Tá cáil ar Bhrian Vallely mar ealaíontóir ach tá baint mhór aige leis an cheol traidisiúnta ina cheantar dúchais, Ard Mhacha, le blianta fada anois. Labhair sé le Robert McMillen faoin dá phaisean is mó atá aige ina shaol.
*A Life Less Ordinary *is ainm do scannán a rinneadh i 1997 agus dfhéadfaí an teideal céanna a chur ar dhírbheathaisnéis an fhir sin de bhunadh Ard Mhacha, John Brian Vallely.
Tá Vallely ar na healaíontóirí Éireannacha is mó a bhfuil clú idirnáisiúnta orthu, clú atá bunaithe ar na pictiúir a dhéanann sé de cheoltóirí traidisiúnta agus de lúthchleasaithe.
Bhí sé gníomhach tráth i gcúrsaí polaitíochta chaith sé seal sa phríosún agus seal eile ar a sheachnadh i nDún Dealgan.
Bhí sé páirteach i gcúrsaí lúthchleasaíochta ach ní sna ghnátheagraíochtaí - bhí sé chun tosaigh i gCumann Lúthchleas agus Rothaíochta na hÉireann.
Ba é a bhunaigh Píobairí Ard Mhacha i 1966 lena bhean chéile Eithne, grúpa atá ag obair go dtí an lá atá inniu ann, ag teagasc, ag spreagadh agus ag eagrú ceoltóirí óga an cheantair.
Tá ríshliocht cultúrtha bunaithe aige féin agus Eithne. Tá ceathrar mac agus iníon amháin ag an lánúin casann an mac is sine, Niall, ar an chonsairtín; seinneann Cillian, an dara mac, leis an ghrúpa Lúnasa; bíonn Caoimhín luaite go minic leis an ghrúpa drámaíochta Dubbeljoint; tá Lorcan ina ealaíontóir agus, ar deireadh, tá Máire, an t-aon chailín, atá ag teagasc Béarla sa tSeapáin faoi láthair.
Tá an t-ádh orm go bhfuil cúigear páistí agam nach ndeachaigh fríd thrioblóidí an déagóra, ar seisean liom, ag gáire, agus mé ina chuideachta le gairid sa teach tábhairne is fearr leis i mBéal Feirste, The John Hewitt.
Iontach go leor, ní raibh suim ag Brian sna píobaí ón chliabhán. Nuair a bhí sé óg, ba mhó an tsuim a bhí aige sna bailéid agus in amhráin pholaitiúla ba bheag dúil a bhí aige sa cheol uirlise.
Thosaigh sé a sheinm ceoil agus é ina mhac léinn i nDún Éideann. Bhí sé cairdiúil le ceoltóirí snagcheoil agus théadh sé chuig gigeanna leo. Bhí cúpla ceirnín de chuid Cheoltóirí Chualainn ag Brian a sheinneadh sé san árasán. Lá amháin, arsa cara leis, seinnteoir flúgalchoirn: Cén fáth nach seinneann tú an ceol sin má tá an oiread sin dúile agat ann? Ní leor bheith ag caint air. Má mhothaíonn tú an ceol istigh ionat, beidh tú ábalta é a sheinm.
Ina dhiaidh sin, cheannaigh an tArd-Mhachach feadóg mhór, roinnt ceirníní agus theagasc an fheadóg dó féin. Ach ba mhó an tarraingt a bhí ag na píobaí dó. Bhí obair aige teacht ar fhoireann píob ach, sa deireadh, rinne Frank McFadden ó Bhóthar Chluanaí i mBéal Feirste foireann dó.
Thaistil sé an tír ag dul chuig fleadhanna, slógaí, féilte agus seisiúin. Bhí baint aige le Comhaltas Ceoltóirí Éireann - eagraíocht iontach, dar leis ach, dalta cuid mhór daoine, thit sé amach leo.
