TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Meta Uí Mháille Meta Uí Mháille

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Seosamh Mac Donnacha, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (AOG) agus cén fhad atá tú sa phost?

Tá mé ag feidhmiú mar Chomhordaitheoir Acadúil san Acadamh le bliain nó mar sin.

  1. Cathain a bunaíodh AOG agus cé a bhunaigh é?

Bhunaigh Ollscoil na hOllscoil na hÉireann, Gaillimh an tAcadamh agus tá sé bunaithe go foirmeálta ó Iúil 2004.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Tá sé mar chuspóir ag an Acadamh cúrsaí tríú leibhéal a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar riachtanais phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre agus tabhairt faoi thaighde a threiseoidh forás na bpobal sin.

  1. Cé mhéad duine atá fostaithe in AOG faoi láthair? Cé mhéad duine a bheas ag obair ann amach anseo?

Tá 60 duine fostaithe san Acadamh faoi láthair agus beidh suas le 200 duine fostaithe nuair a bheidh clár iomlán cúrsaí an Acadaimh faoi lán seoil.

  1. Cén obair atá á déanamh san Acadamh faoi láthair, ó lá go lá?

Ag cur cúrsaí ollscoile ag léibhéal Máistreachta, Ard-Dioplóma agus Dioplóma ar fáil i réimsí ar nós an Aistriúcháin, na Cumarsáide, Theicneolaíocht na Faisnéise, an Oideachais agus na Gaeilge Feidhmí; ag forbairt cúrsaí nua sna réimsí seo agus i réimsí eile; agus i mbun tionscadail éagsúla taighde.

  1. Cad iad na foinsí maoinithe atá ag an Acadamh? An leor iad?

Tá tacaíocht á fháil againn ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ón Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, ó Údarás na Gaeltachta, ón Údarás um Ard-Oideachas agus ó fhoinsí príobháideacha. Mar is léir óna bhfuil sna nuachtáin na laethanta seo, ní leor an maoiniú atá ar fáil ag aon institiúid tríú leibhéal in Éirinn.

  1. Cén fhad a thógfaidh sé na spriocanna atá leagtha síos agaibh a bhaint amach?

Is obair leanúnach atá agus a bheidh i gceist le hobair an Acadaimh. Beidh cúrsaí nua á gcruthú i gcónaí agus tionscadail nua taighde á bhforbairt.

  1. Cad iad na láidreachtaí agus na laigí a bhaineann leis an Acadamh faoi láthair?

Is iad láidreachtaí an Acadaimh na mic léinn atá agus a bheas againn, an fhoireann atá againn agus na dreamanna éagsúla a thugann tacaíocht dúinn, san Ollscoil agus lasmuigh di. Tá sé róluath le bheith ag caint faoi laigí.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag AOG faoi cheann cúig bliana.

Clár leathan cúrsaí ollscoile trí Ghaeilge a bheith á chur ar fáil againn. Éileamh bheith cruthaithe againn ar chúrsaí ollscoile trí Ghaeilge i measc dhaltaí Ardteiste na tíre. Ainm an Acadaimh mar institiúid tríú leibhéal lánGhaeilge bheith in airde go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

  1. Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Go dtabharfaidh muid don chéad ghlúin eile í i riocht níos fearr ná mar a fuair muid féin í.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.