RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: tragóid i dteaghlach.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

“Tá an t-am ag Peadar a bheith sa bhaile leis seo,” arsa Máire, a mháthair.

“Ní gnách leis a bheith mall,” a deir a athair Dónall, “nó tá a fhios aige go maith go mbeadh deireadh an tsaoil aige ann.”

“Beidh sé isteach bomaite ar bith anois. Fan go bhfeice tú,” arsa Máire, “bomaite ar bith ...”

“Nach bhfuil a fhios agat go mbeidh,” arsa Dónall.

“Níl maith dúinne a bheith ina suí anseo ag amharc ar an dinnéar ag fuarú. Seo, suigh síos agus bíodh do chuid agat,” arsa Máire.

Tharraing Dónall cathaoir chuige agus shuigh sé isteach chuig an tábla. Chuir Máire trí phláta ar an tábla agus roinn sí thart an bia eatarthu. Shuigh sí síos trasna ó Dhónall ansin agus d’amharc siad beirt ar phláta Pheadair.

“Ní bheidh seo ach ag éirí fuar,” arsa Máire agus thóg sí pláta Pheadair arís agus d’fhág sí ina shuí thall ag taobh an oighinn mhicreathoinne é. “Thig leis á théamh nuair a thiocfas sé isteach,” ar sise.

“Thig,” arsa Dónall.

Shuigh Máire chun boird arís ach ar dhóigh inteacht bhí a goile caillte aici agus ní raibh cuma ar Dhónall go raibh fonn bí air ach an oiread. De ghnáth fán am seo d’oíche bheadh sé ag alpadh siar an bhia. Chonaic Dónall faoina shúile go raibh Máire ag amharc air agus, ar mhaithe lena cur ar a suaimhneas, chaith sé siar cúpla greim ach ann ach go raibh sé ábalta iad a choinnéail thíos. Níor bhain Máire den bhia ar chor ar bith. Ní dhearna sí ach an pláta a shíneadh roimpi agus a rá le Dónall, “Sílim go bhfuil an t-am againn glaoch thart ar a chuid cairde.”

“Órú, bhéarfaidh muid fiche bomaite eile dó. Tá a fhios agat gasúir nuair a thosaíonn siad a chaint ar pheil, cailleann siad ciall den am.”

“An bhfuil tú ag meas?” arsa Máire.

“Tá,” arsa Dónall ach sheachain sé a cuid súl.

D’éirigh Máire agus ghlan sí an tábla agus chuir na soithigh uilig san inneall níocháin. Tuairim is agus ceathrú uaire ina dhiaidh sin, chuala siad duine inteacht ag an doras agus d’éirigh siad beirt agus rinne ar an doras chomh tiubh géar is a thiocfadh leo.

“Fiachra!” arsa Dónall agus é ag iarraidh smacht a choinneáil ar an chrith a bhí ina ghlór. “Nach bhfuil Peadar leat?” ar seisean.

“Peadar?” arsa Fiachra, “Nár iarr sé orm a bheith anseo roimh an seacht. Anocht oíche ‘Star Trek’. Ní chailleann sé sin seachtain ar bith.”

“Tá sin ceart,” arsa an mháthair. “Bíonn siad beirt thuas údaí agus iad sáite ann achan oíche Mháirt.

Leis seo, bhí cnapán in ucht Mháire a bhí ag giorrú a hanála.

“Gabh thusa isteach anois agus suigh síos tamall,” arsa Dónall léi i nguth íseal séimh. Níor bhog sí. “A Fhiachra,” ar sise, “an bhfaca tú Peadar inniu?”

“Ní fhaca mé é ó d’fhág muid ag geaftaí na scoile é ar a trí,” a d’fhreagair Fiachra.

“A trí,” arsa Máire, “cá háit faoin diabhal a bhfuil sé?”

Cé nach raibh tús agus deireadh an scéil ag Fiachra, thuig sé go raibh rud inteacht contráilte. “Ar mhaith leat mé é a chuartú?” arsa Fiachra.

“Tá sé ag éirí dorcha anois, a mhic,” arsa Dónall. “Gabh thusa chun an bhaile anois agus fiosróidh muidinne an scéal.”

“An gcuirfidh sibh glaoch orm má thig sé ar ais sula mbeidh ‘Star Trek’ thart?”

“Cuirfidh,” arsa Máire agus piachán an chaointe ina guth.

D’imigh Fiachra, ach choinnigh sé ag amharc siar ar dhoras an tí go raibh sé ag bun an chosáin.

“Glaofaidh mé ar na gardaí,” arsa Dónall.

Chroith Máire a ceann ag aontú leis nó ní thiocfadh focal chun a béil.

Fá cheann leathuaire tháinig garda fir agus bangharda thart. Chuir siad ceisteanna a d’fhreagair Dónall agus Máire go dlisteanach cruinn. Thoisigh na comharsanaigh a theacht isteach agus de réir mar a chuaigh an scéal amach chruinnigh scaifte mór i dteach na beirte. Labhair siad leis na gardaí agus, le treoir uathusan, thosaigh an cuardach.

Tháinig cuid ban na comharsanachta agus ghlac siad seilbh ar an teach, ag déanamh tae, ag freagairt an ghutháin, agus ag coinneáil comhrá le Máire agus Dónall. Bhí sé mar a bheadh teach faire ann.

Thart fán dó a chlog ar maidin tháinig na gardaí ar ais. B’fhacthas do Mháire go raibh tamall millteanach idir iad an geafta a fhoscladh agus a theacht isteach thar an tairsigh. Bhain siad beirt daofa a mbairéad. D’amharc Máire ar Dhónall, a d’éirigh ina sheasamh chomh luath is a chonaic sé iad.

“B’fhéidir gurbh fhearr duit suí, a Dhónaill,” arsa an garda.

Níor bhog Dónall. Chuir an garda a lámh ar a ghualainn agus threoraigh sé chun na tulóige é. Bhí an bangharda gualainn ar ghualainn le Máire.

“Tá sé ar shiúl,” arsa Máire go híseal cráite.

“Tá,” arsa an bangharda.

“Ar gortaíodh é?” arsa Dónall.

Ná cráigh tú féin anois lena leithéid de cheisteanna,” arsa an bangharda.

“Ar fhulaing sé?” arsa Dónall arís agus a ghuth ag ísliú leis.

“Níl an t-eolas sin againn go fóill. Tá mé buartha,” arsa an garda.

“A Dhónaill, tá sé ar shiúl,” arsa Máire.

Thit ciúnas marfach ar an teach. Bhí Peadar ar shiúl.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.