Chuir an fonn a bhí orm na píobaí agus feadóga a chur chun cinn isteach ar an Chomhaltas san áit a raibh mé i mo chónaí ag an am, ar sé. Bhí mise ag eagrú coirmeacha a cháin siad ar an iliomad cúiseanna. Sa chéad dul síos, níor thaitin na píobaí leo. Sa dara dul síos, níor thaitin feadóga leo. Mar sin, dfhág mé Comhaltas agus chuir mé féin, deartháir agus col ceathrair liom, agus fear eile, Píobairí Ard Mhacha ar bun. Bhí nasc againn le Comhaltas ach ní raibh muid inar mbaill. Ach ansin, thug Comhaltas rialacha úra isteach a chiallaigh gurbh éigean diomaitheoir clárú mar bhall de chraobh an Chomhaltais nó óna sheoladh baile. Roimhe sin, bhíodh seachtar no ochtar ag dul isteach i gcomórtais agus iad uilig ó Phíobairí Ard Mhacha. In amanna, bhíodh 100% de na hiomaitheoirí ag teacht ó Phíobairí Ard Mhacha!
Píobairí as gach cearn
Is ann do Píobairí Ard Mhacha go fóill agus é ag dul ó neart go neart, ag teagasc gach uirlise traidisiúnta agus na daltaí ag dul i bhfeabhas bliain i ndiaidh bliana.
I láthair na huaire, tá Brian gnaitheach ag ullmhú don 12ú William Kennedy Piping Festival, féile a thugann píobairí as gach cearn den domhain go príomhchathair eaglasta na hÉireann.
I mbliana, beidh *The Chieftains *mar bhuaicphointe na féile ach beidh Na Trí Seudan ó Albain, Arché ón Iodáil agus Marzoug ón Ailgéir i measc na n-aíonna ilchineálacha a bheas ag freastal ar an fhéile.
Ba é an rud a spreag an fhéile phíobaireachta ná an fhéile *Armagh Together *i 1993/94. Diarr an coiste cathrach ar ghrúpaí sa chathair cibé moltaí nó smaointe a bhí acu a chur chun tosaigh. Mhol Brian go gcuirfí féile phíobaireachta ar siúl in ómós don phíobaire dall as cathair Ard Mhacha, William Kennedy.
Bhí sé deacair go leor an rud a dhíol ag an tús, fiú i measc lucht tacaíochta an cheoil thraidisiúnta ar dream doiligh go leor iad rud ar bith a dhíol leo, arsa Brian.
Bunús na ndaoine a bhfuil baint acu leis an cheol, go minic ní fheiceann siad nasc idir dul chuig coirm cheoil agus fadmharthain an cheoil. Bíonn siad sásta bualadh le chéile roimh an choirm nó sa bheár ina diaidh, ach ní fheiceann siad go bhfuil sé tábhachtach ticéid a cheannach agus freastal ar na coirmeacha. Ag Píobairí Ard Mhacha, bíonn muid i gcónaí ag iarraidh cur in iúl do na hoirfidigh, mura dtéann siad chuig na coirmeacha, mura dtugann siad tacaíocht dóibh, cad é is fiú bheith ag teagasc na bhfonn do pháistí agus do dhaoine óga. Tchifidh siad nach bhfuil meas á léiriú ar an cheol agus, chomh maith, bíonn sé doiligh na ceoltóirí a íoc. Mar sin, tá réimse fadhbanna ann a chruthaítear nuair nach bhfreastalaíonn daoine ar na coirmeacha.
Mheas daoine gur smaoineamh amaideach a bhí ann féile phíobaireachta a reáchtáil. Glacann Brian leis go bhfuil fadhbanna dá chuid féin ag an phíobaireacht.
Tá tú ag magadh, a Bhriain, arsa daoine liom. Dhá uair an chloig de phíobaireacht aonair? An bhfuil tú dáiríre? Ansin bhí siad buartha go mbeadh ceol na bpíob mór á sheinm taobh istigh de halla measartha beag agus ní amuigh i bpáirc faoin tuath!
