CÚINNE NA nEALAÍON
An-bhorradh faoin drámaíocht i mBaile Munna
Rónán Mac Raois Rónán Mac Raois

Beidh dhá fhéile drámaíochta ar siúl in ionad axis i mBaile Munna i mBaile Átha Cliath le linn na míosa seo agus na míosa seo chugainn. Tugann Rónán Mac Raois, atá bainteach leo, eolas mar gheall ar an dá imeacht seo.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Tá sé soiléir go bhfuil dul chun cinn tar éis tarlú le roinnt blianta anuas i ndrámaíocht na Gaeilge agus tá an obair atá á déanamh ag Ray Yeates agus ag a fhoireann ealaíne in Ionad Ealaíon an axis i mBaile Munna mar chuid den dul chun cinn sin.

Ag tógáil ar mhionfhéile rathúil Borradh Buan, a bhí mar chuid den *Fringe Festival *anuraidh, tá dhá fhéile trí Ghaeilge forbartha ag axis: Borradh Buan Óg, a bheas ar siúl idir 27 Meán Fómhair agus 1 Deireadh Fómhair, agus Borradh Buan Fásta, a bheas á reáchtáil idir 17 – 22 Deireadh Fómhair.

De bhrí go bhfuil sé ar siúl ag tús na scoilbhliana, is deis iontach é Borradh Buan Óg do mhúinteoirí agus do thuistí samhlaíocht na ndaltaí a spreagadh trí Ghaeilge. Tá an fhéile seo á heagrú i gcomhphairt le Gaelchultúr (www.gaelchultur.com) agus beidh an bhéim ar shaothair as Gaeilge, a dhéanfaidh an t-aos óg a léiriú don aos óg.

“Tá Borradh Buan Óg á scaradh ó Bhorradh Buan Fásta mar go n-aithnímid tábhacht an lucht féachana óig,” a deir Ray Yeates, stiúrthóir axis. “Mar gheall ar fhás na Gaelscolaíochta in Éirinn, tá margadh cinnte ann anois do dhrámaí ar ardchaighdeán do pháistí idir 5 bliana agus dhá bhliain déag. Is dúshlán mór iad an lucht féachana seo d’aisteoirí gairmiúla na teangan. Le linn na féile, beidh dráma ar siúl dhá uair sa lá go hiondúil agus is páistí a bhfuil Gaeilge agus taithí mhaith acu ar an stáitse agus ar na meáin chumarsáide a bheas páirteach iontu.”

Agus léirithe i gceist ó chuid de na compántais is fearr sa tír, ba chóir go mbeadh amharaclann axis lán, go háirithe tar éis cháil fhéile na bliana seo caite. Tá réimse leathan imeachtaí eile pleanáilte chomh maith, ina measc, céilí, lá teaghlaigh, ceardlanna drámaíochta agus comórtais, chun cur leis an taitneamh.

Osclóidh an fhéile le Cáca Pórtair, a bheas á léiriú ag an Béal Binn ó Bhrí Chualann, agus ina mbeidh tríocha aisteoir óg 5 agus 6 bliana d’aois ina gcomhábhar do cháca milis!

Ar smaoinigh tú riamh cad é mar a fuair Cochaillín Dearg a cóta? Gheobhaidh tú amach le linn léiriú de *Cochaillín Dearg agus an Phéacóg Shíoraí *leis an gcompántas Ababú. Is dráma é seo i gcomhair páistí 5-9 mbliana.

I *Diabhlaíocht Dhéagláin *le Fibín, an compántas puipéadóireachta as Gaillimh, insítear scéal fir óig atá thar a bheith tógtha le cultúr réaltaí an lae inniu.

Cuirfidh *Codladh Céad Bliain *le haxis deireadh bríomhar leis an mionfhéile. Athinsint álainn den scéal cáiliúil é, agus tá sé oiriúnach do pháistí idir sé agus deich mbliana d’aois.

Daoine fásta

Tá Borradh Buan Fásta (17-22 Deireadh Fómhair) ag díriú ar dhaoine níos sine. Ar cheann de na buaicphointí, beidh léiriú Thaibhdhearc na Gaillimhe de Coinneáil Orainn, dráma atá á stiúradh ag Darach Mac Con Iomaire. Tá acmhainn grinn ar leith i gceist sa dráma seo, a scríobh Darach Ó Scolaí agus ar bronnadh Gradam Cuimhneacháin Bháitéir Uí Mhaicín air i mbliana.

“Tá sé soiléir le blianta anuas,” a deir Ray Yeates, “go bhfuil Taibhdhearc na Gaillimhe i mbarr réime i saol amharchlainne na tíre, is cuma cé acu Gaeilge nó Béarla atá i gceist, agus go bhfuil clú tuillte ag aisteoirí mar Dhiarmuid de Faoite.”

Le cois na n-imeachtaí stáitse, tá roinnt ceisteanna tábhachtacha ag baint leis an drámaíocht Ghaeilge i gcoitinne le plé chomh maith.

“I mbliana, mar shampla,” a deir Yeates, “d’fhógair an Chomhairle Ealaíon go raibh €3 milliún á chur ar fáil do na healaíona traidisiúnta, idir Ghaeilge agus Bhéarla, sna réimsí ceol agus rince, agallaimh bheirte agus an sean-nós. Ní dhearnadh tagairt ar bith do dhrámaíocht na Gaeilge agus is ar an gceist sin a dhíreoidh an t-ollchruinniú speisialta a bheas ar siúl in axis le linn na féile Borradh Buan Fásta.”

Chomh maith leis na himeachtaí thuas, beidh ceardlanna drámaíochta, agus oícheanta ceoil agus damhsa ar siúl le linn na féile freisin.

Tá axis lonnaithe in aice leis na hOifigí Sibhialta ar an bpríomhshráid i mBaile Munna. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an dá fhéile, is féidir dul i dteagmháil liomsa, Rónán Mac Raois, ag (01) 883-2111 nó scríobh chuig ronan.macraois@axis-ballymun.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.