CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Albam nua seolta ag Cruinniú
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Sheol Cruinniú, grúpa ina bhfuil seachtar ceoltóirí óga, albam nua an mhí seo caite ag Féile Cheoil Thraidisiúnta na hInse, i gContae an Chláir. Labhair Antaine Ó Faracháin le Caitlín Nic Gabhann, ball den ghrúpa, faoin mbanna agus faoin dlúthdhiosca nua seo.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Antaine Ó Faracháin: A Chaitlín, inis dom i dtosach cé atá sa ngrúpa seo, Cruinniú.Caitlín Nic Gabhann: Tá triúr againn as Contae na Mí ann, mé féin ar an gconsairtín, Áine Bird ar an bhfidil agus Anne Marie Grogan ar an bhfeadóg mhór. Seinneann Siobhán O’Donnell as Sligeach an bodhrán agus casann sí cúpla amhrán freisin. Tá Damien O’Reilly as Contae an Chláir ar an mbosca ceoil, Jack Talty, as Contae an Chláir freisin, ar an bpianó agus Ryan Graham as Contae Aontroma ar an ngiotár.AÓF: Cén chaoi agus cathain a tháinig sibh le chéile i dtosach?CNicG: Thángamar le chéile anuraidh chun dul go dtí an Festival Interceltique de Lorient sa Bhriotáin. Bhíos féin ansin cúpla uair ag damhsa agus theastaigh uaim dul thar n-ais le grúpa ceoil. Chuir mé an grúpa le chéile, mar sin.Tá aithne agam féin, Áine agus Anne Marie ar a chéile ón am a bhíomar an-óg mar is as an áit chéanna i gContae na Mí muid ar fad. Bhuaileamar leis na daoine eile nuair a bhíomar ag taisteal timpeall na tíre, ag dul go dtí na Fleánna agus na féilte ar fad.AÓF: Ach tá sibh ar fad scaipthe timpeall na tíre anois, nach bhfuil, i gcoláistí tríú léibhéal éagsúla?CNicG: Tá. Tá mé féin agus Jack thíos i gCorcaigh, Áine agus Damien i nGaillimh, Ryan thuas i mBéal Feirste, Anne-Marie i mBaile Átha Cliath agus Siobhán i Má Nuad.

AÓF: An gcruthaíonn sin fadhbanna daoibh? Conas a bhíonn sibh in ann cleachtadh le chéile mar ghrúpa, mar shampla?CNicG: Is féidir linn teacht le chéile nuair a bhíonn féile ar siúl, ach de ghnáth ní bhíonn mórán cleachtaidh déanta ag na féilte sin. Bíonn an chraic rómhaith le bheith ag cleachtadh!AÓF: Conas a tháinig sibh ar an ainm Cruinniú don ghrúpa?CNicG: Phiocamar Cruinniú mar ainm don ghrúpa toisc go bhfuilimid scaipthe timpeall na tíre. Is cruinniú muid de chanúintí ceoil difriúla, ar bhealach, toisc go dtagann muid le chéile ó gach cúige sa tír.AÓF: Cén bealach a phiocann sibh an *repertoire a sheinneann sibh?CNicG: Úsáideann muid portanna atá ar eolas ag an lucht éisteachta de ghnáth, seanphortanna. Is iad seo na tiúineanna a bhíonn á gcasadh againn de ghnáth, fiú sna seisiúin a bhíonn againn.AÓF: Seinneann sibh tiúineanna de shaghsanna éagsúla, ó pholcaí, go ríleanna, go píosaí le Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin. Cén bealach a réitíonn sibh na stíleanna ceoil seo ar fad le chéile?*CNicG: Tá seachtar againn sa ghrúpa, agus i gcónaí bíonn smaointe nua againn le tiúineanna éagsúla. Agus toisc go bhfuilimid scaipthe timpeall na tíre, bímid ag éisteacht le stíleanna difriúla an t-am ar fad. Nuair a thagann muid le chéile ansin bíonn smaointe difriúla agus suimiúla againn go léir. Déanann muid ar fad na píosaí ceoil a chóiriú. Bíonn tuairimí éagsúla againn go léir.

AÓF: Sheol sibh an dlúthdhiosca ag Féile Cheoil Thraidisiúnta na hInse le déanaí. Cén chaoi a raibh sé sin?CNicG: Bhain muid an-sult as. Bhí an seoladh againn sa Sanctuary, taobh thiar d’Óstán na Banríona in Inis. Bhíomar ag ceiliúradh an oíche ar fad! Tháinig slua mór amach, ár gcairde go léir agus na teaghlaigh go léir freisin. Dhíolamar go leor leor dlúthdhioscaí ar an oíche chomh maith.AÓF: Bhí cúpla ceoltóir eile ag seinm ar an stáitse an oíche sin, nach raibh? Inis dom beagán fúthu sin.CNicG: Ar dtús, chas triúr cairde linn, Liam Ryan agus David O’Brien ar na feadóga móra agus Cormac Kerins ar an bpíb uilleann. Chas Pádraic O’Reilly leo ar an bpianó, deartháir Damien. Ansin chas Ned Kelly, boscadóir iontach as Tiobraid Árann. Ag leatham ansin, chuaigh na daidithe go léir suas. Bhí mo dhaid féin, Antóin Mac Gabhann ar an bhfidil; athair Anne-Marie, Hugh Grogan, ar an mbosca ceoil; athair Áine, Gerry Bird ar an bhfeadóg mhór; athair Shiobhán, Colm O’Donnell ar an bhfeadóg mhór (chas sé amhrán chomh maith); agus athair Ryan, Charlie Graham, ar an mbodhrán. AÓF: Taifeadadh beo atá i gceist leis an albam seo. Cén áit a ndearna sibh an taifeadadh?CNicG: Rinneamar é thíos i gCora Finne, i gContae an Chláir, an áit arb as do Damien. Bhí Féile Cheoil Thraidisiúnta Chora Finne ar siúl i mí an Mhárta agus iarradh orainn casadh ag an gceolchoirm ar an Satharn. D’éirigh go maith linn sa cheolchoirm agus chuireamar ar dlúthdhiosca é.AÓF: An bhfuil i gceist agaibh a bheith ag taisteal thart agus ag seinm in áiteachaí eile amach anseo? CNicG: Táimid go léir ar an ollscoil faoi láthair agus, mar sin, níl aon am againn mórán taistil a dhéanamh.

AÓF: An bhfuil aon rian ar an albam gur fearr leatsa thar na cinn eile?CNicG: “Na Ceannabháin Bhána” an ceann is fearr liomsa, toisc go bhfuil mé ag canadh air!

Cruinniú: Live in Corofin ar díol i siopa ceoil Custy’s in Inis faoi láthair. Beidh sé ar fáil i siopaí ceoil eile go luath.Tuilleadh eolais: www.cruinniumusic.cominfo@cruinniumusic.com

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.