Ach admhaíonn Brian go raibh fadhb ó thaobh íomhá de ag na píobaí. Damharc daoine ar na píopaí Albanacha mar cheol na mbannaí sráide nach raibh aon bhaint aige le ceol traidisiúnta.
Fuair mé amach nuair a chuaigh mé go hAlbain go raibh an dearcadh céanna ag na hAlbanaigh, fiú i measc na bpíobairí iad féin, nár aithin siad go raibh nasc idir ceol na bpíobaí Albanacha agus an ceol traidisiúnta, ar sé. Ní fhaca siad iad féin mar oirfidigh fiú, ach mar bhuíon a raibh an ghné mhíleata, an éide agus an mháirseáil chun tosaigh inti.
Ach bhí daoine eile in Albain a daithin gur uirlis aonair a bhí sna píobaí roimh thús áite bheith tugtha don ghné mhíleata, gur uirlis í a sheinntí ag damhsaí agus gur ghnáthuirlis a bhí inti.
Ó thaobh na bpíobaí uilleann de, measann Brian go raibh cineál deisiacht agus inbhreathnú ag baint leis an uirlis. Bhí gus sna ceoltóirí mar go raibh siad ag seinm na huirlise fíorthábhachtaí seo. Sílim go ndearna ceoltóirí airithe dearmad nach raibh ann ach uirlis cheoil agus go raibh cuid mhór ag brath ar an scil lenar sheinn tú é! Bhí an dearcadh ann gur rud naofa a bhí sna píobaí, ar sé.
Mar sin, bhí na fadhbanna seo uilig ann agus muid ag ullmhú don fhéile phíobaireachta, ach ba é rud a fuair na daoine a chuir an stró orthu féin dul chuig an chéad fhéile amach, ná go raibh sé corraitheach, ilghnéitheach, agus spraíúil. Dfhoghlaim siad go raibh píobaí de gach cineál in achan áit ar domhan agus go raibh ceolta corraitheacha éagsúla á ndéanamh le leaganacha éagsúla den uirlis.
Chuir siad aithne fosta ar na carachtair iontacha a bhuaileann ar an uirlis agus is dócha gur sin a rud a spréigh clú na féile ar fud na tíre focal béil.
Ceol na hAlban
Ma tá suim Vallely sáite i gceol na hÉireann, is mó an dúil atá sé ag cur i gceol na hAlban, ainneoin go gcreideann sé go raibh na hAlbanaigh mall ag toiseacht. Deir sé nuair a bhí sé ina mhac léinn ealaíne nach raibh nóta ceoil de chineál ar bith le cluinstin i nDún Éideann, áit a raibh sé ag staidéar.
An rud ba mhó a tharla ansin, tharla sé i 1961 nuair a cheol na *Clancy Brothers *san áit, le linn Fhéile Dhún Éideann na bliana sin, ar sé.
Nuair a phill sé ar phríomhchathair na hAlban, bhí cuid mhór ceoil ann ach ceol Éireannach a bhí á sheinm ag Albanaigh. Measann sé gur roghnaigh Albanaigh óga an ceol Éireannach mar aistroid in éadan íomhá na hAlban the White Heather Club, Moira Anderson, fillte beaga agus mar sin de.
Chaill na hAlbanaigh dáimh leis an chultúr traidisiúnta a bhí, mar a déarfaidh Allan MacDonald leat, sáite sa chultúr Gaelach a caitheadh in áit na leathphingine ar feadh na gcianta, arsa Brian.
Sa lá atá inniu ann, tá buíonta ar nós The Peatbog Faeries *agus *Shooglenifty *ag meascadh an cheoil thraidisiúnta seo le rac-cheol, *reggae, snagcheol agus fiche stíl eile. Tá cuid acu ag dul thar fóir, áfach, measann Vallely. Luann sé Mark Saul, píobaire as an Astráil a bhuaileann ar techno-pipes, píobaí leictreonacha, a chonaic Brian i nGlaschú. Ócáid thar a bheith dodhearmadta a thug sé air.
