Chaith Máire Ní Chuagáin dhá mhí ag obair go deonach i dteach cónaithe do pháistí i nGána i Márta agus Aibreáin 2005. Miníonn sí anseo cén fáth a ndeachaigh an tír i bhfeidhm go mór uirthi.
Is deacair, i ndáiríre, scríobh faoi Ghána. Tá sí chomh hálainn sin agus tá an méid sin rún ag baint léi, agus ní fhaca mise ach cuid bheag di. Tháinig tús le mo thréimhse ansin in aerfort idirnáisiúnta Kotoka in Accra ag meán oíche agus an teocht 32 céim celsius taobh amuigh. Cheap mé go mbeadh *revelation *mór millteach agam agus mé ag tuirlingt ón eitleán, damhsóirí agus ceoltóirí ag ceiliúradh an Afraic bheith sroichte agam faoi dheireadh. Ach ní raibh ann ach an teas agus an t-allas.
Dá mbeadh deich bpéire súl agam na chéad chúpla lá sin, ní bheinn in ann gach rud nua a thógáil isteach. Bhí an Afraic ní ba dhifriúla agus níb íontaí ná tada a bhí i mo bhrionglóidí roimhe sin.
Tá Gána suite ar chósta thiar na hAfraice, idir Tóga, an Cósta Eabhair agus Burkina Faso. Bhíodh sí mar choilíneacht de chuid na Portaingéile, na hÍsiltíre agus na Ríochta Aontaithe go dtí gur bhain sí neamhspleáchas amach i 1957 an chéad tír Afracach a rinne a leithéid. Tá daonra de 18 milliún aici faoi láthair, agus daonlathas breá sláintiúil sa tír; tá cúrsaí sách socair ansin, go háirithe i gcomparáid leis na tíortha thart timpeall uirthi.
I gcomparáid le tíortha eile san Afraic, níl Gána chomh bocht sin. Ní fhaca mé féin aon slumaí ansin, mar shampla, agus níl an galar SEIF chomh forleathan is atá sé i dtíortha eile (2% den daonra atá buailte aige). Ach fós féin, tá sí bocht. Tá páistí a oibríonn ar na sráideanna ag díol uisce nó torthaí in áit bheith ar scoil; bheadh téacsleabhar amháin go minic idir 30 páiste scoile; tá na mílte bean agus fear a chaitheann a gcuid laethanta suite ag stainnín ar thaobh an bhóthair gan tada á dhíol acu; agus tá daoine ann nach bhfuil teacht ar churám sláinte acu.
In áiteanna áirithe sa tír, caithfidh daoine deich gciliméadar a shiúl chun teacht ar uisce glan.
Ach tá atmaisféar sona, éadromchroíoch sa tír. Chuir sé gliondar ar mo chroí agus iontas orm gach lá chomh sona is a bhí na daoine. Bhíodh meangadh mór gáire orthu i gcónaí, ní bhíodh siad riamh ag gearán, agus bhíodh siad i gcónaí ag iarraidh bheith ag caint leis an oboruni (an duine geal). Mhothaigh mé mar chineál réalta in amanna, sluaite móra daoine ag stánadh orm, ag béicíl agus ag croitheadh lámh orm. Ní féidir leat ach gáire nuair a ritheann 50 páiste ón mbaile áitiúil i do threo ag béicíl *Oboruni Mary, how are you?, *nó nuair a phléascann leanaí óga amach ag caoineadh toisc gur tusa an chéad duine geal atá feicthe acu riamh.
Tá an cultúr pobail an-láidir i nGána. Roinneann daoine gach rud ní raibh orm a rá leis na páistí fiú uair amháin rudaí a roinnt lena chéile. Bíonn am ag daoine dá chéile, rud a mhothaím atá caillte againn san Iarthar. Dá dtarlódh rud ar bith duit, bheadh slua de 50 thart timpeall ort taobh istigh de nóiméad ag iarraidh cabhrú leat. Bhíodh lucht féachana againn aon uair a bhíodh tacsaí á fháil againn le cinntiú go raibh an táille cheart á gearradh orainn!
Teach do pháistí
Bhí an tionscadal ina raibh mé lonnaithe suite i mbaile beag darb ainm Denase, gar do Kumasi. Tá 46 páiste, idir dhá bhliain agus cúig bliana déag daois, ina gcónaí ann go lánaimseartha. Tá cineálacha éagsúla cúlra acu ar fad; tá roinnt acu gan tuismitheoirí, roinnt acu a bhfuil tuismitheoir amháin acu, roinnt a bhfuil teaghlach iomlán acu nach bhfuil in ann iad a chothú, agus roinnt a bhí tar éis seal a chaitheamh ag maireachtáil ar na sráideanna.
In ainneoin na bhfadhbanna a bhí acu ar fad, ba pháistí áille sona iad, agus bhí barróg acu i gcónaí do gach duine. Chaith siad na chéad chúpla lá ag déanamh tréaniarrachta mo bhricíni a chuimilt uaim! Dá mbeinnse amuigh i Kumasi don lá, dhéanfadh siad ionsaí orm ar theacht abhaile dom. Lá amháin leag siad go talamh mé mar go raibh siad chomh sásta sin mé a fheiscint!
Tá na páistí ar fad ag freastal ar an mbunscoil áitiúil. Is minic a thug mé cuairt ar an scoil agus an múinteoir ina codladh i gcúl an tseomra ranga. Bíonn fonn an-mhór foghlamtha ar na páistí tuigeann siad chomh tábhachtach is atá an t-oideachas. Faraor, ní fhaigheann na múinteoirí pá maith agus ní bhíonn áiseanna cearta múinteoireachta acu. Foghlaimíonn na páistí gach rud de ghlanmheabhair agus, muna mbíonn sé i gceart acu, buailtear le bata iad.
Rud amháin a sheasann amach go tréan i mintinn faoin saol i nGána ná an trácht. Téann tro-tros *(cineál tacsaithe mionbhus) ó cheann ceann na tíre. Bíonn idir deichniúr agus 20 duine i ngach *tro-tro *(seans go mbeadh duine nó beirt ina suí ort), agus ba mhinic a bhí mé suite in aice le mála siopadóireachta lán le cearca beo! Cuirtear na gabhair sa chúl nó ar an díon. Ba mhinic a phléasc bonn nó dhó le linn mo thurais, agus lá amháin thit an doras den *tro-tro. Lena chois sin, ní fhaca mé mórán scáthán, soilse treo ná luasmhéadar i tro-tro *(nó tacsaí) ar bith úsáideann siad an bonnán in áit na rudaí sin ar fad. Bhí an méid sin *potholes ar na bóithre (níos mó ná mar atá in Éirinn fiú!) nach raibh mé i gcónaí go hiomlán cinnte cén taobh ar a dtiomáineann siad! Anois tuigfidh sibh cén fath nach ndéanfaidh mé dearmad ar an trácht Gánach go ró-sciobtha!
Is tír dhraíochtúil é Gána. Ní féidir leat gan bheith tógtha lena háilleacht agus le cairdiúlacht na ndaoine. Bhí gach lá i nGána lán ceachtanna agus cuimhní, agus is cinnte go bhfuil tuilleadh fós le foghlaim agam uaithi mar thír.
Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin. Bhain sí céim amach sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide in 2002 agus chaith sí dhá bhliain ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ina dhiaidh sin.