát nó contae, ghairtí a leithéid mar altú do Dhia as an dearlacadh. Is cosúil go dtarlaíodh a leithéid fiú san Eoraip sa tseanaois dá mbeadh fómhar maith ann. Le linn Chogadh Saoirse Mheiriceá sna 1770í, gaireadh laethanta altaithe as na buanna áirithe a bhain fórsaí Mheiriceá amach in aghaidh Shasana, ach ceiliúradh iad ar laethanta difriúla de réir mar a shocraigh na stáit áirithe iad dóibh féin. Ghair George Washington laethanta altaithe faoi dhó, i 1789 agus i 1795. Ó am go chéile as sin amach, ghair an tUachtarán lá altaithe má shíl sé go raibh cúis altaithe ag an tír. Ach ba é Lincoln a leag síos dáta oifigiúil dó den chéad uair.
Altú do Dhia a bhí ann ar dtús, is dócha, ach ós rud é gur tír shaolta í na Stáit Aontaithe go hoifigiúil, breathnaítear ar an bhféile anois mar ócáid cheiliúrtha do gach éinne ar an Oileán Úr. Mar a thug na hoilithrigh altú do Dhia as teacht tríd an gcéad bhliain i 1620, agus mar a thug Lincoln altú as teacht slán na hAontachta in 1863, spreagtar daoine anois le bheith buíoch as a dtír nua laistiar den Aigéan Atlantach, cibé Dia nó té a dtugann siad altú dó.
Tá an séasúr tosaithe anois, mar sin, i Meiriceá. Guím Féile Altaithe shona don léitheoir, mar sin, Nollaig faoi shéan, agus athbhliain faoi mhaise.
Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.