Tá muintir na Gailíse ag dul an bealach céanna, ar sé. Chonaic mé Manuel Budino agus bhí sé sin go hainnis fosta, ar sé. Bhí an clár iomlán réamhthaifeadta agus nuair a tháinig siad ar an ardán, chuir siad na ríomhairí glúine ar siúl agus bhí an phíobaireacht measartha lag, fiú.
Ach sin ráite, tá lucht seinnte na techno-pipes sa Ghailís ag díol na milliúin dlúthdhiosca - Jose Angel Hevia ó Asturias, dhíol a dhlúthdhiosca deireanach milliún go leith cóip agus tá tionchar aige sin ar Éirinn. Leis an airgead atá sé a shaothrú, thóg Hevia monarcha i Maidrid atá ag déanamh píobaí uilleann. Ar an dóigh sin, tá sé ag cur a chuid airgid ar ais sa cheird, agus caithfidh tú é a mholadh as, arsa Brian.
Deir sé go ndeachaigh na hÉireannaigh fríd a mhacasamhail de phróiseas blianta ó shin, nuair a chaith muid chuile rud isteach sa cheol traidisiúnta agus go dtáinig muid fríd. Caithfidh muid bheith foighdeach le daoine eile mar sin, ar sé agus aoibh an gháire air.
Leoga, deir sé gur fearr leis dul go hOileáin na hAlban ná go Sráid na Cathrach (áit a mbíonn Féile Willy Clancy ar siúl) na leatha seo. Tá rudaí iontacha ag titim amach in Albain agus bíonn malartú idir iad féin agus féile in Oileán Sgiathanach - tagann amhránaithe Gàidhlig agus ceoltóirí Albanacha go hÉirinn agus téann na hÉireannaigh chun an oileáin.
An ealaín
Má tá clú forleathan ar JB Vallely mar cheoltóir is mo an aird atá air mar ealaíontóir. Dá gcaithfeadh sé rogha a dhéanamh, an rachadh sé leis an ealaín nó leis an cheol?
Is í an ealaín mo cheird, is í an ealaín a chuireann bia ar an tábla ach caithim méid dochreidte ama i mbun ceoil, ainneoin go bhfuil sé in ainm is a bheith ina chaitheamh aimsire agam, ar sé.
Is cuimhin leis go raibh dúil aige sa tarraingt agus go raibh nóisean doiléir aige gur mhaith leis bheith ina phéintéir, agus is cuimhin leis na pictiúir a tharraing a athair ar an chlár dubh sa bhunscoil inar theagasc sé é.
Ní raibh saol iontach rathúil agam ar an mheánscoil ach fuair mathair (múinteoirí a bhí sa bheirt tuismitheoirí) áit dom sa choláiste áitiúil agus chuaigh mé chuig ranganna ealaíne le fear darbh ainm Peter McGirr. Agus le cuidiú agus le spreagadh Peter, déirigh liom áit a fháil san Edinburgh College of Art.
Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?
*The Yellow on the Broom *le Betsy White, fá lucht siúil na nAlban.
Cén ceol is fearr leat?
An ceol traidisiúnta.
Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?
Ní cuimhin liom. Ní fheicim an oiread sin scannán.
Cá dtéann tú ar saoire?
Na hOileáin agus Garbhchríocha na hAlban.
Cá mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?
Dhá uair.
Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?
Mathair.
Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?
Ceist dheacair, ach mathair arís. Ach, tá mé á fhoghlaim sin níos mó de réir mar a théim in aois. Tá mé féin ag déanamh rudaí a rinne seisean nuair a bhí sé óg. Bhunaigh sé Feis Mhór Ard Mhacha, mar shampla.
Cén rud is mó a chuireann isteach ort?
