Tá níos mó grianghraf á dtógáil anois ná mar a bhí riamh, ach an grianghrafadóirí níos fearr muid na laethanta seo, a fhiafraíonn Ciara Nic Gabhann.
Ní raibh an ghrianghrafadóireacht mar mheán riamh chomh forleathan is atá sí anois inár saol. Is féidir linn uilig a bheith inár ngrianghrafadóirí na laethanta seo. Tá gach seans go bhfuil ceamara digiteach de chineál éigin agat féin ceamara beag néata is féidir leat a iompar i do phóca nó i do mhála, bfhéidir, nó seans go bhfuil ceann ar ghuthán siúil nó ar ríomhaire agat. Pé cinéal atá agat, ní raibh sé riamh chomh furasta ár ndomhan a léiriú is atá sé anois leis an cheamara digiteach. Is rud maith é sin, gan amhras, ach an gcaillfidh muid rud ar bith má éiríonn muid as na seanmhodhanna traidisiúnta le pictiúir a thógáil?
Caithfidh daoine amharc air mar mheán nua taobh istigh de mheán seanbhunaithe. Is é an botún is mó a dhéanann grianghrafadóirí, bfhéidir, ná a bheith ag déanamh comparáide idir an meán nua seo agus na seanmheáin in áit a bheith ag iarraidh láidreachtaí agus laigeachtaí an mheáin nua a thuiscint. Chun úsáid cheart a bhaint as, caithfidh tú smacht a bheith agat air.
David Farrell, Baile Átha Cliath
Nuair a thosaigh mise ar an ghrianghrafadóireacht den chéad uair, is é an ceacht is úsáidí a dfhoghlaim mé ná: chun pictiúr maith a ghlacadh, caithfidh tú smaoineamh go príomha ar rud amháin ceapadóireacht. Ní fiú pingin an teicneolaíocht is nua mura dtig leat úsáid cheart a bhaint aisti. Ar an dóigh chéanna, an ndearna an próiseálaí focal scríbhneoirí níos fearr asainn?
Paul Grant, Londain (ó shuíomh gréasáin an BBC)
Ní hionann méid agus fiúntas agus ní cuidiú ar bith é ach oiread gur féidir íomhánna a chaitheamh i dtraipisí nó a chealú go héasca sa cheamara digiteach. Is beag grianghrafadóir atá ann anois atá inchurtha le hAdams, Weston nó Brandt, mar shampla, ach tá i bhfad níos mó grianghrafadóirí ann anois ná mar bhí riamh. Le himeacht aimsire, tiocfaidh forbairt ar an tuiscint atá ag daoine ar an chóras digiteach agus beidh deireadh ansin leis an phróiseas ceimiceach.
Alan Pelz-Sharpe, Groton, USA (ó shuíomh gréasáin an BBC)
Tá an ghrianghrafadóireacht i ndiaidh éirí chomh coitianta sin go bhfuil sé deacair a shamhlú go mbíodh eagla ar dhaoine lá den saol go sciobfadh an bosca beag dubh a n-anam ar shiúl uathu dá dtógfaí pictiúr díobh, agus go raibh daoine ann a bhí cinnte gur céim siar a bhí ann nuair a tháinig deireadh le daguerratypes.
Is ábhar iontais é an oiread forbartha atá i ndiaidh theacht ar an ghrianghrafadóireacht thar na blianta. I dtosach báire, caitheamh aimsire a bhí ann don bheagán daoine a bhí go maith as; caitheamh aimsire a bhí ceannródaíoch agus a raibh beagán draíochta ag baint leis, ag tabhairt chun beatha íomhánna airgid as dorchadas an tseomra phróiseála.
Níl seomra dorcha, trealamh téagartha ná saineolas grianghrafadóireachta riachtanach níos mó chun pictiúr measartha maith a thógáil, ach an forbairt í an teicneolaíocht nua seo ó thaobh na grianghrafadóireachta mar cheird? In ainneoin an eolais atá ag go leor againn mar gheall ar chlódóireacht dhigiteach, comhaid, dioscaí stórála agus araile, an bhfuil muid go fóill ag smaoineamh i dtéarmaí grianghrafadóireachta agus muid ag tógáil pictiúir?
Tá argóint láidir ann a deir go bhfuil níos mó tuisceana againn anois agus níos mó smachta ar na híomhánna a chruthaíonn muid. Is cuidiú mór é gur féidir an íomhá a fheiceáil roimh ré ar scáileán an cheamara nó ríomhaire sula ndéantar pictiúr buan de, agus gur rud é sin is féidir linn féin a dhéanamh sa bhaile ar chostas íseal.
Chomh maith leis sin, caitheann muid níos mó ama ag amharc ar phictiúir a sheolann muid chuig a chéile ar an idirlíon bealach bríomhar idirnáisiúnta cumarsáide a ligeann duinn ár dtaithí saoil a chur i láthair pé pobail atá ann lena fheiceáil agus a chuireann muid ar comhchéim le grianghrafadóirí gairmiúla a bhíonn ag tuairisciú ó na tíortha a bhfuil trioblóid iontú. Smaoinigh ar na pictiúir chumhachtacha a tháinig amach as príosún Abu Ghraib, mar shampla, nó ar na pictiúir smúitiúla a thóg paisinéirí i ndiaidh na mbuamaí faoi thalamh i Londain. Is féidir le haon úinéir ceamara digitigh a bheith ina thuairisceoir chéadleathanaigh ach é a bheith san áit cheart ag an am ceart. Níl le déanamh aige ach cuimhneamh ar an chnaipe a bhrú!
Míbhuntáistí?
Ach an bhfuil aon mhíbhuntáistí ag baint leis an chóras digiteach? Is léir go bhfuil an córas digiteach níos saoire, níos fusa a úsáid, níos solúbhtha mar mheán cumarsáide ná na seanmhodhanna grianghrafadóireachta, ach an bhfuil fadhbanna i gceist chomh maith?
Tá saineolas de dhíth le húsáid a bhaint as an teicneolaíocht nua. Tá scéalta ann faoi dhaoine faoi strus, na céadta pictiúr sa cheamara acu ach gan iad ábalta dul go dtí an chéad chéim eile. Tá an fhadhb seo furasta go leor a réiteach le treoir, bfhéidir, ach cad a dhéantar leis na céadta grianghraf seo ansin? An fiú iad uilig a choinneáil? Gan amhras tá cartlann pictiúr tábhachtach agus is stór luachmhar atá ann ar go leor cúiseanna, ach tá sé riachtanach scagadh a dhéanamh ar chartlann agus grianghraif laga a scrios. Tá sé riachtanach go mbeadh breithiúnas maith ag an ghrianghrafadóir ag an chéim seo, agus ní thabharfaidh an teicneolaíocht nua an cumas sin dó. Teastaíonn súil oilte uaidh leis an mhaith agus an t-olc a idirdhealú óna chéile agus mura bhfuil an tsúil sin aige, ní cuidiú ar bith dó an teicneolaíocht.
An grianghrafadóirí níos fearr anois muid? Go bunúsach, ní hea! Tá an teicneolaíocht ann le cuidiú linn agus le féidearthachtaí a chur ar fáil dúinn, ach is é breithiúnas na súile oilte le treoir agus le taithí, agus beagán den ádh lena chois, a chruthaíonn grianghraf maith.
Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.