AR NA SAOLTA SEO
Port úr ag an Fhear Mhór
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

In ainneoin roinnt rudaí diúltacha a bheith ráite aige le tamall anuas, tá an chuma ar an scéal go bhfuil Ian Paisley sásta sa deireadh an chumhacht a roinnt le Sinn Féin, a deir Robert McMillen.

Íomhá
Paisley: ag caint faoi "ghéarchéim" in Ulaidh
Íomhá
Michael Stone: bhí sé ag iarraidh Adams agus McGuinness a mharú
Íomhá
Sir Desmond Rea: Ar cuireadh focal ina chluas?

an sorcas polaitíochta ar ais sa sráidbhaile; geáitsíocht a chuirfeadh aoibh gháire ar do bhéal, eachtraí a chuirfeadh eagla ort agus cleasanna a d’fhágfadh ag scríobadh do chloiginn tú.

Ach is féidir bheith cinnte den fhíric seo: tá muid ar an bhealach chuig Big Top ina mbeidh an DUP agus Sinn Féin páirteach sa seó céanna.

Chonaic muid dhá thréith de chuid Ian Paisley an mhí seo caite.

Nuair a labhair sé Dé hAoine, arís eile dúirt sé go raibh géarchéim i ndán d’Ulaidh (sic).

“Our Province is facing a most important crisis, and I pray God that it will make the right choice in this hour of crisis.”

Go rómhinic, dúirt an tOirmhinneach go raibh na Sé Chontae i lár géarchéime agus ghlac daoine leis gurbh éigean dóibh Caitlicigh a mharú le theacht slán as an “ghéarchéim”.

Sin an teachtaireacht a fuair Michael Stone agus a chomhghleacaithe, na paraimíleataigh dhílseacha – ní minic a chluin tú an téarma sceimhlitheoirí dílseacha – agus sin an fáth a raibh sé ag Stormont an mhí seo caite le Gerry Adams agus Martin McGuinness a mharú.

Mar a bhí nuair a mharaigh sé triúr ag tórramh na ndaoine a maraíodh i nGiobráltar, bhí Stone ina chadhan aonair, ach in 2006 tá an chomhthéacs athraithe ar fad.a iar-chomhghleacaithe á mealladh leis na milliúin punt ag Rialtas na Breataine má bhíonn béasa orthu. Tá airm an IRA díchoimisiúnaithe ach an t-athrú is mó a chonaic muid an mhí seo caite, bhain sé le hIan Paisley.

Cuireadh an cheist go minic an ndéanfadh Paisley an beart? Bhí siad ann a chreid nach ndéanfadh sé choíche, choíche, choíche é – frása a bhí i litir Stone chuig an Belfast Telegraph. Ach ag éisteacht leis ag labhairt ar RTÉ in agallamh le Tommie Gorman, ba léir, ní hamháin go raibh An Fear Mór réidh leis an bheart a dhéanamh ach go gcuirfeadh sé smacht ar na heasaontóirí ina pháirtí féin a chuirfeadh ina éadan.

Ní raibh an guth chomh láidir agus a bhíodh sé ach tchí Dia duine ar bith a thabharfadh aghaidh air.

“We deserve better things and if there’s now going to be a good way of getting to a place where we can agree, and we can agree without selling the kernel of democracy, which is obedience to the law, then let’s do it,” a dúirt sé.

Tá an liathróid anois i gcúirt Shinn Féin. Is minic ráite é gurb í an phóilíneacht croí na faidhbe i dTuaisceart Éireann. Más féidir réiteach a fháil ar an cheist achrannach sin, bheadh na míreanna mearaí iomlánaithe.

Éilimh Shinn Féin

Cad é tá ag teastáil ó Shinn Féin? Tá amscála de dhíth orthu ina n-aistreofar cumhachtaí póilíneachta agus cirt, dáta cinnte ar a n-aistreofar na cumhachtaí sin agus cinnteacht fá leagan amach na roinne a bheadh freagrach as feidhmiú na gcumhachtaí sin.

Lena chois sin, tá siad cinnte nár cheart go mbeadh ról ag MI5 in Éirinn agus – agus chuir daoine sonrú mór san abairt seo – i “bpóilíneacht shibhialta”. An ionann an téarmaíocht sin is a rá go nglacfaidh siad le ról MI5 i “gcosaint náisiúnta”.

Dúirt Sir Hugh Orde, Príomh-Chonstábla an PSNI – a bhuailfidh le Gerry Adams roimh i bhfad – go gcaithfeadh ról a bheith ag MI5 mar, “National security is about international terrorism and, if people think the island of Ireland is immune from international terrorism, then they need to wise up.” (Tabhair faoi deara gur dhúirt sé “the island of Ireland”!)

Deir Sinn Féin nach bhfuil freagracht dhaonlathach ar bith ag baint le MI5. Leoga, scríobh iriseoir leis an Guardian gur dhúirt ceannaire an Bhoird Póilíneachta, Sir Desmond Rea, go raibh an córas rialaithe is fearr sa Ríocht Aontaithe i bhfeidhm i dtuaisceart na hÉireann, áit a dtiocfadh leo oifigigh – agus oifigigh MI5 san áireamh – a choinneáil cuntasach as a gcuid gníomhaíochtaí.

An lá dár gcionn, bhí ceartúchán sa pháipéar a dúirt “while it (An Bord Póilíneachta) is briefed by the head of MI5 in Northern Ireland, it has no power to hold MI5 to account.” Caithfidh go bhfuair sé cogar sa chluas.

Ach dúirt an tUasal Rea go raibh an Bord ag iarraidh oiread freagrachta agus ab fhéidir a chruthú i gcúrsaí slándála agus “gurbh fhearrde an scéal dá mbeadh Sinn Féin ar bord le cuidiú leis an phróiseas sin."

Tá fabhtanna móra ag an dá pháirtí mhóra – Sinn Féin agus an DUP – i measc na n-absalóideach sna páirtithe. Reáchtáladh cruinniú poiblí i mBéal Feirste an tseachtain seo caite inar cháin poblachtánaigh easaontacha seasamh Shinn Féin go binbeach. Tá sé furasta go leor, ar ndóigh, rudaí a cháineadh ó na taobhlínte – mar a chruthaigh an DUP – ach is scéal eile ar fad é nuair atá freagracht ort agus tú i ndeabhaidh polaitíochta le do shean-namhaid agus sibh ag iarraidh a theacht ar chomhréiteach a shásódh an bheirt agaibh.

Ach má shásaítear Sinn Féin ar cheist na póilíneachta, tá sé geallta ag Paisley go dtosóidh sé ag comhoibriú leo.

“Glacfaidh mé leis an phost agus déanfaidh mé mo dhícheall má fhaighim an post,” ar sé. Labhair sé ar na híospartaigh a dúirt leis go raibh siad ag tabhairt tacaíocht iomlán dó. “Na bíodh seo ag dul ar aghaidh go deo na ndeor,” a dúirt siad leis.

Cé nach n-aontódh leis sin?

Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.