An rud is mó a chuireann isteach orm inniu ná an dóigh a nglacann daoine le hanailís ghnásúil ar chúrsaí reatha. Ní ghlacaimse leis.
Cad iad na huaireanta a oibronn tú gach seachtain?
Braitheann sé cuid mhór ar rudaí éagsúla: spriocamanna do thaispeántais, nó eagrú rásaí bóthair nó na Féile Píobaireachta.
Cad é an rud a chuireann strus ort?
Líonadh isteach foirmeacha le haghaidh deontas ó eagraíochtaí stáit.
An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach agat?
Bím ag smaoineamh orm féin mar dhuine a bhfuil an t-ádh dearg air.
Cén tslí ar mhaith leat go gcuimhneofaí ort?
Mar dhuine a ndéarfadh daoine faoi gur bulaí fir a bhí ann.
Seinnim ceol mar is mian liom é a dhéanamh. Leis an ealaín, bhí dáimh de chineál éigin agam leis. Chuaigh mé chuig coláiste ealaíne agus dfhanainn i ndiaidh na ranganna. Ní raibh go leor uaireanta sa lá. Níor mhian liom dul chun an bhaile istoíche. Níor mhian rud ar bith eile a dhéanamh ach pictiúir a phéinteáil nó a tharraingt. Béigean dom á dhéanamh.
Tá clú ar Bhrian go háirithe as na pictiúir de cheoltóirí traidisiúnta a phéinteálann sé. Deir sé go n-aithníonn sé an tábhacht atá le ceoltóirí, róthábhacht, bfhéidir. Smaoiníonn sé go minic ar shaol na gceoltóirí traidisiúnta, go hairithe na ceoltóirí taistil.
Rinne sé féin na pictiúir agus chum an file Beal Feisteach Gearóid Mac Lochlainn na dánta sa leabhar Rakish Paddys Blues, leabhar a cuireadh le chéile in ómós do na ceoltóirí taistil, Johnny Doran go háirithe.
Creidim gur laochra iad, ar sé. Sheinn siad ceol dochreidte ach bhí cruatan agus anró ina saol.
Tá an fhearg le sonrú i ngnúis Bhriain nuair a labhraíonn sé ar an drochíde a tugadh don lucht siúil agus dá gcultúr.
Sa leabhar Rakish Paddy Blues, scríobh sé: *It is difficult to sustain any semblance of academic detachment when facing the cultural genocide of that entire travelling musician community that got underway with the formation of the Irish Free State.” *
Agus tá taithí phearsanta ag Brian ar an dímheas a caitheadh ar chaomhnóirí chultúr saibhir ceoil na hÉireann.
Bhí sé ag fleá mhór éigin ó dheas agus chuaigh sé isteach i dtábhairne a raibh ceoltóirí óga faiseanta ann. (Leis an déistin a bhraith sé a chur in iúl, deir Brian Bhí giotár féin ag duine acu!") I ndiaidh tamaill, tháinig seancheoltóir a raibh seanéadaí air isteach duine den lucht siúil agus thosaigh a sheinm ceoil, an ceol ab fhearr dár chuala Brian riamh. Nuair a bhí an ceol thart, chuaigh an seanduine thart ag iarraidh airgid ar an scaifte. “Imigh leat” nó a mhacasamhail a dúirt an chuid ba mheasúla den lucht éisteachta, agus dimigh an seanduine. Phill na trendies ansin ar leagan sacu féin den cheol traidisiúnta. Níor thuig na créatúir an saibhreas a raibh siad i ndiaidh bata agus bóthar a thabhairt dó. B’amhlaidh é ag móruaisle na tíre:
*”... the civil and clerical barbarians still stand indicted for driving those musicians out of Ireland by denying their age old rights to travel the roads of Ireland bringing music to the people of Ireland as they and their forefathers had done for centuries,” *a scríobh Briain.
