AGALLAMH BEO
Justine McCarthy
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Chaith Justine McCarthy tréimhse fhada ag obair mar iriseoir leis an [i]Irish Independent[/i] agus anois tá sí ag feidhmiú mar Leaseagarthóir ar an iris sheachtainiúil, [i]Village[/i]. Labhair sí le hAlan Desmond faoin chaighdeán níos ísle iriseoireachta atá san [i]Independent[/i] anois, dar léi, agus faoi bheith ag obair le Vincent Browne, fear a bhfuil sé mar theist air go bhfuil sé “deacair”.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
An tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa: d'iarr sí ar dhaoine gan labhairt le Justine
Íomhá

Bhuail mé le Justine McCarthy, iriseoir agus beathaisnéisí, in Óstán an Davenport i gCearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath. Bhí sí ag feitheamh san fhorhalla mar a bhí aontaithe againn agus níorbh aon fhadhb í í a aithint mar go bhfuil cúl gruaige fada catach uirthi agus í ard tanaí, leis.

Fiú sular thángamar le chéile san óstán, chonacthas dom gur bhean shocair shochma í Justine, a mbeadh sé deacair gan réiteach go maith léi. Bhí orm am agus áit an agallaimh a athrú níos mó ná uair amháin, agus má chuir a leithéid de mhí-eagar isteach ar Justine, d’éirigh léi é sin a cheilt go maith. Anuas ar na hathruithe sin go léir, bhí ar Justine feitheamh liom ar feadh cúpla nóiméad san fhorhalla ach ní raibh aon mhíshásamh le haithint uirthi. I rith an agallaimh, ní thagann aon athrú ar an dearcadh atá agam ar Justine. Agus an deachtafón á chur in oiriúint agam ag an tús, deirim léi gur fágadh san abar mé cúpla uair de dheasca mhí-iompar an deachtafóin seo.focail chomhbhácha aici dom. "Agus mé ag tosú amach mar iriseoir, chuir mé agallamh ar Ghearóid Mac Gearailt, a bhí ina Thaoiseach ag an am. Ach i ndiaidh an agallaimh ní raibh faic taifeadta agam. Is amhlaidh go raibh an cnaipe ‘seinn’

weebly analytics