CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Faillí á déanamh i gcúrsaí sláinte i nDún na nGall

Táthar ag caitheamh go dona le muintir Dhún na nGall maidir le seirbhísí sláinte agus tá an chuma ar an scéal nach bhfuil polaiteoirí an chontae sásta an fód a sheasamh dóibh.

Íomhá
An tAire Sláinte agus Páistí, Mary Harney TD
Íomhá
Ospidéal Leitir Ceanainn

Cén fáth gurb é Dún na nGall an áit dheireanach in Éirinn a fhaigheann aon seirbhís Stáit a bhíonn le fáil gan stró sa chuid eile den tír? Is dócha go dtiocfaí a rá go bhfuil an mana fógraíochta atá ag baint le feachtas turasóireachta an chontae fíor ar go leor bealaí, is é sin “Up here we’re different”.

Tá na bóithre is measa sa tír le fáil sa chontae. Tá an ráta dífhostaíochta is airde sa tír ann. Is beag áit sa chontae a bhfuil seirbhís leathanbhanda ar fáil. Agus bíonn ar na mná a bhfuil ailse chíche orthu rogha a dhéanamh idir maisteachtóime a fháil nó a bheith ag taisteal cúig huaire an chloig go Baile Átha Cliath le cóir leighis a fháil. Tá sé dochreidte go bhfuil a leithéid ag tarlú.

Má ghlactar leis an mholadh deireanach a rinne an tAire Sláinte Mary Harney (agus níl amhras faoi ach gur duine í atá dáiríre faoina cuid oibre agus a bhfuil coinsias aici) beidh orthu siúd i nDún na nGall a bhfuil ailse orthu taisteal go Béal Feirste le cóir leighis a fháil. Nó b’fheidir go mbeidh! Níl aon socrú nó plé déanta le hospidéal ar bith i mBéal Feirste faoi seo ach tá seans maith go dtarlóidh sé – i gceann dhá bhliain nó níos mó. Fhad is a thógfaidh sé an socrú seo a réiteach, beidh ar mhná Dhún na nGall an turas fada go Baile Cliath a dhéanamh nó caithfidh siad cinneadh a dhéanamh obráid a bheith acu.

Níl ar mhná i gcontaetha eile an cinneadh céanna seo a dhéanamh mar go bhfuil agus go mbeidh seirbhís ar fáil gar go maith dóibh. Ach ní hamhlaidh atá cúrsaí i nDún na nGall.

An é go bhfuil polaiteoirí an chontae róshibhialta le raic a thógáil? An é nach mbuaileann siad an bord minic go leor i mBaile Átha Cliath? Tá fáth éigin ann go bhfuil faillí á déanamh sa chontae agus caithfear díriú air seo luath nó mall.

Níor cheart do mhuintir Dhún na nGall bheith sásta fanacht ina saoránaithe den dara grád níos mó. Cén fáth nach gcuirtear réiteach simplí i bhfeidhm thar tréimhse deich mbliana? D’fhéadfaí, mar shampla, Ospidéal Dhoire agus Leitir Ceanainn a chur ag comhoibriú lena chéile sa dóigh is go mbeadh gach seirbhís ar fáil ar ardchaighdeán eatarthu, go mbeadh ionaid ardfheabhais i ngach réimse ar fáil i gceann amháin nó i gceann eile de na hospidéil. Is cinnte go mbeadh muintir an iarthuaiscirt thar a bheith sásta dá dtarlódh a leithéid. Bheadh comhoibriú trasteorann ann go fírinneach agus tá an dá áit chomh gar sin dá chéile nach mbeadh fadhb taistil ag duine ar bith.

Seans, áfach, go bhfuil an moladh seo róshimplí do lucht pleanála i gcúrsaí leighis sa tír seo!

Nuair a thagann drochshláinte ar dhuine, bíonn sé ar cheann de na rudaí is tromchúisí a d’fhéadfadh tarlú ina shaol. Seachas faillí a dhéanamh sa duine atá breoite, tá sé de dhualgas ar an Stát a chinntiú go gcuirtear an cúram is fearr ar fáil dó. Is cinnte nach bhfuil sé seo ag tarlú i gcás cuid othar Dhún na nGall faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.