Táthar ag caitheamh go dona le muintir Dhún na nGall maidir le seirbhísí sláinte agus tá an chuma ar an scéal nach bhfuil polaiteoirí an chontae sásta an fód a sheasamh dóibh.
»»»Déanfaidh an tAire Oideachais Mary Hanafin tionscadal nua de chuid Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad a sheoladh ag tús na míosa seo a bhfuil sé mar aidhm aige cur ar chumas foghlaimeoirí fásta Gaeilge cáiliocht a bhaint amach ag a mbeidh aitheantas Eorpach. Labhair Caoimhe Ní Laighin le Stiúrthóir an ionaid, Anna Ní Ghallachair, faoin tionscadal seo agus faoin obair cheannródaíoch eile atá idir lámha aici féin agus ag a foireann.
»»»Níl Máire Killoran ach sna tríochaidí luatha ach tá post mór bainte amach aici cheana féin, is é sin Ceannaire Chiste Craoltóireachta Gaeilge an tuaiscirt. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin obair atá déanta aici go dtí seo i réimse na hiriseoireachta agus faoi na dúshláin atá roimpi.
»»»Is de bhunadh Éireannach iad beirt Mheiriceánach a bhfuil postanna tábhachtacha acu i gcúrsaí iompair i Londain. Cúlra an scéil ó Tom Deignan.
»»»Tá níos mó grianghraf á dtógáil anois ná mar a bhí riamh, ach an grianghrafadóirí níos fearr muid na laethanta seo, a fhiafraíonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Is as Alasca ó dhúchas é Tok Thompson agus tá sé i ndiaidh filleadh ar na Stáit Aontaithe tar éis breis is dhá bhliain a chaitheamh i mBaile Átha Cliath. Míníonn sé anseo an tslí ar chuir an Ghaeilge go mór lena shaol agus é ag cur faoi in Éirinn.
»»»Ag Scoil Samhraidh Joe Mooney i nDroim Seanbhó i gContae Liatroma an mhí seo caite, bhuail Antaine Ó Faracháin trí thimpiste le beirt den lucht siúil a raibh an-dúil acu sna hamhráin agus fuair sé amach gur ó mhuintir duine acu a bailíodh roinnt amhrán a cuireadh amach ar albam dar teideal Songs of the Irish Travellers (1983).
»»»Bhí aithne ag Antaine Ó Faracháin le fada ar an amhránaí Frank Harte as Séipéal Iosóid i mBaile Átha Cliath a fuair bás ag deireadh na míosa seo caite.
»»»Tá sé ag goilleadh go mór ar fheilméaraí na Tasmáine go bhfuil comhlachtaí móra mar McDonalds ag ceannach glasraí ó thíortha eile agus tá feachtas tosaithe acu chun a míshásamh a chur in iúl go láidir. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Tá a shúil nimhe á caitheamh an mhí seo ag Balor ar chuid de na scéalta atá i mbéal an phobail faoi láthair.
»»»Tá Breandán Delap den tuairim go bhfuil an Rialtas tar éis loic go mór ar chúigear Ros Dumhach, na fir as Maigh Eo atá sa phríosún ó bhí deireadh mhí an Mheithimh ann de bhrí go ndearna siad iarracht stop a chur le tógáil píblíne gháis trína gcuid talún.
»»»Míníonn Diarmaid Mac Mathúna an tslí a raibh deis ag gnáthdhaoine cur le tuairiscí nuachta na meán cumarsáide tar éis bhuamáil Londan an mhí seo caite, a bhuí sin leis an teicneolaíocht nua.
»»»Nuair a dfhógair an IRA sos cogaidh cheana féin sna seascaidí ní dhearna Rialtais na hÉireann ná na Breataine go leor leis an phobal náisiúnach sna Sé Chontae a chosaint. Tá sé tábhachtach nach dtarlódh an rud céanna an iarraidh seo, dar le Dónall Ó Maolfabhail.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Meta Uí Mháille, Pléaráca Chonamara Teoranta, Ros Muc, Conamara.
»»»Thug Liz Curtis cuairt ar Archaeolink, ionad in Albain ina dtugtar an-léargas ar an saol a bhí ag daoine na mílte bliain ó shin.
»»»Measann Padraig Mac Éamoinn go bhfuil seans maith ann go mbeidh traenacha ardluais le fáil sa Bhreatain taobh istigh de roinnt blianta.
»»»Féachann Robert McMillen ar na himpleachtaí a bhaineann leis an ráiteas stairiúil a deisigh an IRA ag deireadh na míosa seo caite.
»»»Féachann Colm Mac Séalaigh ar na hargóintí atá acu siúd a deir gur cheart imreoirí na gcluichí Gaelacha a íoc.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: buama i dtraein faoi thalamh.
»»»Bhí díomá ar go leor daoine nuair a dhún caife Ghael Linn i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite. Ar an dea-uair, áfach, doscail caife Gaeilge eile i lár na cathrach i dtrátha an ama chéanna. Thug Caoimhe Ní Laighin cuairt ar an gcaife seo agus labhair leis an mbainisteoir, Úna Nic Gabhann.
»»»Chaith Máire Ní Chuagáin dhá mhí ag obair go deonach i dteach cónaithe do pháistí i nGána i Márta agus Aibreáin 2005. Miníonn sí anseo cén fáth a ndeachaigh an tír i bhfeidhm go mór uirthi.
»»»Scríobh Tony Birtill alt san iris seo bliain ó shin mar gheall ar an dochar a bhí á dhéanamh don chomhshaol i gceantar Ghleann Cholm Cille agus measann sé gur chun donais atá rudaí tar éis a dhul ó shin.
»»»D’fhreastail Uinsionn Mac Dubhghaill ar chomhdháil faoi bhunreacht na hEorpa an mhí seo caite agus chuala sé cainteoirí éagsúla ag míniú cad iad na bacanna atá roimh fhiontraithe aonair na hEorpa, bacanna nach bhfuil i gceist sna Stáit Aontaithe.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.