Tá an nuachtán Lá, a fhoilsítear i mBéal Feirste, ag teacht amach go laethúil ó bhí deireadh na míosa seo caite ann agus tá moladh mór tuillte ag lucht a fhoilsithe.
»»»Is clár é “Barrscéalta” ar Raidió na Gaeltachta a thugann guth do na gnáthdhaoine in iarthuaisceart Thír Chonaill. Labhair Colm Ó Dúlacháin le láithreoir an chláir, Áine Ní Churráin.
»»»Tá cur síos i mbeathaisnéis ón naoú haois déag, atá díreach foilsithe, ar an chruatan a d’fhulaing na hÉireannaigh a thrasnaigh an tAigéan Atlantach chun teitheadh ón Ghorta Mór. Tá an leabhar léite ag Tom Deignan.
»»»Is dealbhóir é Séigheann Ó Draoi atá ag cur faoi i nGaoth Dobhair agus a úsáideann an stair, an fhinscéalaíocht agus na logainmneacha mar inspioráid. Labhair Ciara Nic Gabhann leis le gairid.
»»»Bhí go leor de phobal na Spáinne i gcoinne an chogaidh san Iaráic ach níor mhaolaigh sin ar thacaíocht an Phríomh-Aire Aznar d’ionradh na Breataine agus na Stát Aontaithe. Tuairisc ó Carmen Rodríguez.
»»»Rugadh Salvatore Fichera sa Róimh agus is de sliocht Sicileach é. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoin dúshlán a bhaineann le bheith ag foghlaim na Gaeilge.
»»»Cúpla bliain ó shin rinneadh athstruchtúrú ar fhéile an Oireachtais. Socraíodh go leanfaí ar aghaidh leis an bhféile a bhíonn ar siúl i mí na Samhna agus go mbunófaí féile nua darb ainm Féile Bhealtaine ina teannta. Ach ar éirigh leis an bplean seo? Chuaigh Antaine Ó Faracháin chun cainte le Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir na féile, ina oifig ar Shráid Fhearchair le fáil amach.
»»»Léiríonn cliseadh trí chomhlacht mhóra san Astráil gur beag tuiscint a bhí ag an dream a bhí ina mbun ar chúrsaí eitice, dar le Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá sleachta eisiacha faighte ag Balor as dialann an Aire Easláinte, Micí Ó Máirtín.
»»»Tá cuid den teicneolaíocht a d’úsáid iriseoirí le linn an chogaidh san Iaráic á húsáid ag comhlachtaí tacsaí i mBaile Átha Cliath agus i roinnt de na gutháin nua shoghluaiste atá ag teacht ar an margadh le tamall anuas. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»Tá réimse leathan cumhachtaí tugtha don Choimisiún um Chearta Daonna ach, dar le Dónall Ó Maolfabhail, ní bheidh sé éifeachtach mura dtugtar na hacmhainní cuí dó.
»»»Bhuail Liz Curtis le roinnt de na feirmeoirí atá bainteach leis an fheirmeoireacht orgánach i gContae Liatroma le déanaí.
»»»Seo gearrscéal as an gcnuasasch An Fear nach nDéanann Gáire le Micheál Ó Conghaile, a fhoilseofar an mhí seo chugainn.
»»»Tá go leor poblachtánach den bharúil, a deir Robert McMillen, go bhfuil moilleadóireacht ar bun ag na haontachtaithe sa phróiseas síochána de bharr go bhfuil imní orthu faoin mhéid a éireoidh le Sinn Féin a bhaint amach go polaitiúil.
»»»Chuir dráma a chonaic sé le déanaí Colm Mac Séalaigh ag machnamh ar an dul chun cinn atá déanta i dtráchtaireacht spóirt na Gaeilge le roinnt blianta anuas.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: garraíodóireacht.
»»»Chaith Úna Nic Gabhann Lá Fhéile Pádraig i mbliana i mbaile i Meicsiceo ina ndéantar an fhéile sin a cheiliúradh agus bhí an ócáid ní ba bhríomhaire ná ceann ar bith a bheadh ar siúl in Éirinn, dar léi.
»»»Tá sé beagnach céad bliain ó cailleadh an scríbhneoir Éireannach Robert Noonan i Learpholl ach tá trácht go fóill air sa chathair sin, mar a mhíníonn Tony Birtill.
»»»Tá ceisteanna tromchúiseacha i bhfolach san aighneas tionsclaíoch sa Roinn Talmhaíochta, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.