Ar chúiseanna pearsanta fosta, tá Brian míshásta le cuid de mhóruaisle an deiscirt, na criticeoirí ealaíne.
Dúirt sé le Brian McAvera san *Irish Arts Review *gur duine soineanta a bhí ann suas go dtí na 1970í luatha, nár fhulaing mórán stró ag dul isteach i saol na healaíne. Mhair sin go dtí go ndearna criticeoirí Bhaile Átha Cliath ionsaithe fíochmhara air.
Glac mé é go han-phearsanta, a deir sé. Is cuma cad é chomh láidir is atá dfhéinmhuinín, is féidir le daoine tú a ghortú. Dimir na hionsaithe sin tionchar iontach trom orm. Chaill mé mo shoineantacht uilig agus muinín in achan duine ach ionam féin.
Ní dhearna mé dochar ar bith dóibh ach rinne siadsan iarracht dochar a dhéanamh domsa agus mo shlí bheatha a chur i mbaol. Chuaigh criticeoir amháin chuig tithe bailitheoirí a cheannaigh mo phictiúir agus dinis dóibh go ndearna siad meancóg mhór!
Na Trioblóidí
Lena stair phearsanta féin, is iontach nach bhfuil níos mo pictiúr péinteáilte aige a bhaineann leis an Trioblóidí ó thuaidh.
Deir sé go raibh sé involved focal a bhfuil ciall áirithe leis in Éirinn ag am amháin ach nár mhair sin i bhfad.
Bhí mé i gcónaí ar thaobh an underdog, níor ghlac mé leis na tuairimí gnásúla gur cheart cogadh a chur ar an Iaráic, mar shampla, ar sé.
Tchí tú an t-am ar fad é an dóigh a nglacann na meáin chumarsáide le cibé eolas a thugann na cumhachtaí móra dóibh. Is cuimhin liom iriseoir amháin, fear a chaith sealanna i Vítneam, dúirt sé nuair a chonaic sé an dóigh ar iompar iriseoirí embedded iad féin le linn Chogadh na Murascaille in 2003 gur shíl sé go raibh deireadh lena cheird, gur díoladh amach gach prionsabal ar sheas seisean ar a shon. Agus tchí tú sin an t-am ar fad. Amharc mar a láimhsigh na nuachtáin Shasanacha scéal Jean Charles de Menezes. Dinis na péas bréaga agus spréigh na meáin na bréaga sin, ag rá gur léim an fear óg thar an bhacainn.
Deir Brian gur cuimhin leis eachtraí den chineál céanna a tharla ina cheantar féin in Ard Mhacha, ach nach ligeann sé don chiníochas teacht isteach ina smaointe.
Tá sé amuigh ar na hÉireannaigh go bhfuil fuath acu ar Shasanaigh ach níor casadh orm saighdiúir de chuid na Breataine nó gnáth-Shasanach a raibh fadhb ar bith agam leis nó léi. Agus Seisear Birmingham agus Ceathrar Guildford, bheadh siadsan i bpríosún go fóill ach go bé na Sasanaigh a chuidigh leo.
Tá meas as cuimse aige ar an dlíodóir Gareth Pierce.
Sin bean a bhfuil fuath don éagóir ag dó inti, ar sé. Nuair a chuireann tú í i gcomparáid leis an aos dlí ó dheas atá ag déanamh na múrtha airgid as na binsí fiosrúcháin, is léir gur bean as an ghnáth í.
Is féidir a rá gur fear é Brian Vallely a bhfuil tuairimí láidre aige, fear a shantaíonn an chuid is fearr, bíodh sin i gcúrsaí ceoil, cúrsaí lúthchleasaíochta, i gcúrsaí ealaíne, nó sa chaidreamh idir daoine.
Tá mionsonraí faoin William Kennedy Piping Festival, a bheas ar siúl idir 14-20 Samhain i mbliana, le fail ag www.wkpf.org
Is iriseoir leis an *Irish *News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.