Tá léargas an-mhaith á thabhairt sa chlár teilifíse Rip-Off Ireland, atá á chraoladh ar RTÉ faoi láthair, ar chomh neamhinniúil is atá go leor de pholaiteoirí na hÉireann.
»»»Déanfaidh an tAire Oideachais Mary Hanafin tionscadal nua de chuid Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad a sheoladh ag tús na míosa seo a bhfuil sé mar aidhm aige cur ar chumas foghlaimeoirí fásta Gaeilge cáiliocht a bhaint amach ag a mbeidh aitheantas Eorpach. Labhair Caoimhe Ní Laighin le Stiúrthóir an ionaid, Anna Ní Ghallachair, faoin tionscadal seo agus faoin obair cheannródaíoch eile atá idir lámha aici féin agus ag a foireann.
»»»Tá cáil ar Bhrian Vallely mar ealaíontóir ach tá baint mhór aige leis an cheol traidisiúnta ina cheantar dúchais, Ard Mhacha, le blianta fada anois. Labhair sé le Robert McMillen faoin dá phaisean is mó atá aige ina shaol.
»»»Féachann Antain Mag Shamhráin ar shaothair chritice de chuid a Bhéarla nach bhfuil a leithéid le fáil sa Ghaeilge, rud atá cur baic ar fhorbairt na litríochta, dar leis.
»»»Tá Tom Deignan an-tógtha le leabhar nua leis an iriseoir Gwendolyn “Wendy” Bounds ina míníonn sí an chaoi ar éirigh léi sólás a fháil i gceantar tuaithe i Stát Nua-Eabhrac tar éis 9/11.
»»»Tá níos mó grianghraf á dtógáil anois ná mar a bhí riamh, ach an grianghrafadóirí níos fearr muid na laethanta seo, a fhiafraíonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Beidh dhá fhéile drámaíochta ar siúl in ionad axis i mBaile Munna i mBaile Átha Cliath le linn na míosa seo agus na míosa seo chugainn. Tugann Rónán Mac Raois, atá bainteach leo, eolas mar gheall ar an dá imeacht seo.
»»»Tá baint ag Alastar Mac Aongusa ó Mhaoin Bharra an Teampaill i mBaile Átha Cliath le comhdháil idirnáisiúnta a bheas ar siúl sa Bhreatain Bheag an mhí seo chugainn agus é mar sprioc aici comhoibriú a chothú idir ealaíontóirí agus eagraíochtaí cultúrtha ar an dá thaobh de Mhuir Éireann.
»»»An mhí seo caite, sheol Glór na nGael comórtas nua Gaeilge atá dírithe ar dhreamanna atá ag cur na Gaeilge chun cinn thar lear. Bhí Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí na heagraíochta, i láthair ag an seoladh, a bhí ar siúl le linn fhéile Éireannach Milwaukee, Irish Fest.
»»»Bhí an t-amhránaí traidisiúnta Muiris (Mossie) Ó Scanláin tagtha ar ais arís ón Astráil go dtí a bhaile dúchais, Baile an Lochaigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, le déanaí agus an dara dlúthdhiosca, Gan Teorainn, faoina ascaill aige. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoin albam nua seo agus faoina shaol mar amhránaí.
»»»Bhí aithne ag Antaine Ó Faracháin le fada ar an amhránaí Frank Harte as Séipéal Iosóid i mBaile Átha Cliath a fuair bás ag deireadh na míosa seo caite.
»»»Chas Príomh-Aire na hAstráile, John Howard, agus baill den rialtas le ceannairí Ioslamacha na tíre an mhí seo caite ach ní raibh na dreamanna is radacaí i measc na n-eagraíochtaí a fuair cuireadh, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Chaith Balor cúpla lá pléisiúrtha i measc réaltaí na Gaeilge ag an Irish Fest i Milwaukee Mheiriceá an mhí seo caite.
»»»Tá na nuachtáin thablóideacha in Éirinn níos sásta ná mar a bhí riamh daoine a chéasadh agus neamhaird a thabhairt ar a bpríobháideacht, dar le Breandán Delap.
»»»Tá Liam Upton an-tógtha leis an gciclipéid ar líne, Wikipedia, agus leis an leagan Gaeilge, Vicipéid, atá ar fáil le roinnt blianta anois.
»»»Tá polaiteoirí de chuid an fhreasúra ag cur an-bhrú ar an rialtas maidir le drochiompar i measc bhaill den Gharda Síochána ach is iadsan a thug ardú céime do chuid de na Gardaí a bhfuiltear in amhras orthu faoi láthair, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Seosamh Mac Donnacha, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
»»»Thug Liz Curtis cuairt ar cheantar in Albain le gairid a bhfuil ceangal láidir aige le Nova Scotia i gCeanada.
»»»Measann Padraig Mac Éamoinn go bhfuil seans maith ann go mbeidh traenacha ardluais le fáil sa Bhreatain taobh istigh de roinnt blianta.
»»»Tá Robert McMillen den bharúil nach bhfuil na póilíní sna Sé Chontae róbhuartha faoin aighneas fuilteach atá ar siúl idir an UVF agus an LVF, in ainneoin go bhfuil daoine neamhchoireacha á marú.
»»»Ní raibh an córas smachta a bhí ag Cumann Lúthchleas Gael roimhe seo foirfe ach ar a laghad bhí sé i bhfad níos soiléire ná an córas atá i bhfeidhm faoi láthair, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: tragóid i dteaghlach.
»»»Beidh an-ráchairt ar aistritheoirí a bhfuil Gaeilge mhaith acu sna blianta atá amach romhainn, mar a mhíníonn Áine Ní Chonghaile, stiúrthóir an chomhlachta Europus Teoranta atá ag tairiscint trí chúrsa dóibh siúd ar mian leo an cheird a fhoghlaim.
»»»Chaith Máire Ní Chuagáin dhá mhí ag obair go deonach i dteach cónaithe do pháistí i nGána i Márta agus Aibreáin 2005. Miníonn sí anseo cén fáth a ndeachaigh an tír i bhfeidhm go mór uirthi.
»»»Cuireadh fáilte mhór roimh Tony Birtill agus a chomhchnocadóirí i nGleann Cholm Cille ach tá daoine áirithe sa tír, feirmeoirí go háirithe, níos doicheallaí roimh thurasóirí.
»»»D’fhreastail Uinsionn Mac Dubhghaill ar chomhdháil faoi bhunreacht na hEorpa an mhí seo caite agus chuala sé cainteoirí éagsúla ag míniú cad iad na bacanna atá roimh fhiontraithe aonair na hEorpa, bacanna nach bhfuil i gceist sna Stáit Aontaithe.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.