Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: buama i dtraein faoi thalamh.
Bhí Siobhán ar a bealach isteach chuig a cuid oibre mar ba ghnách. Bhí an *tube *dubh le daoine agus bhí teas marbhánta ann. Bhí a ceirteach bogthais leis seo agus ní raibh dfhaoiseamh ann ach nach raibh ach dhá stad eile le dhul aici. Leis an am a chur thart, bhí sí ag méaradradh ar an leabhar a bhí léi ach ní thiocfadh léi a súile a choinneáil air. Ní raibh suíochán amháin féin saor sa charráiste seo. Bhí daoine ina seasamh agus a n-aird ar rud ar bith ach na daoine a bhí ina seasamh gualainn ar ghualainn leo ná ina suí fúthu. Bhí cuid mhaith acu a raibh an dá shúil druidte acu agus tuilleadh a raibh cluasáin orthu agus monamar beag íseal uathu a bhí ag dul le cibé cineál ceoil a raibh siad ag éisteacht leis.
Bhí boladh bréan milis díbholaígh san aer nach raibh ag cumhdach an bholaidh allais a thiocfaí a mhothachtáil. Bhí Siobhán ar gor le fáil amach ar an tsráid agus ar shiúl ón taisleach mhaslach seo, nó cibé cinéal carráiste é seo, bhí cuma air gur thaisc sé an teas.
Déirigh sí ina seasamh chomh maith chun tosaigh ar a stad nó má dfhág tú rófhada é bhí obair agat fáil a fhad leis an doras sular druideadh é. Bhí sí leath bealaigh i dtreo an dorais nuair a chuala siad é. Bhí ciúnas ann cúpla soicind fada. Dimigh an solas agus ní fheicfeá do ghaosán romhat. Thoisigh mná a chaoineadh, agus bhrúigh achan duine chun tosaigh mar a bheadh ainmhí amháin ann. Bhí sé doiligh do bhealach a dhéanamh amach sa dorchadas agus bhain ráillí an iarnróid tuisle as go leor.
Choinnigh na daoine orthu ag treabhadh chun tosaigh gur chuala siad guthanna ag búirthí: An bealach seo! An bealach seo! Bhí cinéal inteacht solais le feiceáil rompu agus chuaigh siad uilig ina threo mar bheadh siad ar slabhrú aige. Ba sin nuair a chonaic siad na carráistí a bhí i ndeas don bhuama. Bhí maor á stiúradh chun tosaigh agus é ag iarraidh orthu gan amharc ar dheis ach tá an duine fiosrach agus níl neart aige air.
Bhí ár millteanach déanta agus bhí daoine caite thart mar a bheadh babógaí briste ann. Bhí cuid acu a raibh an saol fágtha acu, tuilleadh as a gcéill le pian, daoine eile a bhí balbh leis an eagla, agus tuilleadh arís a bhí ag siortadh thart fríd chonamar an charráiste ag iarraidh teacht i bhfóir ar dhaoine nach raibh tarrtháil le déanamh orthu.
Ní thug Siobhán faoi deara go dtí an pointe sin go raibh sí féin agus a raibh thart uirthi ag putharnaigh agus ag casachtaigh. Bhí an toit ag cur orthu agus bhí a mbunús ag iarraidh ciarsúr nó bratóg de chineál inteacht a choinneáil lena mbéal. Baineadh tuisle as bean a bhí roimpi agus stad fear agus chuir sé a ghualainn faoina hascaill, agus dúirt agus piachán ann: Cuir do mheáchan ormsa anois, tá muid chóir a bheith ansin. Dobair nach deachaigh Siobhán thar a béal cúpla uair í féin ach, cibé mar a rinne sí é, choinnigh sí na cosa fúithi agus threabh sí léi.
Sa deireadh, bhí solas an lae le feiceáil os cionn fosclaidh sa tollán agus rinne siad air ina nduine agus ina nduine. Nuair a fuair siad aníos os cionn talaimh, bhí slóite rompu idir dhaoine a bhí loite, daoine nach raibh cuma orthu go raibh a fhios acu cá raibh siad agus lucht leighis agus tarrthála. Bhí sé mar a bheadh deireadh an tsaoil ann. Ní raibh ó Shiobhán ach suaimhneas, ciúnas agus a bheith léi féin, ach ní raibh cuma ar bith air go raibh an slua ag scáineadh. Bhí trup inteacht eile ag iomaíocht leis an challán uilig a bhí thart uirthi agus thuig sí sa deireadh gur a guthán póca féin a bhí ann. Bhain sí amach as a mála é agus damharc air. A fear céile a bhí ann.
Tá mé i gceart, ar sise leis agus bhris an caoineadh uirthi ansin ar chosán os cionn tolláin i Londain.
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.