AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Achainí an Aire Easláinte
Balor Balor Balor

sleachta eisiacha faighte ag Balor as dialann an Aire Easláinte, Micí Ó Máirtín.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

Tá “An tSúil Nimhe” aon alt is fiche d’aois an mhí seo! I gcomóradh ar an ócáid ar leith fuair Balor bronntanas ar leith. Ní hea! Ní bhfuair sé ardú tuarastail! Is ar éigean a fhaigheann sé tuarastal ar bith ón eagarthóir, Ó Doornail, gan trácht ar ardú. Ar scor ar bith, ní ar mhaithe le bheith ag sluaisteáil airgid a bhíonn Fear na Súile Nimhe ag sclábhaíocht do Beo Ar Éigean, ach ar mhaithe le caighdeán litríochta na liarlóige a choinneáil as an chamrachán. Rud i bhfad níos suntasaí, níos spéisiúla, níos spreagthaí go mór ná conamar airgid a fuair Laoch na Litríochta. Spléachadh ar dhialann an Aire Easláinte, Micí Ó Máirtín, a fuair sé, le caoinchead agus le dea-mhéin an Aire fhadaraíonaigh féin.

“Má thig le duine ar chéim níos airde ná mise dialann a sceitheadh le May Mac Ránais, ar mhaithe le féin-laochadhradh, thig liomsa cion ranna as mo dhialann féin a sceitheadh leatsa le go dtuigfidh daoine mo chás, a Bhalor, agus tú ar chéim litríochta i bhfad níos airde ná an beathaisnéisí bladrach sin,” a scríobh Micí agus é ag iarraidh Fear na Súile Nimhe a mhealladh le slíomadóireacht agus le cluanaireacht, amhail is go rachadh tláithínteacht den chineál sin i gcion ar thuairsceoir stuama. “Bealach ar bith!” a mhaíonn Balor. “Inseoidh mé an scéal díreach mar a thagann sé isteach i mo chrúb, gan cur leis ná baint de!” Seo daoibh anois sliocht as dialann dobhartha, doilbhir, duairc an Aire Chráite, Chraiceáilte, Chonfaigh:

(nóta ón eagarthóir: Feicfidh sibh leis na lúibíní thíos gurbh éigean dúinn cinsireacht a dhéanamh ar roinnt de na focail dána a tháinig chugainn díreach ón chrúb iomráiteach sin. Rinne muid amhlaidh ar mhaithe le roinnt léitheoirí a bhfuil a gcáiréis féin acu.)

Dáta: lá beag brónach Am: mall, mall, mall

Is tú an t-aon chara amháin atá fágtha agam ar domhan, a leabhairín. Is tú an t-aon chara nach dtréigfidh mé riamh, murab ionann is Bertie an (blíp). Bhí mé ag gabháil go maith sa Roinn Éadóchais, ag treabhadh liom; achan duine, chóir a bheith, sásta agam agus sásta liom, taobh amuigh de na (blípeanna) sin san ASTI nach mbeadh sásta le Flaitheas Dé féin - ceann scríbe atá i ndán dóibh go luath má bhíonn neart agamsa air. Rómhaith a bhí mé ag gabháil. I gcúiteamh ar jab maith a dhéanamh chuir an (blíp) sin de Thaoiseach baoiseach isteach sa Roinn Easláinte mé.

Tá a fhios agatsa, a leabhairín mo chroí, nach ndearna mise riamh ach mo dhícheall ar son mhuintir na tíre seo, ach ní leor sin dar le roinnt de na (blípeanna) sin a mbím ag plé leo anois sa (blíp-ing) Roinn seo. Bhí sé olc go leor nuair a a bhí na banaltraí ag troid liom, ach ansin thosaigh na (blíp-ing) fearaltraí ag baint na bputóg asam fosta. Shíl mé nach dtiocfadh leis an phost seo éirí níos deacra. Nach orm a bhí an dul amú.

Nach breá do Noel (blíp-ing) Ó Díomá a tháinig i gcomharbacht ar mo chomharba sa Roinn Éadóchais. Ní call dó sin ach drantú leis na ceardchumainn agus “Léimigí, a bhastairdí” a bhéiceadh leo. Agus cad é a deir an INTO ach “Cinnte, a Aire! Cén áit a léimfidh muid, a Aire?” Agus ní gá don Díomách pingin a chaitheamh riamh ar an ASTI nó diúltaíonn siad sin do gach rud a thairgtear dóibh. Bhain mise triail as an chleas chéanna leis na dochtúirí. “Déanaigí mar a deirim libh,” a dúirt mé leo. “Gabh agus (blíp) tú féin a dúirt siad liom!” Samhlaigh! Le hAire sinsearach rialtais!

Seo iad na *feckers *ar stailc agus mise sásta iad a fhágáil amuigh ar an tsráid ag scríobadh a dtóineacha, nuair a léim ar an *Sunday Dependent *go bhfuil fadhb acu sa tSín le rud a dtugann siad SARS air. Dar leis an *Dependent *go raibh seans ann go dtiocfadh an SARS seo go hÉirinn agus nach ár leas a dhéanfadh sé. Thug mé iarraidh a fháil amach cad é a bhí sa SARS seo ach ní raibh duine ar bith sásta a rá liom. B’éigean dom dul chun cainte leis na dóchtúirí a bhí ar stailc. “Is galar iontach tromchúiseach é,” a dúirt siad liom, “agus buaileann sé airí rialtais go háirithe. Seasann na litreacha do ‘Stupid Anal Retentive Syndrome’. Beidh ort scrúdú dochtúra a fháil le fáil amach an bhfuil sé ort féin, a Aire. Dála an scéil, tá cuma iontach meathánta ort.”

“Cuirigí scrúdú orm, in ainm Chroim!a d’impigh mé orthu.

“Ní thig linn, a Aire! Tá muid ar stailc!” a d’fhreagair na (blíp-ing blípeanna).

Tá mé iontach faiteach anois go bhfuil an galar damanta orm ach níl dochtúir ar bith sásta mé a scrúdú. Chuaigh mé síos chuig an Mater le scrúdú a fháil, ach dúirt siad liom nach raibh trucail ar bith fágtha san áit le luí air. Chuir siad masc thar mo bhéal agus dúirt liom teacht ar ais i gceann coicíse - dá mbeinn fós beo! Anois ní scaoilfidh siad mise ná mo mhasc isteach sa bheár i dTeach Laighean, ná isteach sa bhialann, ná fiú isteach sa jacks! Cad é a dhéanfaidh mé?

An cuma le duine ar bith? An bhfuil an (blíp) sin, Charlie McCreepy, sásta an t-airgead a thabhairt do na dochtúirí le hiad a mhealladh ar ais ag obair? Níl, ná baol air! Tá sé féin agus Bertie an (blíp-ing) bodach chomh folláin le breac i bpoll brandaí agus is cuma sa tsioc leis na (blíp-ing) clabhstair fúmsa bocht breoite. An dtuigeann duine ar bith mo chás, ach tusa, a leabhairín mo chroí? Maithfidh tú dom, a thaisce, a leabhairín, a stóirín, má roinnim an méid a scríobhaim anseo le Balor na Súile Nimhe. Eisean amháin as measc scríbhneoirí na tíre seo a bhfuil na léitheoirí aige a thuigfeadh mo chás agus a thiocfadh i gcabhair orm, b’fhéidir. Oíche mhaith, a chroí istigh. Beidh mé ag scríobh ionat arís amárach, má bhím fós beo!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.